An bhfaca aon duine eile é seo? Tá Gaeltacht nua á thógáil in áit nua i gContae na Mí. Áit darb ainm Brugh na Mí. Tá an t-eolas go léir ag an suíomh seo a leanas:
www.gael.ie
An bhfaca aon duine eile é seo? Tá Gaeltacht nua á thógáil in áit nua i gContae na Mí. Áit darb ainm Brugh na Mí. Tá an t-eolas go léir ag an suíomh seo a leanas:
www.gael.ie
Na Cearta Gaeilge atá agat:
To view links or images in signatures your post count must be 10 or greater. You currently have 0 posts.
PLEASE TRY AND INTERPRETE IT IN ENGLISH SOME TIME YOU SHOULD REALISE THAT IS BEEN READ WORLDWIDE.An bhfaca aon duine eile é seo? Tá Gaeltacht nua á thógáil in áit nua i gContae na Mí. Áit darb ainm Brugh na Mí. Tá an t-eolas go léir ag an suíomh seo a leanas:
http://www.gael.ie
Bhuel gabh mo leithscéal a dhuine uasail!
Nach dána atá mé a bheith ag scríobh i nGaeilge, nuair nach bhfuil Gaeilge agatsa! Nach mór an náire mé!!!!
Tá an suíomh féin i nGaeilge mar sin ní fiú duit féachaint air mura bhfuil Gaeilge agat, a liúdramáin!
Na Cearta Gaeilge atá agat:
To view links or images in signatures your post count must be 10 or greater. You currently have 0 posts.
Seo alt a bhí i Lá tamall óshin faoin tionscnamh seo:
AN EARNÁIL GNÓ: Brúgh na Mí: Fís go forbairt
Ar dtús bhí an fhís ag Tomás Ó Maonaile. Ach anois tá an fhís sin i bhfoirm bricí agus moirtéir ar shuíomh ina bhaile dúchais, Baile Ghib i nGaeltacht glas na Mí.
Beagnach trí bliana ó shin a thosaigh sé ag craobh-scaoileadh go mbeadh sé ag togáil sráidbhaile Ghaelaigh agus Ghlais i mBaile Ghib — agus anois tá an chéad teach ar an sráidbhaile tógtha aige.
Brúgh na Mí an t-ainm atá ar an sráidbhaile seo ina mbeidh sé theach ar dtús.
Ar ndóigh bhíodh coláiste samhraidh darbh ainm Brúgh na Mí gar don láthair le linn óige Thomáis ach níl fágtha de sin ach stuaic simléir atá infheicthe ó fhuinneog an tseomra suite sa chéad teach a tógadh ar an sráidbhaile.
Innealtóir é Tomás agus nuair a chas mé leis ar an suíomh Dé Sathairn, bhí sé ag cur barr snasa ar an staighre ag Uimhir 4, Brúgh na Mí [Cé gurb é Uimhir 4 an t-aon teach atá tógtha go dtí seo, tá sé sa cheathrú áit sa tsraith tithe atá beartaithe — léiriú eile go bhfuil sé de rún daingean ag an Mhaonaileach an tsraith iomlán a chríochnú.)
Níorbh é féin a dhear na tithe cé gur ghlac an t-ailtire, Christopher Day, a bhfuil duaiseanna idirnáisiúnta bainte aige, go leor dá thuairimí ar bord agus é i mbun tógála.
‘Pobal’ seachas ‘forbairt tithíochta’ atá mar sprioc ag Tomás.
Sampla amháin den dearcadh sin go bhfuil sé beartaithe aige carrchlós ar leith a bheith ann ina bpáirceálóidh gach duine a gcuid carranna.
I ngnátheastáit tithíochta, bheadh an carr páirceáilte taobh amuigh den doras agus bheadh fonn ar dhuine suí isteach sa charr gan faic a rá leis na comharsana roimh bóthar a bhualadh chun na hoibre nó chun na siopaí nó eile.
Sa leagan amach atá Tomás ag cur i bhfeidhme, beidh deis ag daoine casadh ar a chéile sa charrchlós agus cúpla focal a bheith acu sula mbuaileann siad bóthar.
“Ar ndóigh, tá gach seans go gcuirfidh seo ina luí ar dhaoine gur féidir leo siúl cibé áit a bhfuil sé beartaithe acu dul nó tá sé ró-éasca suí isteach sa charr nuair atá sé páirceáilte os comhair an tí.
Sa teach atá críochnaithe, tá go leor ábhar suntais fosta. Mar shampla, tá aghaidh na cistine le talamh cuibhrinn os comhair an tí.
San fhaiche seo beidh páistí na dteaghlach ag spraoi agus beidh tuismitheoirí in ann súil a choimeád orthu ón chistin mar a mbíonn siad go hiondúil le linn an lae.
