Register to Comment
Page 175 of 184 FirstFirst ... 75125165173174175176177 ... LastLast
Results 1,741 to 1,750 of 1840
Like Tree219Likes
  1. #1741
    duine n duine n is offline

    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    8,396

    Quote Originally Posted by Cellachán Chaisil View Post
    Cinnte, agus leithéid Ruaidhrí Ó Fliathbheartaigh le Ogygia agus John Lynch lena Cambrensis Eversus sa bhuíon úd.
    Sin beirt nua domsa, a Chellacháin, sonas ort.

    Coinneoidh mé súil amach dófa ar m'aistear léitheoireachta.
    Sign in or Register Now to reply

  2. #1742
    Cellachán Chaisil Cellachán Chaisil is offline

    Join Date
    Mar 2009
    Posts
    8,819

    Quote Originally Posted by duine n View Post
    Sin beirt nua domsa, a Chellacháin, sonas ort.

    Coinneoidh mé súil amach dófa ar m'aistear léitheoireachta.
    Is sa Laidin a bhíodar féin ag scríobh, dár ndóigh.
    Sign in or Register Now to reply

  3. #1743
    duine n duine n is offline

    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    8,396

    Quote Originally Posted by Cellachán Chaisil View Post
    Is sa Laidin a bhíodar féin ag scríobh, dár ndóigh.
    Sea, fraincBhéarla na linne, nuair nach raibh an béarla ach ina pháistetheanga ag an am.
    Sign in or Register Now to reply

  4. #1744
    duine n duine n is offline

    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    8,396

    "Ach a bheith domhain do dhóthain i dteanga ar bith, is ag tumadh i do mheon féin a bhíonn tú ar deireadh thiar. B'fhéidir nach bhfuil de bhrí ar deireadh le dúchas ach an méid sin, agus gur dúchas is ea nádúr do mheoin fhéin. Aithnímid na comharthaí meoin. Ceann de na léamhanna ar an bhfocal buíochas sna gluaiseanna é "ripeness", mar gheall ar "bhuidheachas", buí an fhomhair."

    Liam Ó Muirthile
    Sign in or Register Now to reply

  5. #1745
    duine n duine n is offline

    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    8,396

    Quote Originally Posted by duine n View Post
    Bhí lámh ag Aodh Buí Mac Cruitín in ullmhú an fhoclóra seo le Conchubhar Ó Beaglaoich

    Ó BEAGLAOICH, Conchubhar (fl.1732) | ainm.ie

    Samplaí:

    EDACITY: Cíocrus chum ithidh nó ag ithidh, gloitiorócht

    TO EFFASCINATE: do dhéanadh easarluígheachta, nó piseoga, nó deamhnóireachta

    EMRODS: Níoscóidíghe o thig ar an ttaobh astigh a ttóin dhuine
    D'fhill Aodh Buí ar Éirinn in 1739.

    Milleadh an fomhar i 1739 de bharr doininne agus spreag an ganntanas bídh círéibeacha i mBaile Átha Cliath.

    Bhí an samhradh dar gcionn chomh tirim sin gur scriosadh na barraí don dara bliain as a chéile agus bhí gorta foirleathain ann.

    Mar bharr ar an donais, scaip an flosc fola i dtreo deireadh na bliana
    Sign in or Register Now to reply

  6. #1746
    duine n duine n is offline

    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    8,396

    Níl cuil, níl leamhan, níl beach,
    Dar chruthaigh Dia, níl fear,
    Nach dualgas dúinn a leas,
    Níl bean; ní cheadmhach neamhshuim
    A dhéanamh dá n-imní;
    Níl gealt I nGleann na nGealt,
    Nár chuí dúinn suí lena ais,
    Á thionlacan an fhaid
    A iompraíonn thar ár gceann,
    Ár dtinneas-ne ‘na mheabhair.

    Níl áit , níl sruth , níl sceach,
    Dá iargúlta iad, níl leac,
    Bídís thuaidh, thoir, thiar nó theas,
    Nár ceart dúinn machnamh ar a suíomh,
    Le gean is le báidhíocht;
    Dá fhaid uainn Afraic Theas,
    Dá airde í gealach,
    Is cuid dínn iad ó cheart:
    Níl áit ar fud na cruinne
    Nach ann a saolaíodh sinne.



    Ní Cheadmhach Neamhshuim le Seán Ó Riordáin


    Ó RÍORDÁIN, Seán (1916
    Sign in or Register Now to reply

  7. #1747
    duine n duine n is offline

    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    8,396

    Quote Originally Posted by duine n View Post
    D'fhill Aodh Buí ar Éirinn in 1739.

    Milleadh an fomhar i 1739 de bharr doininne agus spreag an ganntanas bídh círéibeacha i mBaile Átha Cliath.

    Bhí an samhradh dar gcionn chomh tirim sin gur scriosadh na barraí don dara bliain as a chéile agus bhí gorta foirleathain ann.

    Mar bharr ar an donais, scaip an flosc fola i dtreo deireadh na bliana

    Bheadh cuimhne ar 1741 mar "bhliain an áir" ar feadh i bhfad; is é gorta na bliana sin an ceann is measa a tharla roimh aimsir an

    drochshaoil agus áirítear go bhfuair idir 200 000 agus 400 000 duine bás de bharr ocrais agus aicíde.
    Sign in or Register Now to reply

  8. #1748
    duine n duine n is offline

    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    8,396

    Quote Originally Posted by duine n View Post
    "'S le mire do théid Séasar sam mbáire fiar
    's an Rúiseach le fraoch éigin 'na pháirt ag triall,
    an duine dár ghéill d'aontoil an stát 's a chliar
    go gcuirfid as réim éisean le dásacht dhian."


    Cad faoi a bhfuil an file ag scríobh?

    Tá, Cogadh Chomharbacht na Polainne (1733 - 1735 ).
    Tá an file, Aodh Buí Mac Cruitín ( 1680 - 175 ) agus é i bParás dó, ag cáineadh an t-ionradh a rinne an Ostair agus an Rúis ar an bPolainn nuair a toghadh Stanislaw Leszczynski, athair chéile Laoiseach XV na Fraince, ina rí ar an tír sin.
    Ambaist!!

    Agus beagnach 300 bliana ina dhiadh sin, is beag spéis ag lucht na Gaeilge i gcúrsaí poilitíochta na hEorpa
    Seanns nach raibh fhios ag Aodh, a rugadh i gContae an Chláir, go raibh Peadar de Lása, a rugadh i gContae Luimnigh, agus a bhí timpeall a aoise fhéin ag troid sa chogadh chéanna.

    Is ait an mac an saol.

    https://ga.wikipedia.org/wiki/Peadar_de_L%C3%A1sa
    Sign in or Register Now to reply

  9. #1749
    duine n duine n is offline

    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    8,396

    Tá mé ag dul a dh'ól mo chéadú chupán chaife ó bhí Lá Caille ann.

    Tá súil agam go mbeidh sé blasta
    Sign in or Register Now to reply

  10. #1750
    duine n duine n is offline

    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    8,396

    Quote Originally Posted by duine n View Post
    Tá mé ag dul a dh'ól mo chéadú chupán chaife ó bhí Lá Caille ann.

    Tá súil agam go mbeidh sé blasta
    Tá mé i gceann m'aonú chupán is chéid anois. Ó, róbhlasta
    Last edited by duine n; 22nd April 2017 at 10:09 AM.
    Sign in or Register Now to reply

Sign in to CommentRegister to Comment