Follow @PoliticsIE
 
 
 
Results 1 to 1 of 1

Thread: "Beart de réir Briathair"- Tóstal na Gaeilge 2013

  1. #1
    Politics.ie Member Darren J. Prior's Avatar
    Join Date
    Oct 2008
    Location
    Caisleán Cnucha / Castleknock
    Posts
    9,232
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default "Beart de réir Briathair"- Tóstal na Gaeilge 2013

    “Beart de réir Briathair” an téama a bheidh ag Tóstal na Gaeilge 2013, a thionólfar i mBaile Átha Cliatha ar Dé Sathairn, 16 Feabhra 2013 ó 9:30am – 5pm.



    San óstán Hilton, Plás Charlemont, Baile Átha Cliath 2, a bhaileoidh pobal Gaeilge na tíre agus cairde na Gaeilge lena chéile ag Tóstal na Gaeilge chun plé a dhéanamh ar mhór nithe an lae i dtaobh na Gaeilge agus an tsochaí Gaelach.

    Tá clár cuimsitheach curtha le chéile ag lucht eagraithe an Tóstail, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, agus ar maidin pléifear beartais an Rialtais i leith na Gaeilge. Díreoidh dhá phainéal éagsúla ar na beartais is déanaí atá curtha chun cinn ag an Rialtas faoi Acht na Gaeltachta 2012.

    “Ag Tógáil Clainne Trí Ghaeilge” a bheidh mar theideal ar an gcéad seisiún plé, áit a bpléifear na deacrachtaí agus na dúshláin a bhaineann leis an seachadadh teanga ó ghlúin go glúin laistigh den teaghlach.

    Faoi chathaoirleacht an iriseora Gormfhlaith Ní Thuairisg de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheidh an seisiún sin, agus orthu siúd a bheidh ag roinnt a dtuairimí ar an lá beidh: Feargal Ó Cuilinn, Ceannasaí Comhluadar; Dr Briain Ó Curnáin, saineolaí ar chanúineolaíocht agus socheolaíocht na Gaeilge le hInstitiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath; Aoife Ní Shéagha, Léachtóir sa Phleanáil Teanga le OÉ, Gaillimh; agus Sorcha Ní Chéilleachair, Cathaoirleach Thuismitheoirí na Gaeltachta – Conamara.

    “An Ghaeltacht in 2013” a bheidh faoi chaibidil sa dara seisiún faoi chathaoirleacht Rónán Mhic Con Iomaire, Leascheannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta. Spreagfar neart plé faoin ábhar seo leis na haoichainteoirí: Seosamh Mac Donncha, OÉ Gaillimh, Stiofán Ó Cualáin, Údarás na Gaeltachta; Treasa Ní Mhainín, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta; mar aon le hionadaí ón Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta.

    Tar éis briseadh don lón reáchtálfar dhá sheisiún eile, áit a bpléifear “Tionchar Bheartais an Rialtais ar an nGaeilge” agus “Freagrachtaí na Stát i leith thodhchaí na teanga”. Beidh idir ionadaithe poiblí tofa agus ceannasaithe áisíneachtaí stáit i mbun díospóireachta, agus an plé sin faoi shúil ghéar Eimear Ní Chonaola, Nuacht TG4.

    Tá clár an Tóstail ar fáil anseo: Tóstal na Gaeilge 2013 - Clár Oifigiúil.pdf. Beidh tuilleadh sonraí agus plé ar fáil ar na meáin shóisialta faoin haischlib #Tnag13.

    €15 atá ar thicéad don Tóstal, agus cuirfear lón ar fáil. Is féidir ticéid a chur in áirithe trí theagmháil a dhéanamh le Máire Ní Phuirséil, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 01 6794780 nó maire@comhdhail.ie. Tá an tÓstán Hilton lonnaithe i lár chathair Bhaile Átha Cliath, le taobh stad Luas Plás Charlemont.

    Foilsithe ar Gaelport.

    Tóstal na Gaeilge 2013
    Last edited by Darren J. Prior; 24th May 2013 at 02:10 AM.

Posting Permissions

  • You may not post new threads
  • You may not post replies
  • You may not post attachments
  • You may not edit your posts
  •