Page 1 of 4 123 ... LastLast
Results 1 to 10 of 35

Thread: David McWilliams ar son na Gaeilge

  1. #1
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Feb 2005
    Posts
    1,817

    David McWilliams ar son na Gaeilge

    Ina leabhar nua, "The Popes Children", chuireann an tUasal McWilliams an béim ar an Ghaeilge. Tá caibidil amháin faoi Gaelscoileanna agus roinnt leathanaigh eile sa leabhair faoin nGaeilge freisin.

    Is dócha nár léigh cúpla daoine é ón leabhair, nó ón alt a bhí aige san Irish Times, mar gceapann cúpla daoine go raibh sé ag caint faoi na Gaeilscoileanna go léir, cé go dúirt sé go soléir go raibh sé an caint faoi roinnt daoine - na "HiCos"- a chuireann a paistí go dtí roinnt Gaelscoileanna.

    Dúirt sé fósta go bhfuil Raidió na Life an stáisiún is fearr i mBaile Atha Cliath.

    Luaigh sé an Ghaeilge ina chéad alt san Indo cúpla lá ó shin freisin. Bhí eagarfhocal i Lá ar Dé hAoine faoi.

    http://www.sluggerotoole.com/index.php/ ... h_changes/

    Bhí alt eile faoin nGaeilge aige sa Business Post tamall ó shin.

    http://archives.tcm.ie/businesspost/200 ... ry7435.asp

  2. #2
    Politics.ie Regular Gael's Avatar
    Join Date
    Jan 2004
    Location
    Tír na nÓg
    Posts
    1,520

    Cé go nglacaim leis go bhfuil sé cuíosach fabharach don Ghaeilge, is oth liom a rá go bhfuil an fear sin i bhfad ró-thugtha dá chuid steiréitíopanna, steiréitíopanna faoin nGaeilge ina measc.
    Is ionann gach cainteoir Gaeilge agus X, Y, Z, dar leis.
    Na Cearta Gaeilge atá agat:

    To view links or images in signatures your post count must be 10 or greater. You currently have 0 posts.

  3. #3
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Apr 2005
    Location
    Tír Eoghain
    Posts
    1,623

    Cé hé an David Mc Williams seo?

  4. #4
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Feb 2005
    Posts
    1,817

    Quote Originally Posted by Gael
    Cé go nglacaim leis go bhfuil sé cuíosach fabharach don Ghaeilge, is oth liom a rá go bhfuil an fear sin i bhfad ró-thugtha dá chuid steiréitíopanna, steiréitíopanna faoin nGaeilge ina measc.
    Is ionann gach cainteoir Gaeilge agus X, Y, Z, dar leis.
    Ar léigh tú an agallamh a thug sé do Lá ar an Luain?

    Tugann sé anailís mhaith do lucht na Gaeilge sna Ghalltacht, i mo thuairimse.

  5. #5
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Quote Originally Posted by sean1

    tá sé in aghaidh Kevin Myres chomh maith..

  6. #6
    Politics.ie Regular Gael's Avatar
    Join Date
    Jan 2004
    Location
    Tír na nÓg
    Posts
    1,520

    Quote Originally Posted by Gary

    tá sé in aghaidh Kevin Myres chomh maith..
    Cén duine ciallmhar nach bhfuil i gcoinne Kevin My-arse?
    Na Cearta Gaeilge atá agat:

    To view links or images in signatures your post count must be 10 or greater. You currently have 0 posts.

  7. #7
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Feb 2005
    Posts
    1,817

