An bhfuil fhios ag éinne, an bhfuil an leabhair seo a fhuaireadh sa phortach as Gaeilge nó as an Laidin?
An bhfuil fhios ag éinne, an bhfuil an leabhair seo a fhuaireadh sa phortach as Gaeilge nó as an Laidin?
Tá an méid is féidir leo a léamh as Laidin, ach tá go leor de nach féidir leo a léamh go dtí go ndéanfaidh siad athchóiriú air. D'fhéadfadh Gaeilge a bheith ann chomh maith, ach ní féidir a bheith cinnte faoin am seo.
Deir siad go bhfuil thart ar 20 leathanach ann, ach ní féidir ach leathanach amháin a léamh faoi láthair, is é sin, Salm 83.
Ach cuimhnigh gur thosaigh scríobh na Gaeilge ar lámhscríbhinní Laidine sa chéad áit, mar sin tá an seans sin ann. B'fhiú féachaint ar na tuairiscí go léir atá ann faoi, chun níos mó eolais a fháil:
http://www.rte.ie/news/2006/0725/manuscript.html
http://www.cnn.com/2006/WORLD/europe/07 ... index.html
http://u.tv/newsroom/indepth.asp?id=75446&pt=n
http://news.scotsman.com/latest.cfm?id=1081762006
Na Cearta Gaeilge atá agat:
To view links or images in signatures your post count must be 10 or greater. You currently have 0 posts.
As Laidín, go bhfios dom, ach tá seans ann go mbeidh nótaí scríobhta sna h-imlínte. Bheadh nótaí mar seo i bhfad níos tabhachtaí ná phríomh lámhscríbhinn an leabhair.An bhfuil fhios ag éinne, an bhfuil an leabhair seo a fhuaireadh sa phortach as Gaeilge nó as an Laidin?
Bhuel, tá súil agam go bhfuil nótaí ann sna himlínte - chuirfidis go mór lenár gcuid eolais ar theanga na linne sinn. Go raibh maith as na links, thug mé faoi deara an ráiteas seo ó John O`Donoghue:
"This most fortunate of discoveries testifies to the high achievements of our Early Christian civilisation and to the responsibility of the present generation in the preservation of our unparalleled legacy from the past."
Nach mór an trua nach bhfuil an meon céanna ag Fianna Fáil i dtaobh an iarsma is tábhachtaí dá bhfuil againn .i. Teamhair.
FF = Fimínigh FhealltachaOriginally Posted by Cael
Na Cearta Gaeilge atá agat:
To view links or images in signatures your post count must be 10 or greater. You currently have 0 posts.