Bhí mé ag breathnú ar Shuíomh Idirlín Rith 2010 an lá cheana agus feicim go bhfuil an post seo thíos á fhógairt acu i leith an togra iontaigh seo.
Bainisteoir Imeachta Rith 2010
Cuireann “Rith Teo” fáilte roimh iarratais ó dhaoine a mbeadh spéis acu sa phost mar Bhainisteoir Imeachta le haghaidh an imeachta náisiúnta “Rith 2010.”
Is féile náisiúnta nua d'Éirinn é Rith 2010 a bheidh ar siúl ón 10-17 Márta 2010 mar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Tá cúrsa 1600km leagtha amach chun ollrith sealaíochta gan stad a dhéanamh ó Bhéal Feirste go Gaillimh thar 7 lá leis na mílte duine ag glacadh páirte thar 400 baile. Is slí úrnua é Rith 2010 chun teanga agus cultúr na Gaeilge a cheiliúradh go feiceálach i bpobail ar fud na hÉireann.
Is conradh sealadach de 6 mhí a bheidh i gceist don phost.
Beidh bunthuarastal i gceist don phost le féidearthacht do bhónas fheidhmíochta.
Ní mór do gach iarrthóir na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:
Cáilíocht 3ú leibhéil
Gaeilge scríofa agus labhartha d'ardchaighdeán
Taithí ar bhainistíocht tionscnaimh agus ama
Taithí ar riarachán agus bainistíocht airgeadais
Scileanna ríomhaireachta agus teicniúla
Scileanna maithe cumarsáide agus idirphearsanta
Ceadúnas tiomána iomlán agus glan
Is féidir iarratas a dhéanamh trí C.V. a sheoladh chuig post@rith.ie
Thíos tá téacs ríomhphoist a fuair mé ó lucht eagraithe Rith 2010. Is léir go bhfuil siad ag obair leo i dtreo mhí an Mhárta. An mbeidh duine ar bith ón suíomh seo ag déanamh aon rud le cinntiú go n-éireoidh leis?
Rith, Run, craic & spraoi! Rith 2010, Féile Ghaeilge, Rás Sealaíochta Éireann, Féile Éireannach
Ar chuala tú faoi Rith 2010?
Is féile náisiúnta úrnua é Rith 2010, Rith 2010, Féile Ghaeilge, Rás Sealaíochta Éireann, Féile Éireannach chun an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann a cheiliúradh chomh maith le hairgead a bhailiú ar son na teanga.
Beidh Rith 2010 ar siúl ón 10-17 Márta 2010 mar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Tá cúrsa 1600km leagtha amach chun ollrith sealaíochta gan stad a dhéanamh ó Bhéal Feirste go Gaillimh, thar seacht lá leis na mílte duine ag glacadh páirte in ocht gcontae dhéag den tír.
Buaicphointí na féile:
• Ceolchoirm an Mheánoíche i mBéal Feirste, 9 Márta, ag cur tús leis an rith 1600 ciliméadar
• Imeachtaí fáilte agus ceiliúradh do Rith 2010 eagraithe ar an gcúrsa
• Club Rith – oícheanta sóisialta oifigiúla in ionad faoi leith gach oíche
• Searmanas críochnaithe mar pháirt de pharáid Lá Fhéile Pádraig i nGaillimh
• Pacáiste ábhair agus tacaíochta do scoileanna
• Comórtas Náisiúnta
• Pacáiste saoire eagraithe le Extreme Ireland
• Ciste ‘Rith ar son na Gaeilge’
Tá fáilte roimh gach duine páirt a ghlacadh i Rith 2010 mar sin scaip an scéal!
Tuilleadh eolais: Rith 2010, Féile Ghaeilge, Rás Sealaíochta Éireann, Féile Éireannach
Rith 2010 seolta go hoifigiúil anois. Bhí Bláthnaid Ní Chofaigh, Luke Fitzgerald IRFU, Anthony Moyles GAA agus Ollie Cahill FAI i láthair ag an seoladh - tacaíocht ó gach eagraíocht mór spóirt in Éirinn. Seo thíos preasráiteas a chuir foireann Rith 2010 amach inné:
Fógairt na Sonraí Rith 2010
Fógraíodh sonraí Rith 2010 i mBaile Átha Cliath inniu (25 Eanáir). Tosóidh Rith 2010 - féile agus ollrith ar son na Gaeilge ar an 9 Márta i mBéal Feirste agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí Lá Fhéile Pádraig áit a gcríochnóidh sé i gcathair na Gaillimhe. Tá súil go mbeidh na mílte ag rith ar son na Gaeilge áit a mbeidh bata sealaíochta á n-iompar acu ina mbeidh teachtaireacht ó Uachtarán na hÉireann istigh ann. Léifear amach an teachtaireacht seo ag deireadh an reatha ar Lá Fhéile Pádraig.
Is slí úrnua é Rith 2010 chun teanga agus cultúr na Gaeilge a cheiliúradh go feiceálach i bpobail ar fud na hÉireann agus airgead a bhailiú d'fhorbairt na Gaeilge ag an am céanna. Tá Rith 2010 maoinithe i bpáirt ag Foras na Gaeilge.
Tagann an smaoineamh taobh thiar de Rith 2010 ón bhféile Korrika a tharlaíonn gach dara bliain i dTír na mBascach ó na hochtóidí. An bhliain seo caite ghlac 600,000 duine páirt i Korrika agus bíonn ceol agus imeachtaí cultúrtha lárnach sa bhféile chéanna.
“Táimid ar bís faoin imeacht úrnua seo,” a dúirt Siobhán Seoighe, Bainisteoir Imeachta, Rith 2010. “Tá sé feicthe againn mar a dhéanann Tír na mBascach ceiliúradh ar a gcuid teanga agus cultúr go feiceálach agus shocraíomar é a thriail anseo go hÉireann. Is ceiliúradh é seo ina mbeidh na mílte duine in ann a mbród a léiriú i leith na Gaeilge” a dúirt sí.
Is féidir le grúpaí pobail, scoileanna, clubanna, nó daoine aonair páirt a ghlacadh i Rith 2010 ar iliomad bealaí – téigh chuig Rith 2010, Féile Ghaeilge, Rás Sealaíochta Éireann, Féile Éireannach. Rachaidh an t-airgead ar fad ó Rith 2010 go Ciste Rith, a chuirfidh maoiniú ar fáil amach anseo do thograí Gaeilge ar fud na tíre.
Chomh maith leis an rith é féin, beidh neart imeachtaí ar siúl timpeall na tíre mar chuid de Sheachtain na Gaeilge a bheidh ag tarlú ag an am céanna. Mar sin, ceannaigh ciliméadar, tacaigh leis an nGaeilge agus tar amach le linn na coicíse – beidh neart craic, ceol agus, ar ndóigh, Rith i gceist.
Cá bhéas tú páirteach ann, a Chulann?
Beidh rith ag tosú Dé Luain i mBéal Feirste. Cé a bheidh ag rith? Beidh mise ag rith ciliméadair i gcontae na mí agus ag gabháil ar an bpiss ina dhiaidh sa mBradán Feasa i Ráth Chairn.
Conas a d'éirigh leat, a Chulainn?
Seo suíomh GPS de chuid Rith, ionas gur féidir libh súil a choinneáil ar an rith agus an áit ina bhfuil sé.
Níl aon leithscéal agaibh anois. Téigí amach agus rith leo.