Follow @PoliticsIE
 
 
 
Results 1 to 6 of 6

Thread: Toghchán: Baile Átha Cliath Lár-Thuaidh

  1. #1
    Politics.ie Member Darren Mac an Phríora's Avatar
    Join Date
    Aug 2006
    Location
    Baile Átha Cliath
    Posts
    2,697
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default Toghchán: Baile Átha Cliath Lár-Thuaidh

    Tá trí Teachtaí Dálaí sa dáilcheatar. Richard Bruton, Seán Haughey agus Finian McGrath. Fuair Ivor Callely dhá mhíle vótaí níos mó ná Finian McGrath ag an olltoghchán deireanach ach ní bhfuair sé suíochán. Tá Aodhán Ó Ríordáin ag seasamh ar son Pháirtí an Lucht Oibre. An mbeidh Finian McGrath i dtrioblóid mar sin?


    ElectionsIreland.org: 30th Dail - Dublin North Central First Preference Votes

  2. #2
    Politics.ie Member DeGaulle 2.0's Avatar
    Join Date
    Oct 2008
    Location
    Baile Átha Cliath
    Posts
    2,001
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Beidh suíochán ag Richard Bruton.

    Beidh suíochán ag Aodhán Ó Ríordáin (Lucht Oibre) freisin - caithfidh an páirtí TD a thoghadh sa dáilcheantar seo má tá siad ar 30% san pobalbhreitheanna.

    Ciallaíonn sin go bhfuil an suíochán deireanach idir McGrath agus FF, ach ní féidir bheith cinnte.

    An mbeidh beirt san iomaíocht ag FF (Seán Haughey agus, b'fhéidir, Eibhlín Byrne)? Beidh seans níos fearr ag an bpáirtí má raibh Seán Haughey ina aonar ach is isliú stádáis don pháirtí gan ach iarrthóir amháin a roghnú.

    An mbeidh Finian McGrath ag seasamh nó an mbeidh Damian O'Farrell ag seasamh ina áit?

    Beidh iarrthóir eile ag FG, Gerry Breen nó Naoise Ó Muirí, ach níl ach seans an-bheag ag an bpáirtí an dara suíochán a fháil. Ach, fuair FG 2/4 le 24% sa bhliain 1987. Más féidir 33% a fháil, agus má tá na vótaí scaipthe go forleathan ar na iarrthóirí eile (ach amháin Bruton agus Ó Ríordáin), bhuel, b'fhéidir .... ach ní chuirfidh mé geall air.

    Beidh Sinn Féin agus na Glasaigh agus roinnt iarrthóirí neamhspleácha ag seasamh freisin ach ní éireoidh leo.
    Vive le Québec libre ! Ag beathú na dtochardán ón mbliain 2007.

  3. #3
    Politics.ie Member
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    6,173
    Mentioned
    0 Post(s)

    Wink

    Muise, beidh Éire ar lámh shábhála sar i bhfad!!!!!!!!!!!!!!!!!

  4. #4
    Politics.ie Member Darren Mac an Phríora's Avatar
    Join Date
    Aug 2006
    Location
    Baile Átha Cliath
    Posts
    2,697
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Quote Originally Posted by DeGaulle 2.0 View Post
    Beidh suíochán ag Richard Bruton.

    Beidh suíochán ag Aodhán Ó Ríordáin (Lucht Oibre) freisin - caithfidh an páirtí TD a thoghadh sa dáilcheantar seo má tá siad ar 30% san pobalbhreitheanna.

    Ciallaíonn sin go bhfuil an suíochán deireanach idir McGrath agus FF, ach ní féidir bheith cinnte.

    An mbeidh beirt san iomaíocht ag FF (Seán Haughey agus, b'fhéidir, Eibhlín Byrne)? Beidh seans níos fearr ag an bpáirtí má raibh Seán Haughey ina aonar ach is isliú stádáis don pháirtí gan ach iarrthóir amháin a roghnú.

    An mbeidh Finian McGrath ag seasamh nó an mbeidh Damian O'Farrell ag seasamh ina áit?

    Beidh iarrthóir eile ag FG, Gerry Breen nó Naoise Ó Muirí, ach níl ach seans an-bheag ag an bpáirtí an dara suíochán a fháil. Ach, fuair FG 2/4 le 24% sa bhliain 1987. Más féidir 33% a fháil, agus má tá na vótaí scaipthe go forleathan ar na iarrthóirí eile (ach amháin Bruton agus Ó Ríordáin), bhuel, b'fhéidir .... ach ní chuirfidh mé geall air.

    Beidh Sinn Féin agus na Glasaigh agus roinnt iarrthóirí neamhspleácha ag seasamh freisin ach ní éireoidh leo.
    Beadh iontas orm má raibh suíochán ag Aodhán roimh Seán. Cheap mé go nach raibh seans mhór ag Aodhán.

  5. #5
    Politics.ie Newbie
    Join Date
    Jun 2006
    Location
    Baile Átha Cliath
    Posts
    2
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Dar liom toghfar Bruton ar dtús.

    Ansin, tógfaidh farasbarr Bruton Ó Ríordáin thar an líne.

    Fágfaidh seo triúir i ngéar-chomórtas lena chéile: McGrath, Ó Muirí & Haughey don suíocháin deireanach.

    Cé go bhfuil titim tubaisteach tagtha ar thacaíocht FF, caithfear a thógáil san áireamh go raibh beirt acu san iomaíocht san olltoghachán deireanach - Haughey & Callely. Fuaireadar 44% idir an bheirt acu i gcomparáid le 14% ag McGrath & 25% ag FG. Mar sin bheadh ionadh orm muna théann suíochán 3 go Haughey.

    Ach beidh sé cóngarach. Níl éinne sábháilte ach Bruton.


    Pointe aisteach eile, i dtoghcheantar áitiúil Chluain Tarbh toghadh 5 chomhairleoir i 2009. Tá Gaeilge mhaith ag 4 as 5 acu - sin 80% (Ó Ríordáin, Heney, Ó Muirí agus Breen). Sin céadatán an-ard ar fad, nach ea?
    ----------------------------
    http://www.gaelteic.com

  6. #6
    Politics.ie Member Darren J. Prior's Avatar
    Join Date
    Oct 2008
    Location
    Caisleán Cnucha / Castleknock
    Posts
    9,232
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Labhair mé le Aodhán Ó Ríordáin i mí na Samhna agus le Naoise Ó Muirí an mhí seo chaite ar NearFM- an stáisiún áitiúla.

    Near 90 fm - Podcast

    Near 90 fm - Podcast
    Blog | Youtube | Mixcloud | Podchraoltaí Gaeilge Near FM |
    #Think32 #Éire32 #Gaeilge #FreeEducation #PublicHealth #IRLdev #GlobalHealth #GlobalDev

Posting Permissions

  • You may not post new threads
  • You may not post replies
  • You may not post attachments
  • You may not edit your posts
  •