Follow @PoliticsIE
 
 
 
Page 1 of 31 1234511 ... LastLast
Results 1 to 10 of 310

Thread: Todhchaí na meain Gaeilge

  1. #1

    Default Todhchaí na meain Gaeilge

    Ag féachaint siar ar theipeanna nuachtáin Gaeilge - Inniu, Anois, Lá Nua, agus an sampla is déanaí Gaelsceal, is oth liom a rá go raibh na hiarrachtaí ag snámh in aghaidh easa, toisc nach raibh siad (chomh maith le chuid maith foilseacháin Béarla, dar ndóigh) in ann maireachtaint ar bhunús brabúsach. Ach mar a deirtear ar 7 Lá aréir, sin dúshlán do tionscal ar fad, agus is léir go bhfuil dualgas ar iriseoirí agus eagarthóirí Gaelach dul i ngleic le deiseanna an árdán leictreonach, agus suíomh Gaeilge ar shampla thejournal.ieThe Huffington Post a chruthú. Thug TG4 íomhá nua-aimseartha don teanga, is é seo an t-am a féidir lucht na meain cló a macshamháil a leanúint.
    My political compass:
    Economic Left/Right: -5.38
    Social Libertarian/Authoritarian: -5.64

  2. #2
    Politics.ie Member Darren J. Prior's Avatar
    Join Date
    Oct 2008
    Location
    Caisleán Cnucha / Castleknock
    Posts
    9,225
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Tá súil agam go rachaidh an maoiniú a bhfuair Gaelscéal go Foinse. Bheadh siad in ann nuachtán réasúnta mhór a chur ar fáil mar sin.
    Tá fíor súil agam go gheobhaidh Ciarán Dunbar agus na oibreoirí lán-aimseartha eile le Ghaelscéal daoine ar nós Colm Ó Broin agus eile phoist lán-aimseartha sa meáin Gaeilge arís.
    Tá deis ag Foras na Gaeilge anois an maoiniú a thabhairt chun go mbeadh Foinse mar nuachtán réasúnta mhór arís. Tá sé ró-bheag anois agus dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge.
    Ní dóibh liom go mheallfaidh nuachtán ar líne amháin a lán léitheoirí agus tá súil agam nach tharlóidh sé sin leis an maoiniú.

  3. #3

  4. #4
    Politics.ie Member
    Join Date
    Feb 2007
    Posts
    12,851
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Quote Originally Posted by FloatingVoterTralee View Post
    Ag féachaint siar ar theipeanna nuachtáin Gaeilge - Inniu, Anois, Lá Nua, agus an sampla is déanaí Gaelsceal, is oth liom a rá go raibh na hiarrachtaí ag snámh in aghaidh easa, toisc nach raibh siad (chomh maith le chuid maith foilseacháin Béarla, dar ndóigh) in ann maireachtaint ar bhunús brabúsach. Ach mar a deirtear ar 7 Lá aréir, sin dúshlán do tionscal ar fad, agus is léir go bhfuil dualgas ar iriseoirí agus eagarthóirí Gaelach dul i ngleic le deiseanna an árdán leictreonach, agus suíomh Gaeilge ar shampla thejournal.ieThe Huffington Post a chruthú. Thug TG4 íomhá nua-aimseartha don teanga, is é seo an t-am a féidir lucht na meain cló a macshamháil a leanúint.
    Tá eagarthóir Gaelscéal, Ciarán Dunbar, ag rá gur ceann de na deacrachtaí a bhí acu ná go raibh Foras na Gaeilge ag iarraidh leagan clóite uatha agus ag cur béim orthu nuachtáin a chur amach sna siopaí. Dar leis féin, ba é sin an fáth gur theip ar an tionscnamh uile, toisc nach mbeadh brú airgid chomh mór sin orthu dá bhfanfaidís ar líne amháin.
    Last edited by Riadach; 7th February 2013 at 03:06 AM.
    "Only by applying the most rigorous standards do we pay writing in Irish the supreme compliment of taking it seriously." - Breandán Ó Doibhlín.

  5. #5
    Politics.ie Member
    Join Date
    Oct 2011
    Posts
    3,734
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Quote Originally Posted by Riadach View Post
    Tá eagarthóir Gaelscéal, Ciarán Dunbar, ag rá go raibh ceann de na deacrachtaí a bhí acu ná go raibh Foras na Gaeilge ag iarraidh leagan clóite uatha agus ag cur béim orthu nuachtáin a chur amach sna siopaí. Dar leis féin, ba é sin an fáth gur theip ar an tionscnamh uile, toisc nach mbeadh brú airgid chomh mór sin orthu dá bhfanfaidís ar líne amháin.
    Ní féidir le Gaelscéal maireachtáil gan tacaíocht airgid ón Stát, is dócha, agus aithnítear é seo mar dímua a bhaineann leis.

