Cuirim i gcás gur chuala sibh uilig faoin scéal seo - is cosúil go bhfuil David Ervine ag dul isteach faoi scáth an UUP sa tionól.
http://news.bbc.co.uk/1/hi/northern_ireland/5042242.stm
Iad siúd nach raibh sásta cumhacht a roinnt le Sinn Féin cúpla bliain ó shin agus anois tá siad sásta David Ervine a tharraignt isteach ina bpáirtí.
Níor cheadaigh siad do Shinn Féin bheith sa rialtas toisc go raibh baint acu leis an IRA, cé go raibh ceasefire ar súil acu, is anois tá Reg sásta baint a dhéanamh idir iad féin agus an UVF, cé nach bhfuil ceasefire acu ar chór ar bith agus is léir nach bhfuil sé ar intinn acu stad a chur lena ngníomhaíochtaí. Cad é an difir idir an dá staid seo? Cad chuige a bhfuil a meoin chomh athraithe sin anois?
An é seo fimíneacht ar thaobh na dílseoirí arís? Ar cheart é dá gcuirfí smachtbhanna orthu mar a cuireadh ar Sinn Féin riamh? Cad iad bhur dtuairimí faoin scéal seo?



LinkBack URL
About LinkBacks
Reply With Quote