Follow @PoliticsIE
 
 
 
Page 1 of 3 123 LastLast
Results 1 to 10 of 28

Thread: Oireachtas na Gaeilge 2010

  1. #1
    Politics.ie Member
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    416
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default Oireachtas na Gaeilge 2010

    An t-am sin den bhliain buailte linn arís! Cé a bheidh ag gabháil go Leitir Ceanainn agus cad leis is mó a bhfuil tú ag súil?

    Cinnte dearfa beidh mise ann. Ní chaillfinn ar ór ná ar airgead é! Ag súil go mór ach go háirithe leis na hAgallaimh Bheirte, na lúibíní, na hamhráin nuachumtha, an damhsa a fheiceáil ó stól éigin i mbeár éigin, an chraic is an comhluadar agus le roinnt CDnna nua a cheannach ag na seoltaí éagsúla a bhíonn ar siúl ann!

    Aoinne eile?

    Oireachtas na Gaeilge 2009 ba cheart dom a rá!
    Last edited by Culann; 27th October 2009 at 07:20 PM.

  2. #2
    Politics.ie Member
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    416
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Feicim go mbeidh Guth na Gaeltachta agus a bhfeachtas in aghaidh chiorruithe an Bhord Snip á sheoladh go hoifigiúil ag an Oireachtas.

    Tuilleadh Eolais:

    An Druma Mór: Guth na Gaeltachta ag an Oireachtas

    An bhfuil eolas ag aoinne eile faoi thada eile a bheidh á sheoladh ná ag tarlú ag an Oireachtas nó an dream sibh nach mbacanna leis? 'Oireachtas Virgins' mar a déarfá!

  3. #3
    Politics.ie Member
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    6,168
    Mentioned
    0 Post(s)

    Thumbs up

    Go néirí an bóthar libh!

    Beir scéal ar ais leat dúinne

  4. #4

    Default

    Tá'm cinnte go n-éiróidh go gheal leis

    Tabhair ar ais go Bleá Cliath é an bhliain seo chugainn.

    Níl a dhóthain airgid ag mic léinn bochta ar nós mé féin bheith ag taistil fud fad na tíre.

  5. #5
    Politics.ie Member
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    6,168
    Mentioned
    0 Post(s)

    Cool

    Quote Originally Posted by Ráth Cúil View Post

    Níl a dhóthain airgid ag mic léinn bochta ar nós mé féin bheith ag taistil fud fad na tíre.
    Ar an ordóg.
    Mála codlata láidir agat: codail i scioból agus féar ann.
    Déan gar nó dhó dod bhricfeasta, dinnéar is tae.
    Beir éadaigh teo leat.

    Bí seiftiúil!

  6. #6
    Politics.ie Member
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    416
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Quote Originally Posted by duine n View Post
    Ar an ordóg.
    Mála codlata láidir agat: codail i scioból agus féar ann.
    Déan gar nó dhó dod bhricfeasta, dinnéar is tae.
    Beir éadaigh teo leat.

    Bí seiftiúil!
    Mar a dhéantaí sna seanlaethanta é!

    Bhí Oireachtas na Bliana seo iontach. Craic iontach. Neart ceoil is damhsa. Neart lúibíní, agallamh beirte is amhráin nuachumhtha. Neart piontaí. Mar a bhíonn sé i gcónaí - damanta.

    An mbeidh tú ag Feile na Mí, a Ráth Cúil? Níl sé rófhada ó bhaile dhuit. Tá sé chomh maith céanna leis an Oireachtas.

  7. #7
    Politics.ie Member
    Join Date
    Nov 2009
    Posts
    920
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Seachas an chraic agus an ceol agus mar sin de, nach raibh an tAire (an gá a ainm a lua ?) chun ráiteas a dhéanamh faoin bplean 200 bliain? an bhfuil a fhios ag éinne céard a dúirt sé nó an raibh aon rud fiúntach ann? Bhreathnaigh mé ar shuíomh na roinne, ach níor tháinig mé ar an gcaint in áit ar bith. Má tá nasc ag éinne, b'fhéidir go gcuirfidh tú ar fáil anseo é chun go bhfeicfinn céard a dúirt sé.

  8. #8
    Politics.ie Member
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    416
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Quote Originally Posted by deirdrem View Post
    Seachas an chraic agus an ceol agus mar sin de, nach raibh an tAire (an gá a ainm a lua ?) chun ráiteas a dhéanamh faoin bplean 200 bliain? an bhfuil a fhios ag éinne céard a dúirt sé nó an raibh aon rud fiúntach ann? Bhreathnaigh mé ar shuíomh na roinne, ach níor tháinig mé ar an gcaint in áit ar bith. Má tá nasc ag éinne, b'fhéidir go gcuirfidh tú ar fáil anseo é chun go bhfeicfinn céard a dúirt sé.
    Níor dhúirt sé tada. Dúirt sé nach raibh cead aige aon rud a rá agus go raibh cúrsaí na Gaeilge fós á bplé ag an rialtas. Ní raibh mé i láthair ag an am ach b'in a dúradh liom.

    A Bhodaigh, an bhfuil aon fhíseán eile agat ón Oireachtas?

  9. #9
    Politics.ie Member
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    6,168
    Mentioned
    0 Post(s)

    Thumbs down

    Quote Originally Posted by Culann View Post

    Bhí Oireachtas na Bliana seo iontach. Craic iontach. Neart ceoil is damhsa. Neart lúibíní, agallamh beirte is amhráin nuachumhtha. Neart piontaí. Mar a bhíonn sé i gcónaí - damanta.

    .
    Gann ó thaobh poilitíochta mar sin?

  10. #10
    Politics.ie Member
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    416
    Mentioned
    0 Post(s)

    Default

    Quote Originally Posted by duine n View Post
    Gann ó thaobh poilitíochta mar sin?

    Sea! Agus sin mar is ceart dó bheith - muna bhfuil scéal dearfach le fógairt cibé!

    Maidir le hOireachtas na Gaeilge 2010, cé a bheidh ag gabháil. Dúradh ar Raidió na Gaeltachta inné go raibh an Gleneagle lán. Mar sin mholfainn daoibh deifir a dhéanamh ma tá lóistín uaibh!

Page 1 of 3 123 LastLast

Posting Permissions

  • You may not post new threads
  • You may not post replies
  • You may not post attachments
  • You may not edit your posts
  •