Tá téamh faoi urlár ar fud an tí - níl radaitheoir le feiscint - agus tá umair taobh amuigh le huisce báistí a bhailiú le riar a dhéanamh ar leithris is mar sin de.
“Táimíd ag ullmhú don lá nuair a bheidh cáin á gearradh ar uisce,” arsa Tomás.
Tá trí sheomra leapa réasúnta mór sa teach atá tógtha, seomra folctha thuas agus thíos staighre, cistin bhreá, seomra suite le deis seomra gréine a thógáil taobh amuigh.
Lena chois sin tá cúlchistin agus oifig nó seomra leapa breise.
“Is é seo an chéad teach agus nuair a dhíolfar an teach seo beidh tithe eile á dtógáil agam,” arsa Tomás.
“Beidh cuid acu seo níos mó ná an teach seo.”
Agus an cheist thábhachtach; cén praghas a bheidh ar an dteach úr: “€270,000” an freagra ó Thomás, “praghas an mhargaidh.”
Roimhe seo bhí sé sásta praghas níos ísle a chur ar an dteach chomh fada is go mbeadh Gaeilgeoirí sásta conradh a shíniú go mbeidís sásta an teach a dhíol le Gaeilgeoir eile.
“Ach ní raibh daoine sásta seo a dhéanamh,” ar sé.
Má cheapann tú gur praghas sách ard é seo le híoc ar theach faoin dtuath, ní mór a thabhairt chun cuimhne nach bhfaighfeá teach den méid céanna dá mbeifeá á lorg i mBaile Átha Cliath féin.
“Is féidir léim ar an mbus atá dhá nóiméad ón teach agus tabharfaidh sé sin go lár na cathrach thú in uair a chloig - bíonn busanna gach ceathrú uair a chloig ó 6rn.”
Ach tá súil ag Tomás freisin go mbeidh daoine in ann obair ón baile i mBrú na Mí. Agus beidh áiseanna á dtógáil mar chuid den sráidbhaile - ina measc naíolann, ionad fiontair agus óstán beag.
Tá scoil lán-Ghaelach béal dorais leis an sráidbhaile agus tá eaglaisí gar dó freisin.
“Tá go leor fiosruithe ag teacht isteach ach níl an teach seo ceannaithe go fóill,” arsa Tomás.
Is féidir a thuilleadh eolais a fháil ag www.gael.ie nó trí ghlaoch a
chur air ar 087 8111521. Is fiú cuairt a thabhairt ar Bhrúgh na Mí chun an áit a bhlaiseadh duit féin.
Ina dhiaidh sin agus uile, b’fhéidir go mbeifeá i do chónaí ann amach anseo!
Ni raibh an t-alt sin feicthe agam. GRMA![]()
Na Cearta Gaeilge atá agat:
To view links or images in signatures your post count must be 10 or greater. You currently have 0 posts.
Nach iontach é sin? Go raibh maith agat Gael, níor chual mé faoi riamh roimhe seo.
(PS bello, this part of the forum is dedicated for discussion in Irish for those of us who wish to speak it. I think you'll find that 99% of the site is in English.)
Tá alt ar an suíomh féin as na Sunday Times.
Na Cearta Gaeilge atá agat:
To view links or images in signatures your post count must be 10 or greater. You currently have 0 posts.
Tá sé feicthe agam fadó is cosúil go bhfuil ceann amháin de na tithe tógtha cheanna féin.
Ach cad mar gheall ar an sean Gaeltacht? Conas ar éirigh le ionadaithe Gaeltachta sna toghcháin le déanaí.
Bhfuil leathannach ghréaséain ag éinne de na hiarrathéoirí acu seachas Ó Cuaig agus Ó Curaoin i gConamara?
Bhfuil smaoineamh ag éinne ar an smaoineamh faoi Comhairele Chontae do Chonamara nó don Ghaeltacht mar Comhairle Áitiúil speisialta?
Dia libh
"Bhfuil smaoineamh ag éinne ar an smaoineamh faoi Comhairele Chontae do Chonamara nó don Ghaeltacht mar Comhairle Áitiúil speisialta?"
Ba chóir go bhfuil Comhailre speisialta agus go bhfuil clár cosúl leis "The Week in Politics" ar TG4. Tá an clár ag teacht- ach níl a fhios agam cathain.
Maidir leis an Comhairle speisialta- má bhfuil tú i do chonaí sa Ghaeltacht- cur feachtas le chéile. Tá muinín agam go mbeadh Conradh na Gaeilge, Gael Taca agus na comhlachtáí eile ar bord. Bheadh a lán daoine sa Ghaltacht ag tabhairt tacú libh.
Sílim go bhfuil Seosamh Ó Cuaig i bhfábhar Chomhairle Chonamara - bhféidir gur ceart teangabháil a dhéanamh leis.
Tá suíomh idirlíon aige ag http://anghaeltacht.net/cuaigso