Follow @PoliticsIE
 
 
 
Results 1 to 7 of 7

Thread: An tÉireannach, an Liobánach, an tIosraelach agus an Meiriceánach

  1. #1
    Politics.ie Member
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    6,166
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default An tÉireannach, an Liobánach, an tIosraelach agus an Meiriceánach

    Ar 18 Aibreán, 1980, bhí beirt brathnóir de chuid na Náisiún Aontaithe ag taisteal i nDeisceart na Liobáine, gar do shráidbhaile Ait Títí.

    Bhí sé seo in iamhchríoch an Mhaoir Said Hadad agus a mhílíste Críostaí, a bhí i gcomhpháirt le Arm Iosrael agus faoina choimirce

    Ar an brathnóirí, bhí Cornal Harry Klein, arm SAM.

    In éineacht leis an brathnóirí, bhí beirt iriseoir. Bhí an scuaine a thiomáint agus a thionlacan ag s/s Derek Shorthorn, s/s Thomas

    Barrett agus s/s John O'Mahony, 46ú cathlán, arm na hÉireann. Is beag arm, thar airm láimhe a bhí ag na saighdiúirí.

    Stopadh iad ag díorma mílíste, a bhí ag lorg saighdiúirí Éireannacha. Cuireadh cúig philéar in O'Mahony, a dhroim, a leis is a throith, ach thug sé na cosa leis.

    Tógadh an bheirt eile go Bent Seabal, sráidbhaile eile agus tugadh griosáil dóibh.

    Uair a chloig ina dhiadh sin, cuireadh piléir ina gcloigne.

    Seachtain roimhe sin, tugadh faoi urphost Éireannach agus marbhadh ionsaitheoir. Bhí deartháir an ionsaitheora seo ina cheann feadhna ar an díorma seo.

    D'aithin O'Mahony agus Klein an fear seo. Is é Mahmoud Bazzi a ainm.

    Leag lucht fiosraithe an airm agus bleachtairí an Gharda Síochána an choir ag a chosa.

    Maíodh, freisin, go raibh oifigeach Shinn Beit, rannóg fáisnéise Arm Iosrael i láthair le linn dúnmharaithe Shorthorne agus Barrett.

    B' é "Abu Shawki" leasainm míleata an Iosraelaigh.

    Iarradh ar an údarás Iosraelach tabhairt ar Hadad, Bazzi a thabhairt ar láimh. Diúltadh don iarratas

    Ní ba dhéanaí "ligeadh" Bazzi isteach in Iosrael, agus is uaidh sin, a "ligeadh" dó dul ar imirce go dtí Detroit, le "lánchead" Iosrael agus na SAM.

    Go dtí an lá inniu fhéin, tá Bazzi ag cur faoi in Dearborn, gar do Detroit, áit a bhfuil sé ina fhear díolta uachtar reoite,

    Bhí Shlomo Argov / Solamh Argobh ina Ambasadóir Iosrael d'Éirinn, cé go raibh sé lonnaithe i Londain, Shasana.

    Cháin sé marú Shorthorne agus Barrett.

    Dhá lá i ndiaidh na dúnmharaithe, chuir Shane Kenny ó RTÉ agallamh ar Sholamh, ina dúirt sé freisin....

    ".....i gcead díbh, tá sibh in bhur suí go bogásach, agus tugann sibh breith ar rudaí atá ag tarlú ar thaobh eile na gealaí, ar thaobh

    eile na cruinne, gan arann gan mothú agaibh ar an staid.....

    ".....an fhírinne a dhéanamh, bhí dúil agam go mbeadh tír Chríostaí rud beag leochaileach do na daoine atá ag iarraidh a saol a

    thabhairt i dtír, agus iad fhéin a choinneáil mar chríostaithe....

    ".....Tá sé dochreidte domsa, go mbeadh muintir Bhaile Átha Cliath, i ndiaidh an iomláin, beag beann ar chrá mionlaigh Chríostaí. Cad

    é an saol é sin?"



    Bhí tuairim eile ag Cathal Ó hEochaidh, an Taoiseach: "Dúnmharú gan chúis gan chéill", a thug sé air

    Is beag ag an Iosraelach an duine a sheasfadh ina bhealach. Ba bheag meas aige ar na Naisiúin Aontaithe. Níor chaill sé riamh

    an t-áiméar milleadh futhu. Agus is mór ag an Iosraelach bolscaireacht agus mí-eolas.

    Ar feadh i bhfad, lig Oifigigh Caidrimh an Airm Iosraelaigh le fios, ós íseal, dar ndóigh, do iriseoirí in Iosrael go raibh na

    saighdiúirí Éireannacha sa Liobán ina bpótairí. Saighdiúirí Johnny Walker (sic) a bhí acu orthu.

