Results 1 to 5 of 5

Thread: Deireadh leis an nGaeltacht?

  1. #1
    Politics.ie Newbie
    Join Date
    Jun 2004
    Location
    Conamara
    Posts
    74

    Deireadh leis an nGaeltacht?

    Cad a cheapann sibh faoin gcinneadh deireannach ag Comhairle Chontae na Gaillimhe teora nua a chuir leis an gcoinníol teanga.

    Is cosúil go bhfuil trí cineál Gaeltacht ann anois, Gaeltacht láidir nach bhfuil gá leis - siar ón gCeathrú Rua, Gaeltacht caite nach bhfuil gá le coinníoll teanga - Bearna, Maigh Chuilleann 7eile, agus, Gaeltacht Cois Fhairrge ó na Forbacha siar go dtí an Ceathrú Rua.

    Ar léigh sibh alt Trevor Ó Clocheartaigh i Lá inné? Tá sé le fáil ag http://ceistmhor.blogspot.com/

    Eoin

  2. #2
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    so, ní bheadh aon choinníol teanga ach óna Forbacha siar go dtí an Ceathrú rua. A'bhfuil an ceart agam maidir leis sin?

    Beidh na forbróirí in ann tithe a chur suas siar ón Cheathrú Rua agus thiar óna Forbacha. A'bhfuil an ceart agam ansin arís?

    níl aon chiall ar bith leis seo. is féidir le gach duine a bhreathnú céard a tharla sa Bhearna nó Baaaeeerrnnnna mar a thug na posh fools air na laethanta seo.
    bheadh sé ina feart dá dtiocfaidh an t-iarthar slán as an boom seo, boom na forbróirí.
    nílim ag caint faoi na Gaeltachtaí amháin.. bíonn an léirscrios seo ag dul ar aghaidh i ngach sráidbhaile timpeall an iarthair agus na tíre.
    Ar a laghad tá an teanga agaibhse chun an scrios a ghabhail.

    Cá bhfuil Niall Ó Brolacáin (sic) anois maidir leis seo

  3. #3
    Politics.ie Newbie
    Join Date
    Jun 2004
    Location
    Conamara
    Posts
    74

    Níl sé fíor ina iomlán go mbeidh "carte blanche" siar ón gCeathrú Rua.

    Is cosúil go bhfuil teora curtha leis sna ceantaireacha CLÁR sa Gaeltacht .i. Siar ón gCeathrú Rua go hIorrais Aithneach. Seo hiad na coinníollacha nua atá leagtha síos ag na Comhairleoirí:

    (a) Daoine áitiúla
    (b) Gaeilgeoirí as áit ar bith ar fud an domhain
    (c) Daoine as an áit a chuaigh ar imirce agus a gclann siúd
    (d) Daoine as an áit atá in reigiúin eile ar fúd na tíre agus a gclann siúd.
    (e) Daoine a bheadh fostaithe san áit, féinfhostaithe nó in ann tionscail eicint a chur chun cinn.

    I gcás Cois Fhairrge beidh an sean-choinníoll ann - ach is cosúil nach bhfuil an Bórd Pleanála sásta go bhfuil oifigigh an Co.Co. ag oibriú an chóras i gceart. "..I do not understand, nor accept, " a deireann Kevin Moore ón mBórd, "why the planning authority is avoiding its responsibility to set out the main parameters of a language condition. In my view this can only be construed as unhelpful when there is a neccessary aim to promote and conserve the Irish speaking community, particularly in such a velnerable community as Na Forbacha...."

    Tá sé spéisiúl nach bhfuil go ndeireann sé pobal (Irish speaking community) agus nach deireann se Gaeilge (language)?

    Eoin

  4. #4
    Politics.ie Newbie
    Join Date
    Jun 2004
    Location
    Conamara
    Posts
    74

    Foilsíodh ainilís Dhonnchadh Uí Éallaithe ar réamh thuairisc ón Oifig Staidrimh ar Daonáireamh 2006 i bhFoinse inné.

    Tá sé le fáil ar an líon af http://anghaeltacht.net/ctg/daonra06.html

    Eoin

  5. #5
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Quote Originally Posted by readout
    Foilsíodh ainilís Dhonnchadh Uí Éallaithe ar réamh thuairisc ón Oifig Staidrimh ar Daonáireamh 2006 i bhFoinse inné.

    Tá sé le fáil ar an líon af http://anghaeltacht.net/ctg/daonra06.html

    Eoin
    Feictear domsa nach bhfuil na torthaí seo aon chúis ar bith le haghaidh ceiliúradh, mar taispeánann siad an fhíric go bhfuil na Béarlóirí ag laghdú na Gaeltachtaí cosúil le galar nó rud éigin, mar a spréann sé as an chathrach.

    grma as an nasc.

Similar Threads

  1. Deireadh le Foinse???????????
    By Culann in forum Gaeilge
    Replies: 86
    Last Post: 21st November 2009, 01:31 PM
  2. Deireadh Stáit Pacastáin?
    By Dubhlinneach in forum Gaeilge
    Replies: 5
    Last Post: 30th April 2009, 05:37 PM
  3. Deireadh leis an iris Comhar
    By Gombeen in forum Gaeilge
    Replies: 99
    Last Post: 12th August 2008, 02:40 PM
  4. an toghchán i ngaeltacht na gaillimhe
    By túsanlae in forum Gaeilge
    Replies: 11
    Last Post: 15th May 2007, 10:12 AM
  5. Deireadh leis an oideachas ordúl
    By Seanan in forum Gaeilge
    Replies: 25
    Last Post: 15th January 2007, 11:39 AM