Bhí sé ag canadh faoi eapa maoine agus easpa caidrimh, is dócha. An bhfuil saoirse acu siúd atá dífhostaithe?
Vive le Québec libre ! Ag beathú na dtochardán ón mbliain 2007.
Ni rud absalóideach i an tsaoirse, nil duine ann nach bhfuil saoirse de shaghas aige. Bionn saoirse againn toisc go mbionn roghanna againn, agus braitheann an méid saoirse ar an méid roghanna. Mar sin, is luide saoirse duine e a bheith caite i bpriosun toisc go gcinntear a chinniuint dó is nach bhfuil rogha aige féin ann. I gcás duine difhostaithe, d'fhéadfai a mhaiomh go gcuireann a dheacrachtai airgeadais laincis air o thaobh roghanna de, nil an oiread deiseanna aige is a bheadh ag sách éigin, ach fós tá saoirse de shaghas aige. Ceist eile ná, an bhfuil nios lu saoirse ag duine gan oideachas?
Chun na ceiste sin a fhreagairt, caithfidh tú an cheist seo a fhreagairt: cad is oideachas ann?
Bhí saoirse ag daoine fadó fadó, roimh an Scríobh. Má smaoiníonn tú ar an mana "Tabhair iasc do dhuine agus íosfaidh sé lá amháin, múin an iascaireacht do dhuine agus íosfaidh sé a shaol ar fad", tagann saoirse le hoideachas, ach ní h-ionann oideachas agus blianta caite i scoileanna agus ollscoileanna.
Last edited by DeGaulle 2.0; 13th April 2009 at 03:45 PM.
Vive le Québec libre ! Ag beathú na dtochardán ón mbliain 2007.
Nach mbraitheann sé? An mhéid ama a chaitheann tu i mbun oideachais fhoirmeálta nach amhlaidh is mó a chuirtear leis na réimse rogha atá agat? Nach mbriseann an t-oideachas an chuinge ort, nach roiseann sé an laincis ort? Nach dtugann sé léargas nios fairsinge duit ar rothai mora an tsaoil le go mbeifeá in ann na roghanna uile atá ar fáil duit a fheiceáil? Lasmuigh den oideachas foirmeálta, tá an bhéim ar do riachtanaisi láithreacha, ach laistigh de tugann sé spléachadh leathan duit ar saol nach dóigh go mblaisfeá dá mbé an rud é go mbeifeá ag brath ar d'eispiréas is ar do thaithi phearsanta féin? Glacaim leis go bhfuil cuinge, uaireanta, san ollscolaiocht a chuireann ceal sa tulaing sin.
Féach ar an idirbhliain sna meánscoileanna. An fiú é sin a bheith ann? I ndáiríre, is bliain taobh amuigh den oideachas foirméalta é.
Méadaíonn na roghanna atá ag daltaí leis an méid pointí a fhaigheann siad san Ardteist. An mbeadh sé níos fearr má sheachnóidís an idirbhliain chun níos mó ama a chaitheamh ag staidéir don Ardteist?
Nílim ag rá gur droch-rud é an t-oideachas - is maith an rud é agus is maith an rud é céim mhaith a bheith agat, ach braitheann a lán rudaí ar an duine féin.
Vive le Québec libre ! Ag beathú na dtochardán ón mbliain 2007.