Tá sé an spéisiúil ag breathnú siar ar na céad raitis ar seo. Bertie, Dukes, Garrett &rl .
Comhghairdeas do Micheal D O hUiginn. Is fear e a thug tacaiocht don Ghaeilge i gconai, fear gur feidir le lucht na Gaeilge a bheith broduil as.
Is dócha gurb é Michael D. an duine is fearr acu ó thaobh na Gaeilge de. Comhghairdeas.
Tá an toghchán thart anois, buíochas le Dia.
Comhghairdeachas to Michael D - fuair sé an #2 uaim. Bhí an t-ádh air - bhí sé ró-chúramach agus é i mbun feachtais.
Ní bheidh Seán Gallagher ró-sásta anocht. Bhí an uachtaránacht beagnach ina lámh aige nuair a thit gach rud as a chéile.
Ceapaim go raibh Sinn Féin ag súil le líon vótaí níos airde - ba é McGuinness an t-aon iarrthóir ó A-Liosta a pháirtí san iomaíocht agus ní bhfuair sé ach 3% níos mó ná vótaí an pháirtí san olltoghchán.
B'fhéidir gurb é botún do Norris teacht ar ais tar éis dó éirí as an rás. Ní raibh seans aige an ceann is fearr a fháil ar Michael D tar éis na conspóide (agus conspóid bheag a bhí inti i ndáiríre nuair a smaoiníonn tú ar na páistí a mharaigh cairde McGuinness).
Droch-lá amach is amach a bhí ag Gay Mitchell agus FG. Tá ceacht foghlamtha ag an bpáirtí - beidh siad níos cúramaí ag roghnú iarrthóirí as seo amach (tá súil agam).
Dana - timpiste gluaisteán a bhí ann.
Mary Davis - níl a fhios agam cad a tharla di. Cén fáth gur thacaigh daoine le Gallagher agus gur dhiúltaigh siad tacú le Davis? Ní thuigim.
Ní bheidh Michael D mar uachtarán againn ach ar feadh téarma amháin - cé bheidh san iomaíocht i 2019?
Vive le Québec libre ! Ag beathú na dtochardán ón mbliain 2007.
Níl aon chiall ag Dana, tá sí ag smaoineamh faoi iarracht eile a déanamh i 2019.
Ní chloisfimid ó Davis arís ar feadh tamaill an-fhada. Nach mó an náire é críochnú taobh thiar do Dana.
A tá sé clúdaithe sna meáin. 7 iarrthóir agus gan duine láidir ann. Tháinig McGuinness síos ach ní dhearna sé faic (seachas Gallagher a scriosadh)! Bhíomar ró-thógtha leis an stair a bhaineann leis. Ní SFer mé, ach thug mé vóta dó os rud é go bhfuil faitíos ar daoine roimhe...lean na ‘scéalta’ é gach lá don fheachtas.
Botún mór a bhí ann do Norris. Is carachtar den scoth é (rud a chonaiceamar ar an Frontline leis na ráiteas greannmhar/cliste) ach ní Uachtarán é.
Tá súil agam go mbaineann Higgins úsáid maith as a sheal san Áras