    Cupla seachtain i ndiadh maraithe Shorthorne agus Barnett, bhí alt ar an Jerusalem Post, nuachtán béarla caomhach Iosrael,

    faoi Éire agus mar a chaith sí leis na hIúdaigh. Luaigh said “pogrom” Luimnigh, 1904, inar chailleadh Iúdach. Luaigh said

    “gníomhaireacht dhian spiairí Naitsíocha” le linn an Darna Cogadh Domhanda in Éirinn, agus mar a shínigh de Bhailéire leabhar

    comhbhróin Hitler. Agus mar bhuille na sní, luaigh said dearcadh báidhiúil na saighdiúirí Éireannacha le pobal na Pailistíne. De

    chionn na habairt deireannaigh seo, d’iniúch Robert Fisk, iriseoir Sasanach lonnaithe sa Liobán, agus atá eolach ar Éirinn is na

    hÉireannaigh, an t-éileamh seo. Dar leis,bhí dearcadh báidhiúil ag na saighdiúirí Éireannacha le pobal na LIOBÁINE. Ní tháinig

    báidh eile i dtreis

    Faoi feabhra 1980, dhá mhí roimh na maraithe, thug Brian Ó Luineacháin, an t-Aire Gnóthaí Eachtracha óráid i mBearáin in ar

    aidmhigh sé “páirt an PLO ( Eagraíocht Fuascailte na Pailístíne ) ar son an phobail Pháilístínigh”. Ní sheasfadh an tIosraelach an

    dearcadh sin. Uaidh sin amach, meastar go raibh clocha i muinchille an Iosraelaigh i leith na nÉireannach


    D'iarr Ambasadóir na hÉireann sa Ghréig, atá creidiúnaithe d'Iosrael , mínínúchán air son na ndúnmharaithe sa cheantar faoi

    smacht Iosrael de Rialtas Iosrael. In a ionad sin, thug Menachaim Béigin, an príomhAire léacht dó i dtaobh éiric fola mhuintir

    na Liobáine.


    Cúig bliana ina dhiadh, in 1985, agus Deisceart na Liobáine fós faoi diansmacht na nIosraelach, bhí iriseoirí á gcluicheáil ag an

    Sinn Béit, In óstán suarach I dTir, baile na Liobáine, d'ordaigh oifigeach Robert Fisk amach as a sheomra I lár na hoíche.

    D'athnigh Fisk é ar an pointe.

    “An raibh tú ansiúd le Barrett agus Shorthorne?" An forrán a chuir sé ar an Iosraelach.

    Ghoinigh ar a aire ag an Iosraelach agus bhí fiamh ian fhéachaint.

    “Is den lofacht thú. Pill ar do sheomra,” a dúirt an tIosraelach.

    Mar a scríobh Fisk ina dhiaidh, níor chuir sé aon rud síos dó, ach thuig an tIosraelach. Bhí fios na nainmneacha aige. Bhí fhios aige.

    Nuair a d'athfhoscail sé doras a sheomra cupla meandar ina dhiadh bhí an tIosraelach ar shiúil.

    Bhí Fisk i ndiaidh “Abu Shawki” a aithint

    Ach an bhfuil cúinsí eile bainteach le feallmharaithe Shorthorne angus Barrett?

    Ina agallamh le RTÉ, dúirt Argobh go raibh Iosrael ag tacaíocht le Hadad, cionn is gur “sárfhear uasal é a bhí ag féachaint le gan

    cinedhiothú a bheith á imirt ar a phobal”.

    Dhá lá roimh fhuadach Shorthorn agus Barrett in Ait Tírí, maraíodh an S/S Stephen Griffin, Óglaigh na hÉireann i scirmis le mhílístigh

    Hadaid, a bhí íoctha, armáilte agus éidithe ag Iosrael.

    Bhí sé 21 bliana d’aois. Tá sé adhlactha i nGaillimh

    Níl sé soiléir cad é a bhí an patról á dhéanamh, go háraithe, nuair a bhí ardteannas sa cheantar, agus daoine maraithe na

    laetha roimhe Ní raibh ach aon raidhfil amháin agus aon fo-innealghunna amháin ag an cipe.

    In 2000, fiche bliana i ndiaidh an eachtra, d'aidmhigh Klein nach raibh an scuaine pleanáilte i gceart, nach raibh comh-ordú

    déanta le ceannairí na milísteach agus leis na hIosraelach. Ní raibh oifigeach Éireannach orthu, ach d'ordaigh Klein go leanfaí

    leis an scuaine sa cheantar eascairdiúil cé go raibh sé á nochtadh go raibh ardteannas ann. Fiú amháin, ar raidio áitiúil na

    milísteach, bhí bagairtí dá gcur ar an hÉireannaigh ach go háirithe.


