Follow @PoliticsIE
 
 
 
Page 1 of 3 123 LastLast
Results 1 to 10 of 25

Thread: Bail ar dhrámaíocht Gaeilge

  1. #1
    Politics.ie Member
    Join Date
    Feb 2007
    Posts
    12,851
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default Bail ar dhrámaíocht Gaeilge

    Baineann sé seo leis an ábhar atá á phlé sa Ghalltacht .i. an bhfuil drámaíocht na Gaeilge fiúntach a dhóthain le go léireodh Amharclann na Mainistreach dráma i nGaeilge. Dé bhur mbarúil? Cad é an dráma is taitneamhaí atá feicthe agat i nGaeilge le deireannas, nó an ceart go mbeadh rialacha na Mainistreach níos scaoilte i leith drámaí sa teanga náisiúnta le fás is forbairt a spreagadh inti.

  2. #2
    Politics.ie Member
    Join Date
    Jun 2006
    Location
    Aontas Sóvéideach na hÉireann
    Posts
    13,343
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Bhueil, mar a dúirt mé cheana, tá an Abbey (ní dóigh liom go bhfuil anim Ghaelige tuillte aici), ag iarraidh an chairt a chur roimh an asal. Ní féidir drama fiúntach a chruthú gan árdán lena haghaidh - agus tá an Abbey ag séanadh árdán do dhramaíocht na Gaeilge.

  3. #3
    Politics.ie Member
    Join Date
    Feb 2007
    Posts
    12,851
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Tráth dá raibh, baineadh úsáid fhorleathan as amharclann na peacóige thíos staighre chun drámaí Gaeilge a chur ar siúl. An amhlaidh nach ann dó a thuilleadh?

  4. #4
    Politics.ie Member
    Join Date
    Jun 2006
    Location
    Aontas Sóvéideach na hÉireann
    Posts
    13,343
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Quote Originally Posted by Riadach View Post
    Tráth dá raibh, baineadh úsáid fhorleathan as amharclann na peacóige thíos staighre chun drámaí Gaeilge a chur ar siúl. An amhlaidh nach ann dó a thuilleadh?
    An an Peacóg fós ann - ach do dhramaí Bhearla amháin.

  5. #5
    Politics.ie Member
    Join Date
    Feb 2007
    Posts
    12,851
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Quote Originally Posted by Cael View Post
    An an Peacóg fós ann - ach do dhramaí Bhearla amháin.
    Ní dóigh liom go bhfuil an structúr an-úsáideach ós rud é go bhfuil an stáiste déthaobhach in úsáid acu, rud a chuireann bac orthu cúlra a bheith acu, ach fós féin, ní féidir go bhfuil caighdeán ard de dhíth chun dráma a reachtáil ann. Tá an chuma ar an scéal, ag cur san áireamh an méid a dúirt sé i dtaobh na síníse, go bhfuil an lámh in uachtar ag an iarchoilíneachas in aigne an Choinghialaigh.

  6. #6
    Politics.ie Member
    Join Date
    Jun 2006
    Location
    Aontas Sóvéideach na hÉireann
    Posts
    13,343
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Quote Originally Posted by Riadach View Post
    Ní dóigh liom go bhfuil an structúr an-úsáideach ós rud é go bhfuil an stáiste déthaobhach in úsáid acu, rud a chuireann bac orthu cúlra a bheith acu, ach fós féin, ní féidir go bhfuil caighdeán ard de dhíth chun dráma a reachtáil ann. Tá an chuma ar an scéal, ag cur san áireamh an méid a dúirt sé i dtaobh na síníse, go bhfuil an lámh in uachtar ag an iarchoilíneachas in aigne an Choinghialaigh.
    Is é aigne an chuntasóra atá aige. Tá sé ag iarraidh an méid is mó ticéidí a dhíol, agus is cuma leis céard atá ar siúl ar an stáitse.
    Last edited by Cael; 26th July 2010 at 09:45 PM.

  7. #7
    Politics.ie Member
    Join Date
    Feb 2007
    Posts
    12,851
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Quote Originally Posted by Cael View Post
    Is aigne an chuntasóra atá aige. Tá sé ag iarraidh an méid is mó ticéidí a dhíol, agus is cuma leis céard atá ar siúl ar an stáitse.
    Meas tú mar sin, nach bhfuil sa chaint sin is aigesan i dtaobh caighdeáin is dhramaíocht phobail, ach gaoth?