    16ú Eanáir 2006

    "Tá todhchaí na Gaeilge slán – McWilliams

    Faoin bhliain 2031 beidh an Ghaeilge chomh láidir in Éirinn is a bhí sí am ar bith ón Ghorta i leith.
    Ba é sin a bhí le rá ag an tráchtaire eacnamaíochta, David McWilliams, agus é faoi agallamh ag an nuachtán seo.
    San agallamh fosta labhair sé ar an gconspóid a spreag a chuid cainte faoi Ghaelscoileanna ina leabhar The Pope's Children, a éisíodh san Fhómhar.
    Thóg lucht tacaíochta Gaelscoileanna raic in éadan an méid a bhí le rá aige faoi phlúr na hÉireann a bheith ag baint feidhme as an Ghaelscolaíocht.
    Dar leo gur thug sé sin le fios nach raibh Gaelscoileanna ar oscailt don phobal i gcoitianta agus nár aithin an chaint sin an méid Gaelscoileanna atá lonnaithe i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste.
    “An rud a bhí mé ag rá go raibh an plúr ag teacht ar an dtuiscint gur rud tábhachtach acu an Ghaeilge agus gurb é sin an fáth go bhfuil níos mó acu ag baint úsáide as Gaelscoileanna.
    “Moladh a bhí ann ag tabhairt léargais ar an meas atá ar Ghaelscoileanna seachas iarracht a dhéanamh a chur in iúl go raibh Gaelscoileanna ag iarraidh díriú ar an chleas saibhir seachas aoinne eile.”
    Creideann sé go bhfuil an borradh faoi Ghaelscoileanna agus an ráchairt ar chúrsaí Gaeilge ar nós Gael Linn ina fhianaise ar athbheochan chultúrtha den chineál a spreag bunú Chonradh na Gaeilge i mblianta deireanacha an 19ú aois.
    Dúirt sé gur chúis mór aiféaltais dó é gur chaill sé an Ghaeilge líofa a bhí aige tráth, nuair a bhíodh sé ag freastal ar Choláiste Gaeilge Bhéal Atha'n Ghaorthaidh i gContae Chorcaí, ach go raibh rún aige seo a chur ina cheart sna blianta beaga roimhe.
    Dar leis go raibh an rachmas nua in Éirinn agus an tsíocháin a tháinig mar thoradh ar shosanna cogaidh an IRA agus díchoimisiúnú a gcuid armlón ag cothú na réabhlóide cultúrtha seo.
    Tá, mar a thugann sé air, ‘náisiúnachas bog’ nach hionann le tacaíocht don IRA ag teacht ar ais, a bhuí cuid mhór don dul chun cinn atá déanta sa phróiseas síochána le sosanna cogaidh is díchoimisiúnú.
    Dar le McWilliams, gur toradh ar an domhandú agus ar an rachmas atá dá bharr go bhfuil níos mó daoine - an plúr go príomha - ag cur na ceiste orthu féin faoi cé hiad féin agus cad is Éireann ann?
    An tír í le cultúr dá gcuid féin, cultúr saibhir is ársa is cruthaitheach, nó an cúige í de chuid Stát ..."

    Concubhar Ó Liatháin

  8. #8
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Quote Originally Posted by Gael
    Quote Originally Posted by Gary

    tá sé in aghaidh Kevin Myres chomh maith..
    Cén duine ciallmhar nach bhfuil i gcoinne Kevin My-arse?

    Tá a lán duine neamhchiallmhar amuigh ansin mar sin

  9. #9
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Apr 2005
    Location
    Tír Eoghain
    Posts
    1,623

    Quote Originally Posted by sean1
    16ú Eanáir 2006

    "Tá todhchaí na Gaeilge slán – McWilliams

    Dar le McWilliams, gur toradh ar an domhandú agus ar an rachmas atá dá bharr go bhfuil níos mó daoine - an plúr go príomha - ag cur na ceiste orthu féin faoi cé hiad féin agus cad is Éireann ann?

    Concubhar Ó Liatháin
    Cé hiad "an plúr" seo? Níl a fhios agam an dtaitníonn an focal seo liom ar chor ar bith. An ndeir sé féin "plúr" no cén focal Béarla atá aige féin air seo?

  10. #10
    Politics.ie Regular Gael's Avatar
    Join Date
    Jan 2004
    Location
    Tír na nÓg
    Posts
    1,520

    Quote Originally Posted by Seánod
    Quote Originally Posted by sean1
    16ú Eanáir 2006

    "Tá todhchaí na Gaeilge slán – McWilliams

    Dar le McWilliams, gur toradh ar an domhandú agus ar an rachmas atá dá bharr go bhfuil níos mó daoine - an plúr go príomha - ag cur na ceiste orthu féin faoi cé hiad féin agus cad is Éireann ann?

    Concubhar Ó Liatháin
    Cé hiad "an plúr" seo? Níl a fhios agam an dtaitníonn an focal seo liom ar chor ar bith. An ndeir sé féin "plúr" no cén focal Béarla atá aige féin air seo?
    Is cinnte gur maith leis an focal 'elite' a úsáid gach seans a fhaigheann sé ina chuid scríbhneoireachta.
    Na Cearta Gaeilge atá agat:

    To view links or images in signatures your post count must be 10 or greater. You currently have 0 posts.

Page 1 of 4 123 ... LastLast

Similar Threads

  1. The hunt for David McWilliams
    By Libero in forum Political Humour
    Replies: 8
    Last Post: 31st January 2009, 02:06 AM
  2. We have to devalue, says David McWilliams
    By Breadan O'Connor in forum Economy
    Replies: 234
    Last Post: 20th January 2009, 12:03 AM
  3. Should David McWilliams be Taoiseach?
    By mairteenpak in forum Elections
    Replies: 22
    Last Post: 11th September 2008, 01:15 PM
  4. Is David Mcwilliams going too far?
    By riker1969 in forum Economy
    Replies: 50
    Last Post: 4th July 2008, 12:22 PM