Page 1 of 2 12 LastLast
Results 1 to 10 of 17

Thread: Arm na Breataine leis an Tuaisceart an fhágáil!

  1. #1
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Jun 2006
    Posts
    567

    Arm na Breataine leis an Tuaisceart an fhágáil!

    NUACHT--D'fhógair Rialtas na Breataine go bhfuil siad le Tuaisceart Éireann a fhágáil de bharr na n-ionsaithe a rinne an RIRA agus an CIRA le cúpla lá anuas.
    Tá fáilte curtha roimh an nuacht seo ag an DUP, UUP agus an TUV.
    "Shíl muid gur Aontachtóirí a bhí ionainn ach tuigeann muid anois an méid a bhí le rá ag na heasaontóirí, chuir na Sasanaigh suaracha an dallamallóg orainn ó bhí 1798 ann agus is náisiúntóirí muid anois," a dúirt Jim Allister.
    "Anois go bhfuil deireadh leis an gcríochdheighilt déanfaidh muid dearmad ar an dílseacht a bhí againn don Bhanríon agus don Bhreatain," arsa Ian Paisley. "Beidh muid uilig sona sásta anois."--NUACHT

    Ceart go leor, ní píosa nuachta atá ann, is brionglóid a bhí ag na heasaontóirí uilig aréir.

    Sé an trua ná go bhfuil siad sásta daoine a mharú de bharr na brionglóide áiféisí seo.

    Tá siad sásta saighdiúrí Shasana a mharú ach níl siad sásta an Ghaeilge a fhoghlaim, b'fhearr leo teanga na Sasanach.

    Tá siad tinn sa cheann.

  2. #2
    Politics.ie Regular DeGaulle 2.0's Avatar
    Join Date
    Oct 2008
    Location
    Baile Átha Cliath
    Posts
    2,003

    Aontaím leat, a Joeyjoejoe

    Tá Poblacht againn agus is naimhde don phoblacht iad an CIRA agus an RIRA. Ba cheart dóibh Forógra na Poblachta a léamh: Tá ceart ag Poblacht na hÉireann ar dhílseacht fhir agus mhná na hÉireann agus éilíonn sí an dílseacht sin.
    Vive le Québec libre ! Ag beathú na dtochardán ón mbliain 2007.

  3. #3
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Ni aontaim leat, a DeGaulle. Déarfainn féin go raibh Poblacht Éireannach againn - ni 'Poblacht na hÉireann'. Dá mbeadh 'Poblacht na hÉireann' ann bheadh 32 contae sa phoblacht sin. Cinnte dearfa is naimhde iad an CIRA agus an RIRA don dá rud sin. Aontaim go laidir leat maidir leis an bpointe sin.

  4. #4
    Politics.ie Newbie Guth_nua's Avatar
    Join Date
    Feb 2009
    Location
    An Gleann Mór, Cill Choinnigh
    Posts
    30

    Le bheith ionraic faoi, ón méid a chonaiceamar ón 'Aire Cultúrtha' deiridh is léir go bhfuil siad sásta an Ghaeilge a fhoghlaim - ach - tá siad ag iarraidh sin a cheilt uainn go fóill go dtí go n-aithneoimid "Albainis Uladh" nó pé rud a thugann siad air.

    Ar scór ar bith níl dochar dá laghad in ann don Ghaeilge a fhad is a bhfuil Acht Gaeilge in easnamh ón tuaisceart. Chomh luath is atá sí aitheanta agus 'dleathach' tá baol go dtosóidh meath ag teacht uirthi.

    An DUP abú mar sea?
    Saoirse agus Sóisialachas
    factual - not in my name

  5. #5
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2003
    Location
    Cúil Aodha
    Posts
    774

    Duine ó Shinn Féin ag maíómh go bhfuil siad chun labhairt go h-ionraic. Ná h-abair é. An Sinn Fein céanna a dhún Lá Nua, a gheall Acht na Gaeilge ach a thit codladh orthu ar an jab, a d'fhan ina dtost nuair a chuir an Aire Vultúir deiridh, Edwin Poots, deireadh leis an gCiste Craoltóireachta. Ghlac sé brú ó leithéidí Lá*****Nua tabhairt ar SF an ciste sin a fháíl ar ais. Ach bhí ciste méadaithe de dhith - agus cailleadh an deis de bharr faillí SF ar an nGaeilge.

  6. #6
    Politics.ie Member
    Join Date
    Jan 2009
    Location
    Wherever
    Posts
    247

    Quote Originally Posted by DeGaulle 2.0 View Post
    Tá Poblacht againn
    Seafóid! Níl Poblacht againn ach poblacht na Gaimbíní. Níl sé maith go leor.
    True politics is the art of the impossible.