    Ní achan duine atá sásta cionn ‘s go bhfuil cead a chois ag an dúnmharfóir i “dtír chairdiúil” go fóill.

    Scríobh Bean Martha Smallhorne, an bhaintreach, chuig Ambasáid na SAM agus chuig Oifig an Taoisigh agus labhar sí leis an Roinn

    Cosanta ag iarraidh córa is cirt ar son a fir. Níor shíl sí go ndearna Stát an hÉireann a dícheall cúirt a chuir ar Bhazzi.

    Faoi 2002, in agallamh le nuachtán, dúirt sí nach raibh sí sásta freastal ar chomóradh an airm ar son na Marbh nuair a mbíonn

    leathcheal a dhéanamh i dtóir an dúnmharfóra.

    Thug Derek Smallhorne, an mac, cuairt ar an Liobán in 2000. In 2005, dúirt sé: Tá fhios ag madaí an bhaile gur Bazzi a ndearna an

    beart. Díoltas a bhráthair a bhí ann. An difear go raibh gunna i láimh a bhráthair. Ní raibh i lámha m’athara ná Bharrett. Ní raibh an

    dara rogha acu. Is Meiriceánach anois Bazzi. Tá Bush i gceannas chogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta, ach tá Bazzi ansin

    agus é ina dhúnmharfóir.

    Chreid sé nach raibh an toil pholaitiúil ag Rialtas an hÉireann dul i ndiaidh Bazzi.

    Faoi 12 Deireadh Fomhair, 2006, sa Dáil, d'fheagair Uilí Ó Dí, an t-Aire Cosanta ó Pat Rabbitte i dtaobh an cháis.

    Dúirt an t-Aire go raibh an cás pléite ag an Roinn Cosanta i dteannta leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus an

    tArd-Aighne, agus go raibh drochbharúil ann go mbeadh forais chuí le cúirt a chur ar an amhrasán. Bheadh ar an

    Liobán an cás a reachtáil agus bheadh sí fuar i dtaobh cás chomh fada siar. Ní ann do seachadach idir An

    Liobán agus SAM, agus bhí an t-amhrasán ina shaoránach éadóirsithe ann.

    Ar ala na huaire, tá 332 saighdiúir Éireannacha sa 106ú cathlán ar fiannas sa Liobáin, agus in éineacht le 171 saighdiúir

    Fhionnlainneacha, déanann siad an IRISHFINNBAT .i. An comhchathlán Éireannach Fionnlainneach.

  2. #2
    Politics.ie Member cogar's Avatar
    Join Date
    Sep 2011
    Posts
    7,432
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Tá an oiread sin botúin i do alt nach fiú aird a thabhairt air
    1. Ainm an bhaile At Tiri, ní mar atá scriofa agat.

    Tosaigh arís!

  3. #3
    Politics.ie Member
    Join Date
    Feb 2007
    Posts
    12,851
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Quote Originally Posted by cogar View Post
    Tá an oiread sin botúin i do alt nach fiú aird a thabhairt air
    1. Ainm an bhaile At Tiri, ní mar atá scriofa agat.

    Tosaigh arís!
    An bhfuil tú i ndáiríre?
    "Only by applying the most rigorous standards do we pay writing in Irish the supreme compliment of taking it seriously." - Breandán Ó Doibhlín.

  4. #4
    Politics.ie Member
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    6,166
    Mentioned
    0 Post(s)

    Unhappy

    Quote Originally Posted by cogar View Post
    Tá an oiread sin botúin i do alt nach fiú aird a thabhairt air
    1. Ainm an bhaile At Tiri, ní mar atá scriofa agat.

    Tosaigh arís!

    Bhal, más cuil troda atá ortsa, a Chogair, cuir bun leis.

    Cad é go díreach atá ag dó na geirbe ionat? Abair amach é!

  5. #5

  6. #6
    Politics.ie Member
    Join Date
    Oct 2008
    Posts
    14,050
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Quote Originally Posted by duine n View Post
    Ach, le dóchas, go mion

  7. #7
    Politics.ie Member
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    6,166
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    De réir dealraimh, chuireadh cúirt ar an mboc seo sa LIobáin ag deireadh na bliana seo chaite, agus tá an triall ar fionraí go ceann Aibreán 2016.


    https://en.wikipedia.org/wiki/At_Tiri_Incident


    http://www.thejournal.ie/lebanon-sho...77864-Dec2015/
    Last edited by duine n; 24th January 2016 at 04:33 PM.

Posting Permissions

  • You may not post new threads
  • You may not post replies
  • You may not post attachments
  • You may not edit your posts
  •