Page 1 of 2 12 LastLast
Results 1 to 10 of 18

Thread: A Leibhéal agus Neamhpholasaí Gaeilge Fhine Gael

  1. #1
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Apr 2005
    Location
    Tír Eoghain
    Posts
    1,623

    A Leibhéal agus Neamhpholasaí Gaeilge Fhine Gael

    Bhí mé ag léamh faoin scrúdú Gaeilge A Leibhéal sna Sé Chontae ansin, i Lá Nua ar na mallaibh. As 30,020 dalta a rinne scrúduithe A Leibhéal i mbliana níor roghnaigh ach 246 acu an Ghaeilge. As an líon an-bheag sin, ní dhearna ach 88 gasúr an Ghaeilge.

    Chuala mé go leor cainte ó Fhine Gael faoin ráth agus bláth a bheas ar an Ghaeilge nuair a bheidh rogha ag daltaí, agus fiú rinne siad tagairt do na "forbairtí iontacha" sna Sé Chontae. Ach léiríonn na figiúirí seo nach bhfuil aon ráth nó bláth ag tarlú sa chóras Béarla anseo ar chor ar bith... agus gur bás a bheas i ndán don Ghaeilge má dhéantar ábhar roghnach di sna scoileanna.

  2. #2
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Jan 2008
    Location
    Leath Choinn
    Posts
    1,197

    Re: A Leibhéal agus Neamhpholasaí Gaeilge Fhine Gael

    Sílim go bhfuil beagnach gach uile dhuine sa tír ar aon intinn faoi sin seachas Enda féin, cúpla Aire agus bhall sa bpáirtí agus Darren bocht.

  3. #3
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,527

    Re: A Leibhéal agus Neamhpholasaí Gaeilge Fhine Gael

    An fíor é sin?

    Bíonn níos lú ná 1% de scoláirí Thuaisceart Éireann a fhoghlaim na Gaeilge?

    In ainm an diabhail, tuige a bhfuil Acht Teanga uathu?

  4. #4
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Jan 2008
    Location
    Leath Choinn
    Posts
    1,197

    Re: A Leibhéal agus Neamhpholasaí Gaeilge Fhine Gael

    Quote Originally Posted by duine n
    In ainm an diabhail, tuige a bhfuil Acht Teanga uathu?
    Chun cur isteach ar na Prods is dócha

  5. #5
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,527

    Re: A Leibhéal agus Neamhpholasaí Gaeilge Fhine Gael

    Á! In ionad Acht Creidimh?

  6. #6
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Apr 2005
    Location
    Tír Eoghain
    Posts
    1,623

    Re: A Leibhéal agus Neamhpholasaí Gaeilge Fhine Gael

    Quote Originally Posted by duine n
    An fíor é sin?

    Bíonn níos lú ná 1% de scoláirí Thuaisceart Éireann a fhoghlaim na Gaeilge?

    In ainm an diabhail, tuige a bhfuil Acht Teanga uathu?
    Níl aon 'uathu' i gceist. Tchímid muid féin mar Éireannaigh, cosúil le gach Éireannach eile, agus i dteideal na gceart céanna. Is ionann Gael sna Sé Chontae agus Gael sna Sé Chontae is fiche... níl aon "iadsan vs muidne" nó aon 'uathasan" i gceist, i mo bharúil féin.

    Baineann na figiúirí a thug mé thuas leis an Scrúdú A Leibhéal amháin. Níl a fhios agam cén céatadán d'aois scoile atá ag foghlaim na Gaeilge sna Sé Chontae. Bheadh sé íseal ceart go leor, ach sin cionn is go bhfuil an murder machine beo beathach ar an taobh seo den teorainn go fóill. Thosaigh m'iníon féin i meánscoil lánGhaeilge sna 26 Contae an tseachtain seo agus tá muid breá sásta go bhfuil oideachas Gaelach agus Éireannach á chur uirthi, seachas an t-oideachas Sasanach atá ar fáil ar an taobh seo den teorainn. Tháinig sí abhaile le Dialann Scoile agus istigh ann bhí liosta de dhátaí tábhachtacha (Éireannach agus domhanda... ní raibh tásc ná tuairisc ar 1066), liosta uachtaráin na hÉireann, amhrán na bhFiann... níl a fhios agam an mbeadh a leithéid le fáil ar AON dialann ar AON scoil sna Sé Chontae, fiú sna scoileanna traidisiúnta Caitliceacha a mbíodh meas acu ar an Éireannachas agus ar an Ghaelachas lá den tsaol.

  7. #7
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,527

    Re: A Leibhéal agus Neamhpholasaí Gaeilge Fhine Gael

    [quote=Seánod]
    Quote Originally Posted by "duine n":1zlvv7gi
    An fíor é sin?

    Bíonn níos lú ná 1% de scoláirí Thuaisceart Éireann a fhoghlaim na Gaeilge?

    In ainm an diabhail, tuige a bhfuil Acht Teanga uathu?
    Níl aon 'uathu' i gceist. Tchímid muid féin mar Éireannaigh, cosúil le gach Éireannach eile, agus i dteideal na gceart céanna. Is ionann Gael sna Sé Chontae agus Gael sna Sé Chontae is fiche... níl aon "iadsan vs muidne" nó aon 'uathasan" i gceist, i mo bharúil féin.