    Ach cé mhéid tacaíocht stáit an bhfaigheann na nuachtáin Bhéarla? Caithfidh go mbíonn na milliúin agus na milliúin i gceist gach bliain.
    Gan an fhógraíocht a fhaigheann siad ó eagraíochtaí stáit, agus go mór mór ón FSS/HSE, drochsheans go mairfeadh siad ach an oiread.

    Ar ábhar gaolmhar, níl anseo ach an gníomh is deireanaí atá déanta ag an rialtas seo i gcoinne na Gaeilge, ceann as cuid mhaith acu. Cibé cén fad a mhaireann sé, tá sé ro-fhada dom, chomh fada is a bhaineann sé le cúrsaí Gaeilge ar aon nós.

  6. #6
    Politics.ie Member
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    6,168
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Inniu, Anois, Lá Nua, Foinse, Gaelscéal!

    An mó agaibh a cheannaigh is a léigh iad go rialta? An miste díbh a rá cén fáth a shocraigh sibh é sin, nó gan é sin, a dhéanamh?

  7. #7
    Politics.ie Member
    Join Date
    Feb 2007
    Posts
    12,851
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Quote Originally Posted by Barroso View Post
    Ní féidir le Gaelscéal maireachtáil gan tacaíocht airgid ón Stát, is dócha, agus aithnítear é seo mar dímua a bhaineann leis.
    Glacaim leis sin, ach cén fáth go raibh an oiread béime mar sin ar dhíolacháin? Ní luíonn sé le réasún.
    "Only by applying the most rigorous standards do we pay writing in Irish the supreme compliment of taking it seriously." - Breandán Ó Doibhlín.

  8. #8
    Politics.ie Member Easilydistracted's Avatar
    Join Date
    Sep 2010
    Location
    Derry
    Posts
    599
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Is cinnte gur trom an buille é seo don Ghaeilge agus aontaim go caithfidh freastal a dhéanamh ar lucht na Gaeilge ó thaobh na meáin de, ach tá mé ar cheann de na díoltóirí Gaelscéal agus ní cheanaíonn daoine é. Is gaeilgeoirí iad mo chuid custaiméirí agus ní dhíoltar ach 3 nó 4 cóip in aghaidh na seachtaine. Ní fiú nuachtán a bheith againn muna bhfuil muid sásta é a léamh. An tuiscint a bhí agam ná gur bhain Torann na dTonn an Tairscint de bhrí go ndúírt siad gurbh fhéidir leo spriocuimhir díolacháin a bhaint amach. Muna bhfuil sin déanta acu, tá an locht orthu agus orainn mar Ghaeilgeoirí. Tuigim áfach nach féidir Gaelscéal a bhaint gan rud éigin a chur ina áit agus ní shílim go bhfuil deifir ar Fhoras sin a dhéanamh.

  9. #9
    Politics.ie Member
    Join Date
    Oct 2008
    Posts
    14,052
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Quote Originally Posted by duine n View Post
    Inniu, Anois, Lá Nua, Foinse, Gaelscéal!

    An mó agaibh a cheannaigh is a léigh iad go rialta? An miste díbh a rá cén fáth a shocraigh sibh é sin, nó gan é sin, a dhéanamh?
    Do cheannaigh mé agus do lé mé Inniú go rialta. Cúis mór - foillsíú é láimh liom i gCathair na Mart

  10. #10
    Politics.ie Member
    Join Date
    Dec 2012
    Location
    Dublin
    Posts
    1,262
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Ó am go ham bhí rud éicint le rá ag Gaelscéal agus nuair a tháinig sé amach bhí neart altanna suimuila inti. Tháinig díomá orm áfach nuair a d’fhoilisigh siad rudaí neamhthábhachtach ón Ghaeltacht. Bhíos ag lorg nuachtán i ngaeilege seachas nuachtán eile faoin Ghaeltacht. B’fhéidir gur sin an fháth gur their air?

Page 1 of 31 1234511 ... LastLast

Posting Permissions

  • You may not post new threads
  • You may not post replies
  • You may not post attachments
  • You may not edit your posts
  •