Page 1 of 72 1231151 ... LastLast
Results 1 to 10 of 718

Thread: Moltaí Leabhar

  1. #1
    Politics.ie Regular Gael's Avatar
    Join Date
    Jan 2004
    Location
    Tír na nÓg
    Posts
    1,520

    Moltaí Leabhar

    An bhfuil aon leabhair Ghaeilge mhaithe le moladh agaibh a chairde?

    Is leabhar an-suimiúil é seo ar athbheochan na hEabhraise in Iosrael agus na ceachtanna atá don Ghaeilge uaidh sin:

    Athbheochan na hEabhraise: Ceacht don Ghaeilge?
    Na Cearta Gaeilge atá agat:

    To view links or images in signatures your post count must be 10 or greater. You currently have 0 posts.

  2. #2
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Re: Moltaí Leabhar

    Quote Originally Posted by Gael

    Táim tar éis ag léamh an leabhar staire faoi Éamonn Ceannt "Supreme Sacrafice", léargas suimiúil faoina shaol agus an ghrá a bhí aige don Ghaeilge agus cultúr na nGael atá ann.
    Tá sé ar intinn agam suíomh viki faoi a dhéanamh go luath.

    Maidir leis an leabhar sin a mhol tú ansin, a' bhfuil sé léite agat go fóill?

    Ní chreidim féin go bhfuil mórán a bheith foghlamtha as cás an Eabhrais san Iosrael mar ba teanga mharbh í ag an am, agus bhí siad in ann teanga nua a chruthú ar bhonn sean-Eabhrais, níl an cás céanna i leith na Gaeilge...

    ...mar tá sí fós beo.

  3. #3
    Politics.ie Regular Gael's Avatar
    Join Date
    Jan 2004
    Location
    Tír na nÓg
    Posts
    1,520

    Re: Moltaí Leabhar

    Quote Originally Posted by Gary

    Cinnte níl siad díreach mar a gcéanna, ach tugann sé léargas an-mhaith ar phleanáil teanga rathúil, rud atá ag teastáil go géar sa tír seo. Is fiú é a léamh ar a son sin.

    Seo úrscéal an-mhaith a léigh mé tamall de bhlianta ó shin: Ceol an Phíobaire, le Colm Mac Confhaola

    Tá sé suite in aimsir Éirí Amach 1798. Mheas mé go raibh sé an-suimiúil sa chaoi go bhfuil go leor carachtar ann gan Ghaeilge ar bith(an Tiarna Talún áitiúil mar shampla) a labhraíonn as Béarla sa leabhar, le hais Ghaeilge na gcarachtar eile. Léirigh sé Breac-Ghaeltacht Loch Garman san aimsir sin go han-mhaith.
    Ach in ainneoin go raibh sé lonnaithe i 1798, bhí sé dírithe ar an taobh daonna den scéal agus ní ar an bpolaitíocht.
    Bhain mé an-taitneamh as. B'fhiú dom é a léamh arís i ndáiríre. N'fheadar cá bhfuil sé imithe......
    Na Cearta Gaeilge atá agat:

    To view links or images in signatures your post count must be 10 or greater. You currently have 0 posts.

  4. #4
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Cinnte níl siad díreach mar a gcéanna, ach tugann sé léargas an-mhaith ar phleanáil teanga rathúil, rud atá ag teastáil go géar sa tír seo. Is fiú é a léamh ar a son sin.
    Céard iad na moltaí nochta aige i leith phleanáil teanga rathúil?
    Bheadh a lán le foghlaim againn maidir le rudaí mar sin, gan amhras.

    Ceol an Phíobaire, le Colm Mac Confhaola

    Tá sé suite in aimsir Éirí Amach 1798. Mheas mé go raibh sé an-suimiúil sa chaoi go bhfuil go leor carachtar ann gan Ghaeilge ar bith(an Tiarna Talún áitiúil mar shampla) a labhraíonn as Béarla sa leabhar, le hais Ghaeilge na gcarachtar eile. Léirigh sé Breac-Ghaeltacht Loch Garman san aimsir sin go han-mhaith.
    Táim ag fanacht leis mo chárta creidmheasa faoi láthair ach beidh an leabhar sin an chéad cheann a cheannóidh mé leis.
    Is maith liom an tslí ina bhfuil Gaeilge ag na daoine le Gaeilge agus Béarla ag na Béarlóirí, smaoineamh cliste.

