Follow @PoliticsIE
 
 
 
Page 1 of 8 12345 ... LastLast
Results 1 to 10 of 79

Thread: An chéad toghchán uachtaránachta eile

  1. #1
    Politics.ie Member DeGaulle 2.0's Avatar
    Join Date
    Oct 2008
    Location
    Baile Átha Cliath
    Posts
    2,001
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default An chéad toghchán uachtaránachta eile

    Cé bheadh san iomaíocht sa chéad toghchán uachtaránachta eile?

    FF
    Bertie? - ceapaim nach roghnófar Bertie mar iarrthóir ó FF. Bhí air éirí as mar gheall ar an airgead ina chuntas agus tá caighdeán níos airde ag teastáil ó uachtarán.
    Brian Crowley? - fear deas ach cén fáth? Mar tá cathaoir rotha aige?
    Eamon ó Cuív? - iarrthóir láidir go leor.

    FG
    Gearóid MacGearailt? - an bhfuil sé róshean anois agus b'fhéidir nach mbeadh suim aige sa phost
    Alan Dukes? - b'fhéidir go mbainfidh sé tairbhe as an straitéis Tallaght faoi dheireadh. Tá Gaeilge maith aige freisin.
    Enda? - b'fhéidir go mbeadh athimirt Bertie v Enda ann. Bheadh an bua ag Enda an t-am seo, ceapaim
    John Bruton? - ba Thaoiseach maith é ach beidh áthas ar FF má roghnófar é (ach bheadh ó Cuív v Bruton suimiúil - fear an Chomhlathais v cara Prince Charles)

    Lucht Oibre
    Dick Spring? - gheobhadh sé vóta maith ach ní bhuafadh sé
    Michael D? - mar an gcéanna
    Pat Rabbitte? - tá an mhórchúis aige, ar aon nós

    Sinn Féin
    Gerry Adams? - má féidir leis an bpáirtí iarrthóir a ainmniú, gheobhadh Mac Adam vóta maith. Bheadh seans beag aige má tá iarrthóir lag ag FF.

    Na Glasaigh
    Patricia McKenna? - seans do na glasaigh fáil réidh léi?

    B'fhéidir go dtoghfar iarrthóir neodrach:
    Seamus Heaney?
    Bono?
    Séamus Mallon?
    Declan Ganley?

    Mo rogha féin: Alan Dukes (10-1 ag PaddyPower)
    Vive le Québec libre ! Ag beathú na dtochardán ón mbliain 2007.

  2. #2

    Default

    Is dóigh liom féin go mbeidh an iomarca dochair déanta do chlú Bertie faoin am a bheidh iarrthóirí á lorg ag FF (amhail is nach bhfuil go leor dochair déanta dó cheana!). Bheinnse sásta le hAlan Dukes, caithfidh mé a rá. Státaire ceart é siúd a dhéanfadh ionadaíocht an-mhaith ar son na tíre. Agus tá Gaeilge líofa aige!

  3. #3
    Politics.ie Member aodh_rua's Avatar
    Join Date
    May 2005
    Location
    Cill Dara
    Posts
    187
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    B'fhearr liom Alan Dukes a beith ann, ach measaim nach bhfuil aon suim aige. Beidh sé 66 mbliana d'aois i 2011 freisin.

  4. #4
    Politics.ie Member Darren Mac an Phríora's Avatar
    Join Date
    Aug 2006
    Location
    Baile Átha Cliath
    Posts
    2,697
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Beadh Richard Bruton ó Fhine Gael mar an fear is fearr don páirtí agus is dócha go bhfuil sé sásta i nDáil Éireann agus tá go leor blianta fágtha aige ansin. Beidh sé an-mhaith ar fad don todhchaí. Tá tréimhse a bheith mar Aire (agus bhféidir Taoiseach) de dhíth aige!!!

    Bhuail mé le Alan Dukes uair amháin ach níl mórán aithne agam air. Bhí mé ró-óg nuair a raibh sé mar an cheannaire de Fhine Gael. An mbeadh sé ró-dáiríre/ró-"heavyweight" chun a bheith ann???

    Is cuma liom faoi na páirtithe eile. Ní bheidh a lán daoine i bhFianna Fáil sásta le Eamo a bheith mar iarrthóir. Táim bréan den neamhinniúlacht ón bpáirtí sin.

    Mar is léir díobh ós rud é go bhfuil Gerry Adams ar an gComhairle-Airm den tIRA tá sé mar cuid den rialtas náisiúnta agus ós rud é bhfuil bhfuil sé mar Uachtarán den gluaiseacht sin chomh maith seans mhaith go bhfuil sé sásta den ról sin...

    'S an chéad céim eile ná na toghchán áitiúla agus Eorpach an bhliain seo chugainn agus tá seans láidir ann go mbeidh olltoghchán roimh 2011 chomh maith.
    Last edited by Darren Mac an Phríora; 9th June 2011 at 09:35 PM.

  5. #5

    Default

    Tá ráfla cloiste agam go bhfuil machnamh á dhéanamh ag an bhfear seo ar dhul san iomaíocht....