    Aon duine nach mise é, is tú, sé nó sí é
    Aon daoine nach mise iad, is sibh nó siad iad!



    Baineann na figiúirí a thug mé thuas leis an Scrúdú A Leibhéal amháin. Níl a fhios agam cén céatadán d'aois scoile atá ag foghlaim na Gaeilge sna Sé Chontae. Bheadh sé íseal ceart go leor, ach sin cionn is go bhfuil an murder machine beo beathach ar an taobh seo den teorainn go fóill. Thosaigh m'iníon féin i meánscoil lánGhaeilge sna 26 Contae an tseachtain seo agus tá muid breá sásta go bhfuil oideachas Gaelach agus Éireannach á chur uirthi, seachas an t-oideachas Sasanach atá ar fáil ar an taobh seo den teorainn. Tháinig sí abhaile le Dialann Scoile agus istigh ann bhí liosta de dhátaí tábhachtacha (Éireannach agus domhanda... ní raibh tásc ná tuairisc ar 1066), liosta uachtaráin na hÉireann, amhrán na bhFiann... níl a fhios agam an mbeadh a leithéid le fáil ar AON dialann ar AON scoil sna Sé Chontae, fiú sna scoileanna traidisiúnta Caitliceacha a mbíodh meas acu ar an Éireannachas agus ar an Ghaelachas lá den tsaol.

    Glacaim lena deireann tú, ach léigh mé i leabhair go raibh "freasúra leanúnach", má ba threallach é, ar bun sna 6 chontae, sna 1920achaí, timpeall 1935 (?), timpeall 1958 (?) , 1979 go nuige seo (?), daoine ag suí síos roimh paramílítigh, ag leagadh buamaí, ag marú, ag goineadh, ag impí, ag cur polaiteoirí ina seasanna tuarastalacha. 7rl, 7rl, agus fós tá >1% ag gabháil don Ghaeilge. In ainm Chroim, cad chuige an ciobal ar fad muna ar son an chultúir é?

    [/quote:1zlvv7gi]

  8. #8
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Jan 2008
    Location
    Leath Choinn
    Posts
    1,197

    Re: A Leibhéal agus Neamhpholasaí Gaeilge Fhine Gael

    Agus caitheann na figiúirí seo an-amhras ar an smaoineamh go mbeadh níos mó Gaeilge á labhairt sa bpoblacht dá mbeadh an tír faoi smacht fós. 'Sé sin, deirtear go mbreathnódh na hÉireannaigh níos doimhne ar a nÉireannachas féin .i. an Ghaeilge, dá mbeadh siad sa Ríocht Aontaithe fós!

    Leis an bhfírinne a rá, ní chaitheann sé amhras ar an smaoineamh sin, déanann sé dearg-sheafóid de. Tá leath-chreidimh, piontaí pórtair agus cúpla chluiche peile ar an teilifís ag an deireadh seachtaine maith a dhóthain dúinn mar Éireannachas.

  9. #9
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,527

    Re: A Leibhéal agus Neamhpholasaí Gaeilge Fhine Gael

    Dála an scéil, an bhfuil fhios ag éinne cá bhfuair FG an polasaí úd i leith na Gaeilge, agus an mbeadh sé bainteach le hábhair eile.
    M.sh.
    Ná híoc do cháineacha muna toil leat?
    Ná cuir do pháiste ar scoil muna toil leat?
    Ná coinnigh rialacha an bhóthair muna toil leat?

  10. #10
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Jan 2008
    Location
    Leath Choinn
    Posts
    1,197

    Re: A Leibhéal agus Neamhpholasaí Gaeilge Fhine Gael

    Quote Originally Posted by duine n
    Dála an scéil, an bhfuil fhios ag éinne cá bhfuair FG an polasaí úd i leith na Gaeilge, agus an mbeadh sé bainteach le hábhair eile.
    M.sh.
    Ná híoc do cháineacha muna toil leat?
    Ná cuir do pháiste ar scoil muna toil leat?
    Ná coinnigh rialacha an bhóthair muna toil leat?
    Ní shílim go raibh mórán smaointeoireachta déanta air, seachas gur cheap siad go mbeadh Seoiníní na hÉireann ar a son. Agus seans go mbeadh vótaí le mealladh. Theip air.

Page 1 of 2 12 LastLast

Similar Threads

  1. Linux agus ríomhchláir as Gaeilge
    By tumeltyni in forum Gaeilge
    Replies: 14
    Last Post: 10th April 2011, 08:47 PM
  2. polasaithe gaeilge agus an ardteist
    By túsanlae in forum Gaeilge
    Replies: 23
    Last Post: 13th July 2008, 07:40 PM
  3. Foras na Gaeilge agus conspóid
    By Darren Mac an Phríora in forum Gaeilge
    Replies: 6
    Last Post: 28th January 2008, 01:44 AM
  4. Diúltaíonn na Glasaigh do Pholasaí Gaeilge Fhine Gael
    By Meath Green Party in forum Gaeilge
    Replies: 5
    Last Post: 26th February 2007, 01:44 PM
  5. Cás Mháire agus Acht na Gaeilge
    By Conghaileach in forum Gaeilge
    Replies: 18
    Last Post: 14th February 2007, 01:20 PM