
Originally Posted by
ggn
A chairde,
Sinne a bhaineann úsáid as an Ghaeilge mar ghnáththeanga – is mionlach sinn. Is gnáthrud é nach mbíonn cion ag tromlaigh le mionlaigh go háirithe le mionlaigh teanga. Ta a fhios againn fosta go mbíonn ‘issues’ ag Éireannaigh leis an Ghaeilge agus le lucht na Gaeilge.
Anois is tábhachtach daoine a chur ar an eolas agus iad aineolach agus is tábhachtach fios a chur ar dhaoine go bhfuil lucht na Gaeilge ann agus nach labhraíonn lucht frithGhaeilge ar son gach duine in Éirinn.
Ach ag an am ceanna, an fiú dul i mbun comhrá mór fada gach uair a léiríonn duine ainleolach drochthuairimí faoin Ghaeilge? Ní dóigh liom é, sin atá uaibh.
Scríobhaimis i nGaeilge agus tuigfidh siad an tábhachtach léi.