    Nárbh aoibhinn é ag taisteal thar sáile ar son na hÉireann

  6. #6
    Politics.ie Member DeGaulle 2.0's Avatar
    Join Date
    Oct 2008
    Location
    Baile Átha Cliath
    Posts
    2,001
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Quote Originally Posted by Evil Eco-Fascist View Post
    Tá ráfla cloiste agam go bhfuil machnamh á dhéanamh ag an bhfear seo ar dhul san iomaíocht....




    Nárbh aoibhinn é ag taisteal thar sáile ar son na hÉireann
    Ní raibh mé ábalta smaoineamh ar dhuine níos mí-oiriúnaí, ach tá sé ró-shean, buíochas le Dia. B'fhéidir go mbeadh suim ag Tom Parlon má tá gaimbín den scoth á lorg agat.
    Vive le Québec libre ! Ag beathú na dtochardán ón mbliain 2007.

  7. #7
    Politics.ie Member DeGaulle 2.0's Avatar
    Join Date
    Oct 2008
    Location
    Baile Átha Cliath
    Posts
    2,001
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Quote Originally Posted by Darren Mac an Phríora View Post
    Beadh Richard Bruton ó Fhine Gael mar an fear is fearr don páirtí agus is dócha go bhfuil sé sásta i nDáil Éireann agus tá go leor blianta fágtha aige ansin. Beidh sé an-mhaith ar fad don todhchaí. Tá tréimhse a bheith mar Aire (agus bhféidir Taoiseach) de dhíth aige!!!

    Bhuail mé le Alan Dukes uair amháin ach níl mórán aithne agam air. Bhí mé ró-óg nuair a raibh sé mar an cheannaire de Fhine Gael. An mbeadh sé ró-dáiríre/ró-"heavyweight" chun a bheith ann???

    Is cuma liom faoi na páirtithe eile. Ní bheidh a lán daoine i bhFianna Fáil sásta le Eamo bocht a bheith mar iarrthóir. Cuireann sé aiféaltas ar cuid mhaith nó seans mhaith formhór d'acu ar an dtalamh go háirithe ar an taobh Thoir den tír in aon chor. Tá súil agam go mbeidh iarrthóir mhaith nó réasúnta mhaith acu afách. Táim bréan den neamhinniúlacht ón bpáirtí sin.

    Mar is léir díobh ós rud é go bhfuil Gerry Adams ar an gComhairle-Airm den tIRA tá sé mar cuid den rialtas náisiúnta agus ós rud é bhfuil bhfuil sé mar Uachtarán den gluaiseacht sin chomh maith seans mhaith go bhfuil sé sásta den ról sin...

    'S an chéad céim eile ná na toghchán áitiúla agus Eorpach an bhliain seo chugainn agus tá seans láidir ann go mbeidh olltoghchán roimh 2011 chomh maith.

    Ní dóigh liom go mbeadh suim ag Richard Bruton bheith mar uachtarán. Aontaím leat go mbeadh sé níos fearr sa rialtas.

    Cheap mé go mbeadh suim ag Eamo i bpost a sheanathair. Agus beidh seans ag FF an fothoghchán a bhuachaint - an cháilíocht is mó atá aige. Ach má leannan rudaí ar aghaidh mar atá, ceapaim go mbeidh FF sásta toghchán a sheachaint agus duine neamhpholaitiúil a cheapadh mar uachtarán.
    Vive le Québec libre ! Ag beathú na dtochardán ón mbliain 2007.

  8. #8
    Politics.ie Member
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    6,168
    Mentioned
    0 Post(s)

    Wink

    Is beag cumhacht pholaitiúl ag an uachtarántacht, mar sin, tuige a bhfuil polaiteoiríní ag cur isteach air?

    Is oifig siombail é; duine thar polaitíocht atá uaim: duine nach polaiteoirín é a bhfuil dearcadh státaireachta aige.

    Tá Éire molta as a scríobhneoirí agus a ceol. Cad faoin oifig a thabhairt do cheolteoir? Bono? Geldof? ( tá céim urraim aige cheana ó na Sasanaigh ), Sinéad Ní Chonchubhair?

    Duine a scaoilfeadh amach an bobailín?

    Alan Titley? Cathal Ó Searcaigh? Gabriel Rosenstock?

  9. #9
    Politics.ie Newbie
    Join Date
    Dec 2008
    Posts
    3
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Quote Originally Posted by aodh_rua View Post
    B'fhearr liom Alan Dukes a beith ann, ach measaim nach bhfuil aon suim aige. Beidh sé 66 mbliana d'aois i 2011 freisin.
    Bheadh Alan Dukes ina uachtarán iontach. Tá sé óg go fóill, nach raibh DeValera 75/76 nuair a ghlac sé an ról céanna agus chaith sé dhá tréimhse sa phost ina dhiaidh sin.

  10. #10
    Politics.ie Member
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    6,168
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Quote Originally Posted by Idéalaí View Post
    nach raibh DeValera 75/76 nuair a ghlac sé an ról céanna agus chaith sé dhá tréimhse sa phost ina dhiaidh sin.
    Seadh? cruthú gur post gan strus gan straidhn é?

Page 1 of 8 12345 ... LastLast

Posting Permissions

  • You may not post new threads
  • You may not post replies
  • You may not post attachments
  • You may not edit your posts
  •