Results 1 to 5 of 5

Thread: Teach an Phiarsaigh i Ros Muc

  1. #1
    Politics.ie Regular Gael's Avatar
    Join Date
    Jan 2004
    Location
    Tír na nÓg
    Posts
    1,520

    Teach an Phiarsaigh i Ros Muc

    Tá grúpa daoine ag iarraidh go ndéanfaidh ionad oidhreachta den teach a bhí ag Pádraig Mac Piarais i Ros Muc i nGaeltacht Chonamara.
    Gheall an rialtas roimhe seo go ndéanfaí ionad oidhreachta de.

    Ó nuacht.com

    Éileamh do Theach an Phiarsaigh le déanamh i mBÁC


    Tá plean á chur le chéile chun imeacht a reachtáil i mBaile Átha Cliath le tacú leis an éileamh ar Ionad Oidhreachta ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc.
    Corradh is 150 duine a d’fhreastail ar shlógadh ar son an ionaid i Ros Muc inné agus tá ullmhúchán tosaithe cheana chun ócáid tacaíochta eile a reachtáil i mBaile Átha Cliath.
    Ar an slua mór a ghlac páirt i slógadh an lae inné, bhí ceathrar ball tofa de chuid Fhianna Fáil, ionadaithe ó eagrais phobail i gConamara, máthair leis an Óglach, Mairéad Farrell, a scaoileadh chun báis i nGiobráltar agus Cait Ní Mhainnín, bean de chuid na háite ar cuimhin léi na Dúchrónaigh ag cur tithe i Ros Muc le tine i 1921.
    Dar le Jimí Ó Lorcáin, iarrthóir an PD sa toghchán áitiúil, gur dhúirt an tAire Stáit, Tom Parlon, nach mbeadh siadsan ag cur i gcoinne ionad oidhreachta an Phiarsaigh ar chor ar bith.
    Dúirt Seosamh Ó Cuaig le Lá, i ndiaidh an tslógaidh, gur seo an chéad chéim san fheachtas seo agus go raibh siad dóchasach go mbainfeadh siad a sprioc amach.
    Faoin am céanna is a bhí an slógadh ann, spréigh clann Phroinsias Mhic Aonghusa luaithreach an chraoltóra ar chnoc sa cheantar, mar a d’iarr sé féin.
    Bhí slua mór i láthair agus orthu sin a labhair ag an ócáid, bhí Nollaig Ó Gadhra, Áine de Baróid agus Bríd Ní Dhomhnaill.
    Na Cearta Gaeilge atá agat:

    To view links or images in signatures your post count must be 10 or greater. You currently have 0 posts.

  2. #2
    Politics.ie Regular
    Join Date
    May 2006
    Location
    Béal Feirste
    Posts
    345

    Ar tharla rud or bith eile ó shoin maidir leis an feachtas seo?
    Seán Mac Eachaidh
    Ard Rí na hÉireann

  3. #3
    Politics.ie Member
    Join Date
    Jun 2006
    Location
    Aontas Sóvéideach na hÉireann
    Posts
    31,427

    Tá súil agam go n-éiroidh leis an bhfeachtas seo. Is áit thar a bheith tabhachtach don náisiún í, ach ag féachaint ar an slad atá á dhéanamh ar Chnoc na Teamhrach, ní bheadh fhios agat.

  4. #4
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Ó gan amhras tá pleananna á ndréachtú ag forbróir éicint chun árasáin a thógáil ann, Rosmucky Villas a thabharfar orthu...seans!

    Ach i ndáiríre, bhí geallúint tar éis geallúint tugtha don ghrúpa sin go mbeadh rud éicint déanta as. Ach níor tharla faic!
    Agus is mór an trua é mar is sa teachín sin i Ros Muc ina chum sé an óráid cháiliúil sin do thórramh Uí Dhonnabháin Rosa.

    A Ghaedheala

    Do hiarradh orm-sa labhairt inniu ar son abhuil cruinnuighthe ar an láthair soagusarson abhfuil beo de Chlannaibh Gaedheal, ag moladh an leomhaindo leagamar i gcreé annso agus ag gríosadh meanman na gcarad atá go brónach ina dhiaidh.

    A chairde, ná bíodh brón ar éinne atá ina sheasamh ag an uaigh so, acht bíode buidheachas againn mar gcroidhthibh do Dhia na ngrás do chruthuigh anam uasal áluinn Dhiarmuda Uí Dhonnabháinn Rosa agus thug ré fhada dhó ar an saoghal so.

    Ba chalma an fear thú, a Dhiarmuid. Is tréan d'fhearais cath ar son cirt do chine, is ní beag ar fhuilingis, agus ní dhéanfaidh Gaedhil dearmad ort go bráth na breithe.

    Acht, a chairde, na bíodh brón orainn, acht bíodh misneach mar gcroidhthibh agus bíodh neart inar gcuisleannaibh, óir cuimhnighimís nach mbíonn aon bhás ann nach mbíonn aiséirghe ina dhiaidh, agus gurab as an uaigh soagus as na huaghannaibh atá inar dtimcheall éireóchas saoirse Ghaedheal...........

    .......The clear, true eyes of this man almost alone in his day visioned Ireland as we of today would surely have her; not free merely, but Gaelic as well: not Gaelic as well: not Gaelic merely, but free as well.....
    Tá an leabhar nua sin le Liam Mac Uistín léite agam "An Ród Seo Romham" atá air, faoi shaol Mhic Phiarais. Mholfainn dhóibh é .
    Tugann sé léargas macánta cruinn ar an Piarsach mar Ghaeilgeoir, iriseoir, file, múinteoir, duine agus ar ndó réabhlóidí.

    Céard a cheapanns sibh faoin bhfíric nach bhfuil aon dealbh ar tsráid Uí Chonaill de.
    Sin scannalach go deo..

  5. #5
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,527

    Re: Teach an Phiarsaigh i Ros Muc

    Céard a chasadh do thigh Phádraig?

Similar Threads

  1. Australia could teach us a thing or two
    By MVOR in forum Transport
    Replies: 13
    Last Post: 29th March 2009, 09:51 PM
  2. Sarah (P.) in the Teach Bán (humour)
    By monsieur in forum US Politics
    Replies: 0
    Last Post: 28th October 2008, 10:16 PM
  3. Siopa/Teach Tábhairne Gaeltacht
    By imported_Déise in forum Gaeilge
    Replies: 4
    Last Post: 29th July 2008, 06:17 PM
  4. Teach Glas
    By Gael in forum Gaeilge
    Replies: 4
    Last Post: 12th January 2007, 03:51 PM