Page 1 of 3 123 LastLast
Results 1 to 10 of 30

Thread: Na Glasaigh agus FF

  1. #1
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Na Glasaigh agus FF

    Céard iad na coinníollacha a bheadh ar FF a dhéanamh sula mbeadh na Glasaigh sásta a dhul i gcomhrialtas leo?
    Mar is léir gur duine macánta 's stuama é Trevor Mac an Sáirsint agus ní bheadh sé sásta ar chor ar bith leis an gcomhaireacht is mar atá ag Bertie na laethanta seo (Bertie san áireamh). Tá an ceart agat ar ndóigh agus tá meas mór agam dó dá bharr.

    Ach dá dtabharfadh sé an bata 's an bóthar chun Roche, Cullen agus Dempsey an mbeadh sé sásta a bheith i gcomhrialtas leo nó nach bhfuil seans ar bith mar gheall ar an bhfíric go gcreideann Sargent go bhfuil gá ann do FF tréimhse a chaitheamh mar an freasúra.

    An fhadhb atá agamsa maidir leis an seasamh tógtha ag Sargent ná mura mbeadh sé sásta a bheith ag dul i gcomhrialtas le FF, ciallaíonn sé sin go mbeadh sé sásta ag dul i gcomhrialtas le FG.

  2. #2
    Politics.ie Regular Gael's Avatar
    Join Date
    Jan 2004
    Location
    Tír na nÓg
    Posts
    1,520

    Re: Na Glasaigh agus FF

    Quote Originally Posted by Gary

    Ach dá dtabharfadh sé an bata 's an bóthar chun Roche, Cullen agus Dempsey an mbeadh sé sásta a bheith i gcomhrialtas leo
    Seans go mbeadh, ach is dóigh liom go dtuigeann sé nach dtarlódh sé sin(ach amháin dá gcaillfeadh na daoine thuasluaite a suíochán, b'fhéidir :wink: ).

    Is dóigh liom go bhfuil aigne oscailte ag Sargent ach go gcreideann sé go daingean go bhfuil sé in am do Fhianna Fáil tréimhse a chaitheamh mar fhreasúra. Maidir le cás a pháirtí féin, is dóigh liom go bhfuil eolas maith aige ar an toradh toghcháin a bhí ann do Pháirtí an Lucht Oibre tar éis dóibh dul i gcomhrialtas le FF i 1992 agus an toradh tubaisteach atá i ndán don Pháirtí Daonlathach i 2007.
    Na Cearta Gaeilge atá agat:

    To view links or images in signatures your post count must be 10 or greater. You currently have 0 posts.

  3. #3
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    b'fhéidir go gcaillfeadh Fianna Fáil roinnt meáchan dá gcaithfidís tréimhse mar fhreasúra. An meáchan atá i gceist agam anseo ná Cullen, Roche agus Dempsey arís, ar ndóigh. An raibh a leithéid d'amadáin cosúil leo ann roimhe?

    toradh toghcháin a bhí ann do Pháirtí an Lucht Oibre tar éis dóibh dul i gcomhrialtas le FF i 1992 agus an toradh tubaisteach atá i ndán don Pháirtí Daonlathach i 2007.
    Ní féidir leat a bheith ag smaoineamh faoi céard a tharla le Páirtí an Lucht Oibre fadó nó aon pháirtí eile a bheidh daoine ag tuar faoi.

    Faoi láthair is léir go mbeidh an lá le FF, agus caithfidh mé a rá go mbeinn ní ba mhó sásta le FF i gcumhacht ná FG de bharr an tseasaimh tógtha ag Kenny in aghaidh na Gaeilge. Is mór an trua é mar is é sin an fhadhb amháin atá agam leo.

    --------------------------------------------------------------------------------

    I ndeireadh na dála ní bheidh Sargent an duine a bheas ag déanamh an chinnidh, 'siad muintir na hÉireann a bheas.
    So tá dhá rogha aige, is féidir leat a bheith i gcomhrialtas le FFFG agus ansin beidh sé in ann tionchar a chur ar chúrsaí i dteach Laighean, seachas a bheith ag screadáil ón fhreasúra.

    A'bhfuil sé ag rá nach bhfuil aon seans go mbeidh siad ag dul i gcumhacht le FF ariamh, is cuma cén toradh a bheidh ann tar éis an togháin

    Beidh FF/PLO/CG an rogha níos fearr agus i bhfad Éireann níos tarraingtí ná aon chomhrialtas le FG, dar liomsa.

    'Sé ATAE (Aon Taoiseach Ach Enda) an t-ainm atá ar an gcumann is nuaí tosaithe agam, is féidir libh PM a sheol chugam más maith libh a bheith ina mbaill. scíg

  4. #4
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Re: Na Glasaigh agus FF

    Quote Originally Posted by Gary
    Céard iad na coinníollacha a bheadh ar FF a dhéanamh sula mbeadh na Glasaigh sásta a dhul i gcomhrialtas leo?
    Fuair mé an freagra don cheist faoi dheireadh ar aon nós!

    Tréimhse shuimiúil amach romhainn leis an tuar ceatha nua seo faoi Bhertí
    bhur mbarúil faoi

    The Greens have also accepted that the controversial M3 motorway in Co Meath, which is to run near the Hill of Tara, will go ahead, despite its previous vociferous opposition to the plan.
    tá díomá an domhain orm faoi seo caithfidh mé a rá

  5. #5
    Politics.ie Regular Podolski's Avatar
    Join Date
    Oct 2006
    Location
    Cork
    Posts
    2,008

    Cén fáth a usaideanna an tearma "Comhaontas Glas" ag na Glasaigh fós? Ceapaim fhéin gurbh é an Pháirtí Ghlas an ainm cheart.

