An bhfuil sibh i bhfabhar é?
Lá 22ú Feabhra
"Tá sé á mholadh ag Oifigeach na Gaeilge le Bord Contae CLG Mhaigh Eo, Piaras Ó Raghallaigh, gur cheart Comórtas Peile na Gaeltachta a oscailt d'fhoirne as taobh amuigh de na ceantair Ghaeltachta.
Dúirt an tUasal Ó Raghallaigh go raibh meath ag teacht ar úsáid na Gaeilge le linn an chomórtais le tamall anuas agus go gcuir-feadh foirne lán-Ghaeilgeoirí splanc breise isteach san ócáid bhliantúil.
“Tá mé ag dul chuig Comór-tas Peile na Gaeltachta le breis agus 10 mbliana anois agus thug mé faoi deara go bhfuil meath suntasach ar an méid Gaeilge a bhíonn á labhairt ag na foirne a ghlacann páirt ann,” arsa an tUasal Ó Raghallaigh.
“Tá roinnt foirne ann nach ndéanann aon iarracht Gaeilge a labhairt, rud a chuireann aiféaltas ar an lucht eagraithe agus, go deimhin, ar phobal na Gaeltachta chomh maith.”
Mhínigh an tOifigeach go raibh imreoirí as Gaeltachtaí Mhaigh Eo agus na Gaillimhe, a bhfuil cónaí orthu anois in áiteanna eile i gContae Mhaigh Eo, go raibh siad i ndiaidh theacht chuige ag fiafraí an féidir foireann cainteoirí Gaeilge a chur le chéile agus cur isteach ar Chomórtas Peile na Gaeltachta i mbliana.
“Sílim gur smaoineamh iontach é seo,” arsa sé.
“Is smaoineamh nua é agus dar linne go dtabharfaidh sé spreagadh do na foirne Gaelt-achta iarracht níos fearr a dhéan-amh an Ghaeilge a úsáid sa chomórtas.”
Tá Bord Contae Mhaigh Eo ag tacu leis an mholadh úr agus tá súil ag an Uasal Ó Raghallaigh go nglacfaidh Bord an Chomór-tais leis nuair a dhéanann siad an cheist a phlé ag a gcéad chruinniú eile.
“Tá painéal 30 imreoir le Gaeilge líofa á chur le chéile againn i Maigh Eo faoi láthair agus tá bainisteoir agus traenálaí le Gaeilge líofa ar fáil againn má glactar leis an iarratas.
“Tá barrthábhacht ag baint le cur chun cinn na teanga agus is é seo atá taobh thiar den smaoineamh.
“Rachadh an moladh chun tairbhe do chách agus tá súil agam go mbeidh an dearcadh céanna ag na húdaráis.”
Reachtáiltear Comórtas Peile na Gaeltachta gach bliain i mí na Bealtaine idir foirne Gaeltachta ar fud na tíre agus craoltar beo ar
Iriseoir: Tomás Ó Conghaile



LinkBack URL
About LinkBacks
Reply With Quote