Follow @PoliticsIE
 
 
 
Results 1 to 6 of 6

Thread: Ceathrú Gaeltachta do Bhaile Átha Cliath

  1. #1
    Politics.ie Member Darren J. Prior's Avatar
    Join Date
    Oct 2008
    Location
    Caisleán Cnucha / Castleknock
    Posts
    9,225
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default Ceathrú Gaeltachta do Bhaile Átha Cliath



    Beidh sé mar an pholaisaí ainmnithe i gComhairle Cathair Bhaile Átha Cliath agus Comhairle Contae Baile Átha Cliath Theas chun na fhorbairtí cónaithe nua a bheith ainmnithe i nGaeilge amháin sna bPleananna Fhorbartha nua.




    Beidh mé fhéin ag obair i bhFine Gall i dtrí nó ceithre bhliana chun a pholaisaí a bheith i bhfeidm i mo comhairle áitiúla. Ceapaim go mba chóir gach gaeilgeoir le suim sa teanga ar a laghad scáirt, litir nó ríomphost a sheoladh chuig a gcomhairleoirí aitiúla faoi nuair a mbeidh na bPleananna Fhorbartha nua a phlé. Tá súil agam go mbeidh Conradh na Gaeilge agus Glór na nGael chomh maith le grupaí áitiúla in ann plean stoicearacht a chur le chéile le gníomhaire amháin ar a laghad ag obair le gach comhairle.

    Céard faoi Ceathrú Gaeltachta i gCathair Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí sa todhchaí áfach? Tá ceann i mBéal Feirste anois agus tá plean ann chun ceann a thógáil i nDoire. Táim cinnte go mbeidh na comhairleoirí i bhfabhar iad.

    ACH ar cén sráid?

    Níl mé cinnte faoi Corcaigh agus fiú Baile Átha Cliath cé go bhfuil conaí orm ann.

    Beadh Ard-Oifig Conradh na Gaeilge, Ard-Oifig Foras na Gaeilge, Glór na nGael, Ard-Oifig Gaelscoileanna Teo., Comhluadar, Raidió na Life agus bfhéidir roinnt eile in ann bhogadh isteach lena chéile.

    'Seans mhaith nach mbeadh a dótheáin spás sa chathair áfach- i mBaile Átha Cliath ar aon nós? Corcaigh? Beadh na heagraíochtaí thuas chomh maith le Cultúrlann nua in ann a bheith curtha le chéile i dtimpeall trí fhoirgneamh. Tá sráid de dhíth áfach- agus sráid cuiseach mór leis sin.

    Tá eagraíochtaí cosúil le Forbairt Feireste de dhíth i ngach bhaile mór i mBaile Átha Cliath- Tamhlacht, Baile Bhlainséir, An Sórd, i lár na cathracha srl. Tá Gael-Taca i gCorcaigh agus Gaillimh Le Gaeilge i nGaillimhe.



    Caithfear tús a thabairt don obair. Tá gníomhairí de dhíth ar an dtalamh. Táim sásta deileaíl le Baile Átha Cliath 15 agus tá neart oibre déanta agam anseo. Beadh an rud is fearr ann má raibh grúpa i ngach ceantar, ach i ndáirire ó mo thaithí fhéin, tuigim go bhfuil gníomhaire amháin in ann an obair go léir a dhéanamh i ngach ceantar. I ndáirire mar sin tá roinnt ceantreacha tógtha agam chun deileáil leis maidir leis na Gaeilge- Caisleán Cnucha, Baile Bhlainséir, Cluain Saileach agus Mullach Eadrad. An féidir le daoine eile an obair a dhéanamh i áiteanna eile?






    Dé réir a chéile a thógtar na caisleáin.
    Blog | Youtube | Mixcloud | Podchraoltaí Gaeilge Near FM | Wikimedia Commons |
    #Think32 #Éire32 #Gaeilge #FreeEducation #PublicHealth #IRLdev #GlobalHealth #GlobalDev

  2. #2
    Politics.ie Member
    Join Date
    Jun 2006
    Location
    Baile Átha Cliath
    Posts
    122
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Darren, a chara,
    Tá coincheap an cheathrú Gaeltachta agus Lárionad Náisiúnta Gaeilge tógtha ag Conradh na Gaeilge i bpléigh Comhairle Cathrach ar a bPlean Forbartha nua.

    Chomh maith, tá iarratas maoinithe imithe isteach ó Choiste Contae Bhaile Átha Cliath de Chonradh na Gaeilge chuig Foras na Gaeilge le haghaidh togra nua, "Baile Átha Cliath le Gaeilge". Tá suíomh nua againn www.baclegaeilge.com agus déanfar forbairt air go leanúnach. Chuirfeadh sé ionad ort an méid imeachtaí atá eagraithe trí Ghaeilge i mBaile Átha Cliath amháin.