  6. #6
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Quote Originally Posted by Podolski
    Cén fáth a usaideanna an tearma "Comhaontas Glas" ag na Glasaigh fós? Ceapaim fhéin gurbh é an Pháirtí Ghlas an ainm cheart.
    bhuel más buan mo chuimhne, ón leabhar a bhuaigh mé ar an suíomh seo fúthu, tugadh an Green Alliance orthub nuair a bhunaíodh an páirtí i '83, ansin d'athraigh an t-ainm go dtí an Green Party cúpla bliain tar éis sin.
    Mar sin, is saghas comhréiteach é an t-ainm Green Party/Comhaontas Glas.
    Thug TG4 "An Páirt Ghlas" orthu le linn an chomhairimh, níl's agam cén fáth i ndáiríre?

    Ach ar aon nós, bhfuil tuairim ar bith agat faoin scéal sa IT inniu?
    An gcreideann tú go bhfuil bunús leis, ar cheart dona baill diúltú a thabhairt don chlár comhaontaithe don rialtas, dá mba rud é go raibh sé fíor.. srl srl

    tuairimí agus na Gaeil! bheadh sé níos éasca fuil a bhaint as na carraigeacha

  7. #7
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Feb 2007
    Posts
    20,224

    Tá an fharraige ag éirí garbh do fhianna fáil sna binsí fiosrúcháin, is cé nach bhfuilim sásta leis an margadh atá déanta go dtí seo, má choinníonn na glasaigh greim dhocht ar Fhianna Fáil, muna dtugann siad slí ar bith dóibh sna laethanta coscracha atá le teacht, tá seans ann go mbeidh siad in ann níos mó a fháisceadh astu. Tá sé ráite ag an sáirsinteach gur fianna fáil íonghlan ógh atá uathu le go rachaidís i gcomhrialtas leo, is mar sin tá cúig na láimhe le déanamh aige fós nuair a thiocfas an crú ar an tairne.
    "Only by applying the most rigorous standards do we pay writing in Irish the supreme compliment of taking it seriously." - Breandán Ó Doibhlín.

  8. #8
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    bhuel níl sé maith a dhóthain a bheith ag súil le farraigí garbha d'Fhianna Fáil sula mbeadh an páirtí in ann níos mó a fháisceadh astu
    Ar aon nós níl aon bhunús cruinn leis an scéal i ndáiríre, agus feicfidh muid go luath an fíor-chlár comhaontaithe don rialtas.
    Níl's am céard go díreach a bhí an IT ag iarraidh a dhéanamh?

  9. #9
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,527

    Más fíor gur ghéill na glasaigh cheana do bhóthar na teamhrach, níl mé cinnte cad iad na prionsabail a bheireann siad leo isteach sa rialtas. Sea, tá fhios agam gur fada polaiteoirí is prionsabail óna chéile ach shíl mé go mbeadh an Glasach le trust.

    Ní deatheist é ach go mbeadh cead a chinn ag FF agus greabhlóga ag an Glasach. Muna seasann an Glasach an fód roimh síniú an chonartha, beidh thiar air nuair nach bhfuil neart aige air agus a ainm curtha le beartaíocht FF.

  10. #10
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Bhí sé orthu comhréiteach a dhéanamh i gcónaí, ní raibh aon dhul as, bhí a fhios againn sin roimh ré.
    Ar an raidió ansan, chuala mé go mbeidh dhá shuíochán sa gcomhaireacht acub agus beidh siad in ann ceisteanna ar athrú aeráide a chur chun cinn óna suíocháin siúd.

    Dúirt Éamonn Ryan nach bhfuil sé "giving up on Tara"!!!!!!!! Cad is "giving up" ann?

    Tá Brian Scanlon, iarrthóir na nGlasach as Contae Shligigh, beagnach go hiomlán in aghaidh aon chomhrialtas le Fianna Fáil (nó an tuar ceatha nua FF/CG/PD/Nspl).....feictear dhomsa.

    Caithfidh muid go léir a chuimhniú nach bhfuil gá ag FF leis na Glasaigh freisin....
    Ach is féidir leis na Glasaigh athrú maith stairiúil a dhéanamh i bpolaitíocht na tíre seo as an mbeart seo.

    An bhfeiceann sibh baill den pháirtí ag tabhairt freagra dearfach don chlár seo?

Page 1 of 3 123 LastLast

Similar Threads

  1. Hanafin agus na Gaelscoileanna
    By túsanlae in forum Gaeilge
    Replies: 71
    Last Post: 1st May 2008, 09:46 AM
  2. Ná bí ag tiomáint agus tú ag ól
    By Gombeen in forum Gaeilge
    Replies: 7
    Last Post: 4th January 2008, 03:29 PM
  3. Lá agus an mBearla
    By Cliste in forum Gaeilge
    Replies: 30
    Last Post: 22nd August 2007, 05:11 PM
  4. Diúltaíonn na Glasaigh do Pholasaí Gaeilge Fhine Gael
    By Meath Green Party in forum Gaeilge
    Replies: 5
    Last Post: 26th February 2007, 01:44 PM
  5. Reg Empey agus an UVF
    By Rí_na_hÉireann in forum Gaeilge
    Replies: 6
    Last Post: 6th June 2006, 10:27 AM