Page 3 of 6 FirstFirst 12345 ... LastLast
Results 21 to 30 of 54

Thread: Rith 2010 - Cé a bheidh ag rith?

  1. #21
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Quote Originally Posted by An Ghearb View Post
    Conas a d'éirigh leat, a Chulainn?
    Go han-mhaith. Rith mé ciliméadair. Tá ag éirí go hiontach leis i gcoitinne. Is cosúil go raibh os cionn 1,000 amuigh ar na sráideanna ag tacú leis i nDún Dealgan agus sluaite móra amuigh i mBaile Shláine agus san Uaimh. Chríochnaigh sé ag 10.30 i Ráth Chairn agus bhí seisiún go maidin ann! Beidh lá mór inniu ann i mBaile Átha Cliath déarfainn. Tá súil agam go gcuireann sé an trácht as riocht agus go dtugtar faoi deara é. Déarfainn go bhfuil os cionn míle tar éis rith cheana féin - go héasca.
    Last edited by Culann; 11th March 2010 at 10:40 AM.

  2. #22
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Cén chaoi ar éirigh le Rith i mBaile Átha Cliath inné. Chonaic mé mír bheag den rith ar Nuacht TG4 inné agus bhí cuma mhaith air. Tá mé ag ceapadh go bhfuil éagóir á dhéanamh ag na meáin air. Seachas LMFM, na meáin Ghaeilge agus Tuairiscí an AA ní dóigh liom go bhfuil mórán poiblíochta á tabhairt dó - go bhfios dom. Níor tharla a leithéid cheana. Cheapfá go mbeadh sé go mór i mbéal an phobail.

  3. #23
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,379

    Quote Originally Posted by Culann View Post
    Go han-mhaith. Rith mé ciliméadair..
    Anois go bhfuil an anáil ar ais agat, a chulainn, abair linn, an b'fhiú an braon allais????

  4. #24
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Ara b'fhiú go mór é. Bhí an-chraic go deo ann. Chuir na Gardaí, an t-otharcharr, príomhcharr Rith agus Veain Camper Rith go mór leis. Cheap mé go raibh mé an-tábhachtach ar feadh 6 nóiméad nó mar sin!

  5. #25
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,379

    Quote Originally Posted by Culann View Post
    Ara b'fhiú go mór é. Bhí an-chraic go deo ann...... Cheap mé go raibh mé an-tábhachtach ar feadh 6 nóiméad nó mar sin!

    Comhghairdeas. Maith an fear!

    Shíl mé go raibh baint éigin leis an eachtra le Gaeilge a labhairt. Ach bhí dul amú orm , is dócha.! Leithscéal le airgead a mhealladh ?

  6. #26
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Quote Originally Posted by duine n View Post
    Comhghairdeas. Maith an fear!

    Shíl mé go raibh baint éigin leis an eachtra le Gaeilge a labhairt. Ach bhí dul amú orm , is dócha.! Leithscéal le airgead a mhealladh ?
    Muise tá neart Gaeilge á labhairt agus le feiceáil ann. Is í an aidhm atá le leis airgead a bhailiú le dáileadh ar imeachtaí Gaeilge agus ar phobail a gcuireann an Ghaeilge chun cinn ina bpobail féin trí imeachtaí Gaeilge a eagrú. D'fhéadfá a rá gur fondúireacht atá inti.

  7. #27
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,379

    Quote Originally Posted by Culann View Post
    Muise tá neart Gaeilge á labhairt agus le feiceáil ann. Is í an aidhm atá le leis airgead a bhailiú le dáileadh ar imeachtaí Gaeilge agus ar phobail a gcuireann an Ghaeilge chun cinn ina bpobail féin trí imeachtaí Gaeilge a eagrú. D'fhéadfá a rá gur fondúireacht atá inti.
    An mó a bhailigh tusa, muna dochar dom an cheist a chur?

  8. #28
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Quote Originally Posted by duine n View Post
    An mó a bhailigh tusa, muna dochar dom an cheist a chur?
    Níor bhailigh mé tada. D'íoc an grúpa a raibh mé páirteach ann €100 don chiliméadar a rith. Bhí praghsanna éagsúla ar na ciliméadair. BHí €20 ar na ciliméadair i lár na hoíche, €50 ar na ciliméadair idir bhailte, €100 ar na ciliméadair ar imeall bailte agus €250 ar na ciliméadair i lár bailte agus cathracha. B'in mar a bhailigh siad a gcuid airgid. Deirtear liom go bhfuil ag éirí go hiontach leis in ainneoin na heaspa tacaíochta ó na meáin.

  9. #29
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,379

    Quote Originally Posted by Culann View Post
    Níor bhailigh mé tada. D'íoc an grúpa a raibh mé páirteach ann €100 don chiliméadar a rith. Bhí praghsanna éagsúla ar na ciliméadair. BHí €20 ar na ciliméadair i lár na hoíche, €50 ar na ciliméadair idir bhailte, €100 ar na ciliméadair ar imeall bailte agus €250 ar na ciliméadair i lár bailte agus cathracha. B'in mar a bhailigh siad a gcuid airgid. Deirtear liom go bhfuil ag éirí go hiontach leis in ainneoin na heaspa tacaíochta ó na meáin.
    Úm! Smaoineamh úr a bhí ann airgead a bhailiú.

    "ainneoin na heaspa tacaíochta ó na meáin"
    Seans nach raibh sé inscéil!!!!!!!!!

  10. #30
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Quote Originally Posted by duine n View Post
    Úm! Smaoineamh úr a bhí ann airgead a bhailiú.

    "ainneoin na heaspa tacaíochta ó na meáin"
    Seans nach raibh sé inscéil!!!!!!!!!
    Is é an 'relay' is mó a bhí in Éirinn riamh. Déarfainn go mbeidh os cionn 20,000 duine théis pairt a ghlacadh ann faoin am a mbeidh sé thart. Ta CLG, Cumann Sacair na hÉireann agus an IRFU go hiomlán taobh thiar de ach fós ní raibh sé sách mór nó sách tábhacht a bheith ar an nuacht ag a sé ar RTÉ. Ní dhearna na meáin chlóite Bhéarla clúdach ar bith air. Ní thuigim cén fáth.

Page 3 of 6 FirstFirst 12345 ... LastLast

Similar Threads

  1. Budget 2010 Predictions
    By Wakeupcall in forum Economy
    Replies: 66
    Last Post: 9th December 2009, 06:34 PM
  2. Exchequer Deficit of 18-20% of GDP in 2010?
    By kerrynorth in forum Economy
    Replies: 40
    Last Post: 29th August 2009, 05:14 PM
  3. The world in 2010
    By seabhcan in forum Foreign Affairs
    Replies: 2
    Last Post: 5th April 2009, 10:59 AM
  4. Replies: 14
    Last Post: 27th November 2008, 08:23 PM