  7. #7
    Politics.ie Newbie Guth_nua's Avatar
    Join Date
    Feb 2009
    Location
    An Gleann Mór, Cill Choinnigh
    Posts
    30

    Anois, a Uasal ORaiste. Ní haon dabht é go mba thragóid í dúnadh Lá Nua. Admhaím gan leithleas ar bith go raibh níos mó a bhféadfaí a dhéanamh ar an gceist sin ach go háirithe.

    ACH, agus is mór an t-ach é. Más rud é go raibh cur amach cuimsitheach agat ar an méid a tharla mar gheall ar sin seans maith go mbeadh port éagsúil á sheinnt agat. Ní raibh an dara rogha ag Sinn Féin mar gheall ar an gcineadh sin. Agus creid uaim é bhí carn mhór againn ann nach raibh sásta mar gheall air.

    Chomh maith le sin ná bíodh tusa ag rá gur Sinn Féin agus Sinn Féin amháin atá freagrach as rudaí a théann amú i gcás ceist na Gaeilge. Déanfaimid ár naoi ndícheall i gcónaí agus ní féidir sin a shéanadh. Níl ionainn ach aon dream amháin - ag na daoine atá an fíor-chumhacht agus mar a chonaiceamar leis na mórshiúil d'Acht na Gaeilge, tá siad lán toilteanach an chumhacht sin a úsáid agus a dtoil a léiriú.

    Mo náire tú ag leagadh gach a bhfuil imithe cam i ngluaiseacht na Gaeilge ag doras againne.
    Saoirse agus Sóisialachas
    factual - not in my name

  8. #8
    Politics.ie Regular DeGaulle 2.0's Avatar
    Join Date
    Oct 2008
    Location
    Baile Átha Cliath
    Posts
    2,003

    Quote Originally Posted by Culann View Post
    Ni aontaim leat, a DeGaulle. Déarfainn féin go raibh Poblacht Éireannach againn - ni 'Poblacht na hÉireann'. Dá mbeadh 'Poblacht na hÉireann' ann bheadh 32 contae sa phoblacht sin. Cinnte dearfa is naimhde iad an CIRA agus an RIRA don dá rud sin. Aontaim go laidir leat maidir leis an bpointe sin.
    Smaoinigh ar an Éirí Amach, 1916. D'fhógair an Piarsach an Phoblacht. Ní raibh ach achar beag talún i mBaile Átha Cliath ag an bPoblacht ach bhí sí beo ar feadh tamaill. Níl smacht ar an oileán go léir ag ár bPoblacht ach ní chiallaíonn sin nach Poblacht na hÉireann atá againn.
    Vive le Québec libre ! Ag beathú na dtochardán ón mbliain 2007.

  9. #9
    Politics.ie Regular DeGaulle 2.0's Avatar
    Join Date
    Oct 2008
    Location
    Baile Átha Cliath
    Posts
    2,003

    Quote Originally Posted by Spence View Post
    Seafóid! Níl Poblacht againn ach poblacht na Gaimbíní. Níl sé maith go leor.
    Cad tá á dhéanamh agat chun é sin a athrú?
    Vive le Québec libre ! Ag beathú na dtochardán ón mbliain 2007.

  10. #10
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Quote Originally Posted by DeGaulle 2.0 View Post
    Cad tá á dhéanamh agat chun é sin a athrú?
    Céard tá á dhéanamh ag an 'United Ireland Party' chun é sin a athru? Cén straitéis atá agaibh?

    Poblacht 6 chontae fichid atá ann ni 'Poblacht na hÉreann'. Ni féidir 'Poblacht na hÉireann' a bheith ann muna bhfuil Éire uilig ann (32 contae) ann.

Page 1 of 2 12 LastLast

Similar Threads

  1. An bhfuil gá le stáisiún Ghaeilge sa tuaisceart?
    By Fallen Angel in forum Gaeilge
    Replies: 9
    Last Post: 7th October 2008, 09:35 PM
  2. Tuaisceart na hÉireann agus Iosrael
    By duine n in forum Gaeilge
    Replies: 19
    Last Post: 11th July 2007, 11:20 AM
  3. Replies: 9
    Last Post: 20th March 2007, 11:21 AM
  4. Deireadh leis an oideachas ordúl
    By Seanan in forum Gaeilge
    Replies: 25
    Last Post: 15th January 2007, 11:39 AM
  5. Deireadh leis an nGaeltacht?
    By readout in forum Gaeilge
    Replies: 4
    Last Post: 7th August 2006, 12:07 PM