Sílim go bhfuil muintir an Tuaiscirt den tuairim go bhfuil gá le staisiún raidio Ghaeilge ó thuaidh cinnte agus ar eigean go bhfuil a fhios acu go bhfuil a leitheid de staisiún ann agus Raidio na Gaeltachta nó ní bhaineann sé leo. Tá Raidió Fáilte -
Radió Fáilte - ag déanamh sar oibre agus is féidir liomsa éisteacht leis ar an idirlíon, ar chláracha ar nós Eoghan O Néill is eile.
Creidim go bhfuil Raidio na Gaeltachta buartha mar gheall ar Raidió Fáilte sa chaoi céanna go bhfuil siad buartha faoi Raidio na Life. Tugaim faoi ndeara mar shampla nach dtugtar aitheantas do na staisiúin pobail seo ag Gradaim Meáin Cumarsáide an Oireachtais - de bharr go bhfuil na votaí ar fad ag Raidio na Gaeltachta agus go gcoiníonn siad na gradaim acu féin.