Seo ceist díobh a chairde, an bhfuil an teanga chéana á labhairt ag na Gaeil in Éirinn agus na Gaeil in Albain?
Más gá dóibh a bheith intuisceanna lena chéile chun go bhféadfaí a rá gur an teanga chéana atá iontu, ní dheirfinn gur an teanga chéana iad mar ní thuigim Gàidhlig, mar shampla níl clú dá laghad agam cad atá á rá ag an bhean thíos.
Tá's agam go ndeirtear nár thuig lucht na Mumhan, Connacht agus Uladh a chéile roimh RnaG, ach fós féin sílim go bhfuil an difríocht idir Gaeilge agus Gàidhlig i bhfad níos mó ná na difríochtaí idir na canúintí in Éirinn.
Ach tá samplaí de theangacha eile áfach, Sínis mar shampla, a bhfuil canúintí aige nach bhfuil intuisceanna lena chéile...
Bhúr mbarúil?
[ame=http://www.youtube.com/watch?v=G1EDKG-PON4]YouTube - Gaelic stories[/ame]



LinkBack URL
About LinkBacks
Reply With Quote