Results 1 to 7 of 7

Thread: Cén fáth nach bhfuil aon stáisiún náisiúnta Gaeilge do dhaoine óga?

  1. #1
    Politics.ie Newbie
    Join Date
    Sep 2006
    Location
    Montréal, Canada
    Posts
    40

    Cén fáth nach bhfuil aon stáisiún náisiúnta Gaeilge do dhaoine óga?

    Tá a fhios agam go bhfuil Raidió Rí-Rá faoi lán sheol anois. Ar an drochuair, níl sé le fáil ach ar an idirlíon.

    Raidió Rí-Rá


    Agus go bhfuil "AnochtFM" cheana féin ag Raidió na Gaeltachta. Ach an leor é sin?

    Anocht FM


    Cén fáth nach bhfuil aon stáisiún náisiúnta ar an minicíocht FM dírithe ar dhaoine óga??
    "Raidió na nÓg"

  2. #2
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Location
    Baile Átha Cliath / Dublin
    Posts
    4,504

    Tá réiteach air seo. Tá Raidió Fáilte i mBéal Feirste ag tabhairt sampla. Sheol siad iarratas isteach chun a bheith ag craoladh timpeall an Tuaiseart ar fad. Ba chóir do Raidió na Life i mBÁC an rud céanna a dhéanamh don Deisceart.

  3. #3
    Politics.ie Member
    Join Date
    Oct 2008
    Posts
    179

    Ná déan dearmad fá iClub ar Raidió na Gaeltachta.

  4. #4
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2009
    Posts
    1,066

    "Cén fáth nach bhfuil aon stáisiún náisiúnta Gaeilge do dhaoine óga?"

    Teideal maith ar chomhrá. Agus ní hé go bhfuil gach minicíocht gafa, ach an oiread.

    An freagra atá agam: mar ní suim le polaiteoirí an t-aos óg. Ba mhaith leo go n-imeodh an t-aos óg leo ar an mbád bán, agus daoine saoire chun fostú a chur ina n-áit.
    Mar a tharla le hIrish Ferries.

  5. #5
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Quote Originally Posted by deirdrem View Post
    "Cén fáth nach bhfuil aon stáisiún náisiúnta Gaeilge do dhaoine óga?"

    Teideal maith ar chomhrá. Agus ní hé go bhfuil gach minicíocht gafa, ach an oiread.

    An freagra atá agam: mar ní suim le polaiteoirí an t-aos óg. Ba mhaith leo go n-imeodh an t-aos óg leo ar an mbád bán, agus daoine saoire chun fostú a chur ina n-áit.
    Mar a tharla le hIrish Ferries.
    Ceist mhaith. Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé luaite go sonrach sa bPlean 20 bliain go mbeidh ceann ann amach anseo. Is faoi pholaiteoirí lucht an fhreasúra atá sé anois a dhéanamh cinnte go gcomhlíontar aidhmeanna an phlean seo - rud nach bhfuil ag tarlú feictear dhom.

  6. #6
    Politics.ie Member LowIQ's Avatar
    Join Date
    Feb 2005
    Posts
    1,314

    Tá sibh go léir ag fanacht ar an rialtas. Mo náire sibh. Éirigí as bhur dtóineanna agus déanaigí rud éigin.
    Banned temporarily by politics.co.uk (ie this site) so as not to "offend" the Brits during Mrs. Windsor's visit.
    Still censored because I cannot start a thread!

  7. #7
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Quote Originally Posted by LowIQ View Post
    Tá sibh go léir ag fanacht ar an rialtas. Mo náire sibh. Éirigí as bhur dtóineanna agus déanaigí rud éigin.
    Nach bhfuil daoine éirithe as a dtóineachaí le dhá bhliain anuas, ag déanamh an-obair, ach ag teip dul chun cinn an-mhór a dhéanamh maidir leis an gceist seo? Ar an drochuair bíonn rudaí mar seo ag brath ar airgead stáit. Dúirt an rialtas go raibh siad ag iarraidh go mbeadh stáisiún raidió Gaeilge agus, mar sin, ceapaimse go bhfuil dualgas ar lucht an fhreasúra a dhéanamh cinnte go ndéanann an rialtas beart de réir briathair.

    Rud eile, creidimse gur thit an tóin as an ré dheonach de réir mar a d'fhás an tíogar ceilteach agus, dá bharr sin, níl mórán daoine fanta a bheadh sásta tabhairt faoi rudaí deonacha gan íocaíocht mar seo. Tá sé sin brónach ach sin mar atá, faraor.

Similar Threads

  1. An bhfuil Gaeilge agat?
    By Culann in forum Gaeilge
    Replies: 88
    Last Post: 19th April 2011, 07:16 PM
  2. An bhfuil Gaeilge mhaith agat?
    By Gael in forum Gaeilge
    Replies: 36
    Last Post: 31st December 2009, 12:41 PM
  3. Cé hé sin amuigh, NACH bhfuil....
    By duine n in forum Gaeilge
    Replies: 32
    Last Post: 23rd April 2009, 09:36 PM
  4. Cá bhfuil na snáitheanna Gaeilge imithe?
    By Joeyjoejoe in forum Gaeilge
    Replies: 14
    Last Post: 21st February 2009, 02:47 PM
  5. An bhfuil gá le stáisiún Ghaeilge sa tuaisceart?
    By Fallen Angel in forum Gaeilge
    Replies: 9
    Last Post: 7th October 2008, 10:35 PM