Cé bheadh san iomaíocht sa chéad toghchán uachtaránachta eile?
FF
Bertie? - ceapaim nach roghnófar Bertie mar iarrthóir ó FF. Bhí air éirí as mar gheall ar an airgead ina chuntas agus tá caighdeán níos airde ag teastáil ó uachtarán.
Brian Crowley? - fear deas ach cén fáth? Mar tá cathaoir rotha aige?
Eamon ó Cuív? - iarrthóir láidir go leor.
FG
Gearóid MacGearailt? - an bhfuil sé róshean anois agus b'fhéidir nach mbeadh suim aige sa phost
Alan Dukes? - b'fhéidir go mbainfidh sé tairbhe as an straitéis Tallaght faoi dheireadh. Tá Gaeilge maith aige freisin.
Enda? - b'fhéidir go mbeadh athimirt Bertie v Enda ann. Bheadh an bua ag Enda an t-am seo, ceapaim
John Bruton? - ba Thaoiseach maith é ach beidh áthas ar FF má roghnófar é (ach bheadh ó Cuív v Bruton suimiúil - fear an Chomhlathais v cara Prince Charles)
Lucht Oibre
Dick Spring? - gheobhadh sé vóta maith ach ní bhuafadh sé
Michael D? - mar an gcéanna
Pat Rabbitte? - tá an mhórchúis aige, ar aon nós
Sinn Féin
Gerry Adams? - má féidir leis an bpáirtí iarrthóir a ainmniú, gheobhadh Mac Adam vóta maith. Bheadh seans beag aige má tá iarrthóir lag ag FF.
Na Glasaigh
Patricia McKenna? - seans do na glasaigh fáil réidh léi?
B'fhéidir go dtoghfar iarrthóir neodrach:
Seamus Heaney?
Bono?
Séamus Mallon?
Declan Ganley?
Mo rogha féin: Alan Dukes (10-1 ag PaddyPower)



LinkBack URL
About LinkBacks
Reply With Quote