    Coinnigh ort leis an stocaireacht áitiúil agus déanfaidh muid ár ndícheall le daoine a mhealladh isteach agus a spreagach chun gníomh go leanúnach i mBaile Átha Cliath.
    Cuir gach rud ar an méar fhada agus beidh an mhéar fhada róghearr ar ball!

  3. #3
    Politics.ie Member
    Join Date
    Jul 2010
    Posts
    212
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Creidim féin gur cheart aon Ghaeltacht nua a bheith inmharthanach agus go mbeadh seans ag na háitritheoirí mórán bhur saol a chaitheamh inti.
    Dhá bharr sin, ní dóigh liom gur cheart sráid a phiocfadh amach agus í a Ghaelú.
    Bheadh sé ní b'fhearr, creidim féin, dá mbeadh ceantar beag déanta ina bhfuil meascán do thithe príobháideach agus poiblí, idir costasach agus saor, mór agus beag. Árasáin agus bungalónna freisin. Siopaí, ionaid spóirt agus sóisialta, agus eaglais. Talamh le haghaidh beithígh agus glasraí. Seirbhísí eile freisin, cosúil le hIonad Sláinte. Sa gcaoi seo ní bheadh ar daoine óga nó seandaoine a bogadh amach.

  4. #4
    Politics.ie Member Darren J. Prior's Avatar
    Join Date
    Oct 2008
    Location
    Caisleán Cnucha / Castleknock
    Posts
    9,225
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Quote Originally Posted by Feirsteach View Post
    Darren, a chara,
    Tá coincheap an cheathrú Gaeltachta agus Lárionad Náisiúnta Gaeilge tógtha ag Conradh na Gaeilge i bpléigh Comhairle Cathrach ar a bPlean Forbartha nua.

    Chomh maith, tá iarratas maoinithe imithe isteach ó Choiste Contae Bhaile Átha Cliath de Chonradh na Gaeilge chuig Foras na Gaeilge le haghaidh togra nua, "Baile Átha Cliath le Gaeilge". Tá suíomh nua againn Baile Atha Cliath le Gaeilge. Irish Language events in Dublin. agus déanfar forbairt air go leanúnach. Chuirfeadh sé ionad ort an méid imeachtaí atá eagraithe trí Ghaeilge i mBaile Átha Cliath amháin.

    Coinnigh ort leis an stocaireacht áitiúil agus déanfaidh muid ár ndícheall le daoine a mhealladh isteach agus a spreagach chun gníomh go leanúnach i mBaile Átha Cliath.
    Go maith!

    Ní raibh mé i gClub Conradh na Gaeilge le roinnt bliana anois. Bhí fadhb agam le stiúr an eagraíocht ar feadh cúpla bhliain ach ní anois. Bhí mé ag caint le Julian, Peadar agus Máiread ó Ógras le déanaí.

    Tá súil agam go mbeidh an Rialtas sásta airgead substaintiúil a chaitheamh ar an bPlean Straitéiseach sa gearr-téarma go háirithe maidir leis na cultúrlainn nua a mbeidh a thógáil.
    Blog | Youtube | Mixcloud | Podchraoltaí Gaeilge Near FM | Wikimedia Commons |
    #Think32 #Éire32 #Gaeilge #FreeEducation #PublicHealth #IRLdev #GlobalHealth #GlobalDev

  5. #5
    Politics.ie Member
    Join Date
    Jul 2010
    Posts
    212
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Quote Originally Posted by Darren J. Prior View Post
    Tá súil agam go mbeidh an Rialtas sásta airgead substaintiúil a chaitheamh ar an bPlean Straitéiseach sa gearr-téarma go háirithe maidir leis na cultúrlainn nua a mbeidh a thógáil.
    A Dharren, tá drochscéal agam duit. Ní bheidh an Rialtas ag caitheamh airgead suntasach ar chultúrlainne nó aon rud eile amach anseo. Tá an tír beagnach briste. Ach, ag deireadh na dála, ní chreidim féin gurb í airgead an rud a theastaíonn ón Ghaeilge faoi láthair.

  6. #6
    Politics.ie Member Darren J. Prior's Avatar
    Join Date
    Oct 2008
    Location
    Caisleán Cnucha / Castleknock
    Posts
    9,225
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Beidh orthu le linn an straitéis. Ach tá fíor-shiúil agam go mbeidh an-chuid de caite sa gearr téarma go háirithe maidir leis na culturlainn agus maidir le margaíochta de. Beadh na aonaid do chlainn an-tábhachtach freisin.
    Blog | Youtube | Mixcloud | Podchraoltaí Gaeilge Near FM | Wikimedia Commons |
    #Think32 #Éire32 #Gaeilge #FreeEducation #PublicHealth #IRLdev #GlobalHealth #GlobalDev

Posting Permissions

  • You may not post new threads
  • You may not post replies
  • You may not post attachments
  • You may not edit your posts
  •