  8. #8
    Politics.ie Member
    Join Date
    Jun 2006
    Location
    Aontas Sóvéideach na hÉireann
    Posts
    13,343
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Quote Originally Posted by Riadach View Post
    Meas tú mar sin, nach bhfuil sa chaint sin is aigesan i dtaobh caighdeáin is dhramaíocht phobail, ach gaoth?
    Ní dóigh liom go bhfuil corpas measartha Ghaeilge ann, i láthair na huaire. Agus, ní bheidh go deo fhad is atá daoine mar mo dhuine siúd i gceannas ar an Abbey. Tá gá ag drámadóirí le stáitse. Gan stáitse do dhráma Ghaeilge, ní bheidh drama Ghaeilge ann.

  9. #9
    Politics.ie Member
    Join Date
    Feb 2007
    Posts
    12,851
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Quote Originally Posted by Cael View Post
    Ní dóigh liom go bhfuil corpas measartha Ghaeilge ann, i láthair na huaire. Agus, ní bheidh go deo fhad is atá daoine mar mo dhuine siúd i gceannas ar an Abbey. Tá gá ag drámadóirí le stáitse. Gan stáitse do dhráma Ghaeilge, ní bheidh drama Ghaeilge ann.
    Ach an mbeidh go deo?

    Smaoinigí air mar seo. Is féidir le drámaí béarla a bheith caolchúiseach agus díriú isteach ar ábhar cúnga sofaisticiúla agus lucht féachana ard-léannta. Bheadh geaig a dhóthain i mBaile Átha Cliath chun bonn a chur faoi, is uaidh sin go London, nó go Meirceá nó go Ceanada.Dá ndéanfadh dráma Gaeilge amhlaidh, áfach, ní thiocfaidh na sluaite ná baol thar thar doras isteach. Má tá an t-ábhar ró-chaolchúiseach, ní bheidh suim ag a lucht fhéachana ann, is níl de rogha ag drámaí nó grúpa drámaíochta Gaeilge ach dul ó amharchlann bocht Gaeltachta go hamharchlann bocht Gaeltachta eile. Is i an t-abhar is mó a thaitneodh leosan, ná ábhar pobail. An ea go bhfuil a fhios ag Fiach nach mbeidh rath ar aon dráma i nGaeilge, ach dráma pobail, is dá dheasca sin gur caothúil an caighdéan dó, chun drámaí is grúpaí drámaíochta na Gaeilge, nach ndéanann mórán brabúis don Amharclann a chur ó dhoras?

  10. #10
    Politics.ie Member
    Join Date
    Jun 2006
    Location
    Aontas Sóvéideach na hÉireann
    Posts
    13,343
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Quote Originally Posted by Riadach View Post
    Ach an mbeidh go deo?

    Smaoinigí air mar seo. Is féidir le drámaí béarla a bheith caolchúiseach agus díriú isteach ar ábhar cúnga sofaisticiúla agus lucht féachana ard-léannta. Bheadh geaig a dhóthain i mBaile Átha Cliath chun bonn a chur faoi, is uaidh sin go London, nó go Meirceá nó go Ceanada.Dá ndéanfadh dráma Gaeilge amhlaidh, áfach, ní thiocfaidh na sluaite ná baol thar thar doras isteach. Má tá an t-ábhar ró-chaolchúiseach, ní bheidh suim ag a lucht fhéachana ann, is níl de rogha ag drámaí nó grúpa drámaíochta Gaeilge ach dul ó amharchlann bocht Gaeltachta go hamharchlann bocht Gaeltachta eile. Is i an t-abhar is mó a thaitneodh leosan, ná ábhar pobail. An ea go bhfuil a fhios ag Fiach nach mbeidh rath ar aon dráma i nGaeilge, ach dráma pobail, is dá dheasca sin gur caothúil an caighdéan dó, chun drámaí is grúpaí drámaíochta na Gaeilge, nach ndéanann mórán brabúis don Amharclann a chur ó dhoras?
    Ach, go gineralta, bíonn lucht na Gaeilge i mBÁC níos oilte ná an gnáth béarlóir. Dheirfinn go bhfuil an lucht is mó ar dramaí Ghaeilge i láthair na huaire ná go bhfuil siad ró-pháistiúil do Gaeilgóirí fásta. Ina theannta sin, drama ar bith Ghaeilge atá sach maith do lucht fásta na Ghaeilge, is cinnte go mbeidh siad sach maith le haistriú go teangacha eile na hEorpa.

Page 1 of 3 123 LastLast

Posting Permissions

  • You may not post new threads
  • You may not post replies
  • You may not post attachments
  • You may not edit your posts
  •