Results 1 to 10 of 10

Thread: Tóstal na Gaeilge 06

  1. #1
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Feb 2005
    Posts
    1,817

    Tóstal na Gaeilge 06

    Tóstal na Gaeilge 06: Ticéid ar Fáil ar Líne anois www.tostal.ie


    Beidh [size=7]Tóstal na Gaeilge,[/size] mór-ócáid na Gaeilge 2006, ar siúl sa Corrib Great Southern Hotel, Gaillimh, ar an 24 & 25 Márta.

    'An Chéad Ghlúin Eile' a bheidh mar théama an Tóstail i mbliana. Chuige sin déanfar a chinntiú go bhfuil daoine óga rannpháirteach sa phlé agus go ndíreofar ar réimsí ábhair a bhfuil spéis ag daoine óga iontu. Ina measc déanfar cur síos ar chúrsaí fiontraíochta a úsáideann an Ghaeilge mar acmhainn eacnamaíochta, pléifear ceist na Gaeilge sa chóras craolacháin, breathnófar ar úsáid na teicneolaíochta, podchraoladh, blogáil srl agus tabharfar súil ghéar ar chúrsaí oideachais.

    Ag glacadh páirte sa Tóstal, beidh, i measc cainteoirí eile, David McWilliams, craoltóir agus tráchtaire sóisialta, Cathal Goan, Stiúrthóir RTÉ, Harry McGee eagarthóir polaitíochta an Irish Examiner , Lasairfhíona Ní Chonaola, amhránaí cáiliúil ó Inis Oírr , Liam Ó Cuinneagáin, stiúrthóir Oideas Gael , agus Muireann Ni Mhóráin, Príomhfheidhmeannach ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta .

    Chun a chinntiú go mbíonn tú i láthair ag an imeacht is mó i bhféilire na Gaeilge, cláraigh inniu! Cuir ríomhphost chuig eolas@tostal.ie le
    Ainm:
    Seoladh:
    Agus do rogha ticéid:

    Freastal ar an Tóstal (Aoine agus Satharn) EUR60
    Freastal ar lá amháin (Aoine nó Satharn) EUR40

    Beidh béilí, tae agus caife san áireamh sna praghsanna seo.

    Mic léinn, pinsinéirí, agus daoine dífhostaithe saor in aisce leis an gcárta aitheantais cuí ach caithfidh tú clárú chun d'áit a chinntiú.

    Lacáistí ar fáil ar líne nó trí ordú fóin le cárta creidmheasa (Visa, Mastercard, Laser) má ordaíonn tú roimh 21.03.2006!

    Freastal ar an Tóstal (Aoine agus Satharn) EUR50
    Freastal ar lá amháin (Aoine nó Satharn) EUR30

    Beidh béilí, tae agus caife san áireamh sna praghsanna seo.

    Is féidir ticéid a cheannach le cárta creidmheasa trí https://siopa.gaelport.com nó ar an bhfón ag 01 6794780.

    Tuilleadh eolais ar fáil ar www.tostal.ie nó 01 6794780










  2. #2
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Feb 2005
    Posts
    1,817

    Beidh mé fhéin ag dul. Tá súil agam go mbeidh a lán daoine ann. Beidh an tAire Eamon O Cuiv ann ar an Aoine chomh maith.

  3. #3
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Feb 2005
    Posts
    1,817

  4. #4
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Alt suimiúil go cinnte, ní raibh an t-eolas agam nár raibh Pól Ó Muirí tugadh le Gaeilge.

    géarchúis thar a bheith suimiúil faoi chóras oideachas sa 6 contae..

  5. #5
    Politics.ie Regular Gael's Avatar
    Join Date
    Jan 2004
    Location
    Tír na nÓg
    Posts
    1,520

    D'éirigh David McWilliams an-tógtha leis an nGaeilge go tobann. Cuireann sé ionadh orm.
    Na Cearta Gaeilge atá agat:

    To view links or images in signatures your post count must be 10 or greater. You currently have 0 posts.

  6. #6
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Feb 2005
    Posts
    1,817

    Bhí Gaeilge reasúnta mhaith aige sa scoil agus chuaigh sé go dtí campa(í) Samhradh sa Ghaeltacht nuair a bhí sé óg. Níor úsáid mé mo chuid Ghaeilge ar feadh roinnt blianta nuair a d'fhág mé an scoil freisin. Is é an scrudú ná má úsáideann sé í arís. Dúirt sé i bhFoinse an tseacthain seo go bhfuil sé ag cleachtadh é ós rud é go bhfuil sé ag dul go dtí an Tóstal agus dúirt sé i Lá cúpla mhí ó shin go mbeidh sé ag úsáid í arís.

    Tá cuma deas air agus chreidim é cé nach bhfuil aithne agam air, ach seans go mbeidh mé ag labhairt leis ar an Sathairn.

  7. #7
    Politics.ie Regular Gael's Avatar
    Join Date
    Jan 2004
    Location
    Tír na nÓg
    Posts
    1,520

    Is féidir éisteacht le cuid den Tóstal ar chomhaid MP3 anseo

    Tá óráid David McWilliams ina measc.
    Na Cearta Gaeilge atá agat:

    To view links or images in signatures your post count must be 10 or greater. You currently have 0 posts.

  8. #8
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Feb 2005
    Posts
    1,817

    Céard a gceapann tú faoin méid Gaeilge a bhuil aige?

  9. #9
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Níor chuala mé óráid chomh leadránach mar óráid sin choíche..bhí sé ag caint faoi a labhair féin thar aon rud eile. tipiciúil.

  10. #10
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Location
    Baile Átha Cliath / Dublin
    Posts
    4,504

Similar Threads

  1. 2FM as Gaeilge
    By Darren Mac an Phríora in forum Media
    Replies: 16
    Last Post: 2nd March 2012, 09:33 PM
  2. Gaeilge be banned
    By taylorwemyss in forum Culture & Community
    Replies: 30
    Last Post: 12th January 2009, 12:41 AM
  3. 2FM as Gaeilge
    By Darren Mac an Phríora in forum Media
    Replies: 15
    Last Post: 14th June 2008, 04:15 PM
  4. Replies: 13
    Last Post: 13th June 2007, 04:53 PM
  5. Gaeilge san AE
    By MacCoise in forum Gaeilge
    Replies: 6
    Last Post: 14th July 2006, 03:19 PM