Follow @PoliticsIE
 
 
 
Page 1 of 2 12 LastLast
Results 1 to 10 of 12

Thread: Cora cainte na Gaeilge is mó a thaitníonn leat

  1. #1
    Politics.ie Member
    Join Date
    Feb 2007
    Posts
    12,851
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default Cora cainte na Gaeilge is mó a thaitníonn leat

    Ar ndóigh tá an tsnáith seo ina chomhartha omóis don cheann úd san auld country. Ach dé bhur measa? Cad é an frása Gaeilge is mó a thaitníonn leat ar bhonn céille, grinn, léaspairte nó doimhneachta?

  2. #2
    Politics.ie Newbie
    Join Date
    Jan 2007
    Posts
    60
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    N'fheadar ar deineadh tagairt don gceann seo a leanas ar an tsnáith Bhéarla, ach ceann des na nathanna cainte is mó a thaitníonn liom ná an chomhairle a fuair Bob Dylan, agus é ina cheoltóir óg, ó Liam Clancy, .i. "Remember Bob, no meanness, no envy, no fear." Ait go leor, tá sé sin le fáil sa réamhrá leis an leagan de Tháin Bó Chuaille atá in Leabhar Laighean: deir Méabh nár thoiligh sí rí Theamhrach ná rí Uladh ná rí Laighean a phósadh nuair a thánadar ag triall uirthi, mar b'é a a bhí uaithi (rud nár iarr bean riamh ar fhearaibh na hÉireann, a deir sí) ná fer cen neóit, cen ét, cen omon, 'fear gan neoid, gan éad, gan uamhan'.

    Ach is fearr liom an leagan Béarla ná an leagan Gaeilge (bhuel, is fearr liom an rud a bhí i gceist ag Mac Fhlannchaidh ná mian Mhéabha).

    Cad go díreach atá i gceist agat? Is aoibhinn liom na nathann laethúla ar nós na seanfhocail shimplí atá sa chaint fós. "Más peaca a bheith buí, tá na mílte damanta", mar shampla. An-chuid acusan ann.

    Tá na mílte nathanna beaga chomh maith sa ghnáthchaint a thaitníonn liom: "ní chuireann sé isteach ná amach orm", "ar muin na muice", "ní cathair mar a thuairisc é", "shéidfeadh sé fuil shrón", "d'íosfá an gharbhach", "ó, tá fios do bhéasa agat", ag súgradh, le cara leat a d'osclódh an doras duit…a leithéid sin. Línte rithimiúla as a bhfuil agam d'fhilíocht nó d'amhráin anois is arís — níos annaimhe ná ba mhaith liom — buaileann siad mé agus amach leo as mo bhéal, "mo ghrá go daingean thú!", "ba chuma léi cam é nó díreach ach a bheith aige caora is ba", "leigheas le fáil níl agam go brách", srl.

    Tá cuma sort shuarach ar an méid sin thuas ach níl faic eile ag teacht chugham anois agus mé ad iarraidh smaoineamh orthu. Geobhaimid a thuilleadh de réir a chéile gan dabht. ("Nuair a chacann an ghé, cacann siad go léir." )

  3. #3
    Politics.ie Member DeGaulle 2.0's Avatar
    Join Date
    Oct 2008
    Location
    Baile Átha Cliath
    Posts
    2,001
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Ar bhonn grinn:
    - B'é Lehmans cúis na faidhbe
    - Is fadhb idirnáisiúnta í
    - Fuair mé comhairle den scoth
    - Níl mé freagrach
    Vive le Québec libre ! Ag beathú na dtochardán ón mbliain 2007.

  4. #4
    Politics.ie Member
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    416
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    'Tugadh íde na muc is na ngadhar dó'. Chuala mé inné é agus cheap mé go raibh sé deas. Seachas sin ní féidir liom smaoineamh ar aon rud faoi láthair.

  5. #5
    Politics.ie Member Gabha Óir's Avatar
    Join Date
    Dec 2008
    Location
    An Fáinne Fí
    Posts
    2,441
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Ceann ramhar, béal searbh, póca folamh
    If you want a laugh.........
    http://ancruiskeenlawnmower.wordpress.com/

  6. #6
    Politics.ie Member
    Join Date
    Apr 2005
    Location
    Tír Eoghain
    Posts
    208
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    ...ó tharla in áit na garaíochta thú...

    Fuair mé sin ón chéad scéal in Cith is Dealán le Séamas Ó Grianna, Sagart Éamoinn Sheáin Óig

    is é is ciall leis, do dhuine ar bith agaibh nár chuala riamh é, ná ós rud é go bhfuil tusa in áit inar féidir leat an gar sin a dhéanamh domh (gan mórán dua a chur ort féin)... ní thig liom smaointiú ar cad é a déarfainn i mBéarla sa chás áirithe sin... 'seeing as you're there anyway, get me x, y, nó z????'

  7. #7
    Politics.ie Member
    Join Date
    Apr 2004
    Location
    N/A
    Posts
    1,223
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Uisce faoi thalamh.
    Tá mé thíos le rud éigin.
    Tá airgead agam ort.
    Mothaím uaim thú.

    .... agus na céadta ceann eile nach iad.

    Thaitin an Briathar Saor liom i gcónaí, toisc chomh héagsúil is atá sé ón bhfoirm Bhéarla, agus mar gheall air shaibhreas gleoite na bhfoirmeacha - na cinn neamhrialta, ach go háirithe: Thángthas, Gheofar, Táthar, Chonacthas, Déarfaí srl.

  8. #8
    Politics.ie Member
    Join Date
    May 2007
    Posts
    478
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Quote Originally Posted by An Ghearb View Post
    Ach is fearr liom an leagan Béarla ná an leagan Gaeilge (bhuel, is fearr liom an rud a bhí i gceist ag Mac Fhlannchaidh ná mian Mhéabha).
    Cén difríocht a bhfuil eatarthu? Ní dóigh liom go bhfuil.

  9. #9
    Politics.ie Member
    Join Date
    May 2007
    Posts
    478
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    "Tá sí an gar di féin" Rud a deireann mo mháthar, ach as Béarla.

  10. #10
    Politics.ie Newbie
    Join Date
    Jan 2007
    Posts
    60
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Quote Originally Posted by 18 Brumaire View Post
    Cén difríocht a bhfuil eatarthu? Ní dóigh liom go bhfuil.
    Dar liom is iad tréithe an rí láidir chlasaicigh atá i gceist ag Méabh, ach is iad tréithe an duine mhacánta dhírigh atá i gceist ag Liam.

Page 1 of 2 12 LastLast

Posting Permissions

  • You may not post new threads
  • You may not post replies
  • You may not post attachments
  • You may not edit your posts
  •