  5. #5
    Politics.ie Regular Gael's Avatar
    Join Date
    Jan 2004
    Location
    Tír na nÓg
    Posts
    1,520
    Na Cearta Gaeilge atá agat:

    To view links or images in signatures your post count must be 10 or greater. You currently have 0 posts.

  6. #6
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Léigh mé An Béal Bocht le linn an deiridh seachtaine, agus tá gach rud a deirtear faoi fhíor. Tá sé chomh greannmhar in áiteanna agus cliste chomh maith. Cuireann sé an fonn orm an "An tOileánach" agus an "Caisleáin Óir" a léamh anois. Agus leáfaidh mé é gan dabht.

    Bhíos (mar a deir Bónapárt) ag gáire os ard ag an bpíosa faoina cheiliúradh pósta,agus an píosa faoi na "Gaeil Uaisle" as Bleá Cliath ag plé gach rud Gaelach thíos i gCorca Dorcha agus na hainmneacha a raibh orthu "An Sionnach Seang", "An tUbh Donn" agus "An Cat Chonnacht" srl ... bhí mo dhuine in aice liom ar an traein ag stánadh orm, agus mé ag léamh an leabhar beag dearg Gaelach sin.
    Thar cionn.

    léigh mé an t-úrscéal ag Joe Steve Ó Neachtain le déanaí leis. "Lámh Láidir" an t-ainm atá air. Bhí an t-úrscéal sin an chéad úrscéal a léigh mé ar feadh i bhfad. Agus bhí sé ar fheabhas - ar fad - ar fad freisin.

  7. #7
    Politics.ie Member
    Join Date
    Jun 2006
    Location
    Aontas Sóvéideach na hÉireann
    Posts
    31,427

    Tá "An Nollaig Thiar" le Breandán Ó hEithir, ar ceann de na leabhair is fearr liom in aon teanga. Tá spiorad na Nollag le fáil ann i slí díreach agus cumhachtach nach bhfuil léite agam in aon saothar eile. Ná déan dearmad ar na haistriúcáin iontacha a rinneadh le himeacht na blianta. Taitníonn an aistriúcán de "Dhracula" le Bram Stoker, a chur an Gúm amach, atá curtha i nGaeilge ag Seán Ó Cuirrín go mór liom. Úsaideann sé cineál Gaeilge atá bunaithe ar an nGaeilge Clasaiceach. Teanga uasal, cathréimeach, meanaoiseach atá ann, a cuireanns in iúl foraoiseacha, sleibhte, gleannta agus aibhneacha an "Bhurgo Pass", agus an ceo rúndiamhair ag sníomh mar nathar eatarthu, a bhfad nios fearr ná Bearla 19ú haoiseach an bhun-leagan. (Tá cur sios pearsanta agam ar seo, mar táim pósta ag bean a tógadh i bhfoisceacht fiche míle ón mBurgo Pass.) Tagann an leabhar seo le pictúirí taibhsiúil, deanta ag fear ón Rómáin darb ainm Ion Codrescu, a chuireanns go mór le síobhracht an saothair.

  8. #8
    Politics.ie Regular Gael's Avatar
    Join Date
    Jan 2004
    Location
    Tír na nÓg
    Posts
    1,520

    Quote Originally Posted by Cael

    Tá an leagan Gaelach sin de Dracula léite agamsa chomh maith. Is cinnte gur ealaíonta an Ghaeilge atá ann. Aistriúchán den scoth.
    Na Cearta Gaeilge atá agat:

    To view links or images in signatures your post count must be 10 or greater. You currently have 0 posts.

  9. #9
    Politics.ie Regular Gael's Avatar
    Join Date
    Jan 2004
    Location
    Tír na nÓg
    Posts
    1,520

    Tá cuma an-suim ar an leabhar seo.
    Na Cearta Gaeilge atá agat:

    To view links or images in signatures your post count must be 10 or greater. You currently have 0 posts.

  10. #10
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,527

    Ar léigh éinne leabhair Ghaeilge le déanaí : :wink:

Page 1 of 72 1231151 ... LastLast

Similar Threads

  1. Dhá Leabhar Mhóra.....
    By Gael in forum Gaeilge
    Replies: 19
    Last Post: 26th August 2008, 06:26 PM
  2. Leabhar Filiocht na h-Ardteist
    By the impossibilist in forum Gaeilge
    Replies: 4
    Last Post: 7th August 2008, 05:14 PM
  3. Moltaí faoi leasú an rialtais áitiúil
    By Evil Eco-Fascist in forum Gaeilge
    Replies: 12
    Last Post: 1st May 2008, 10:21 AM