Results 1 to 4 of 4

Thread: Céard a cheapann sibh faoin Nuacht as Gaeilge?

  1. #1
    Politics.ie Newbie
    Join Date
    Aug 2008
    Posts
    2

    Céard a cheapann sibh faoin Nuacht as Gaeilge?

    Céard a cheapann sibh faoin Nuacht as Gaeilge ar TG4 nó RTE i gcomórtas leis an nuacht ar Sky, CNN, TV3, BBC, agus rl?

  2. #2
    Politics.ie Regular Corcaigh33's Avatar
    Join Date
    Oct 2006
    Location
    People's Republic of Cork
    Posts
    1,557

    Re: Céard a cheapann sibh faoin Nuacht as Gaeilge?

    Sé an fhadhb mhór leis an nuacht ar RTÉ nó TG4 ná nach bhfuil aon smaoineamh caite ar an gclár agus an modh ina bhfuil an Ghaeilge á úsáid.
    Le forbairt na teanga ina lár, ba chóir go mbeadh an nuacht níos tabhachtaí ar RTÉ, níl aon cabhair á thabhairt don teanga i cglár difriúil, b'fhéidir an chéad leath de 6-1 bheith i mBéarla agus an dara leath i nGaeilge. Tá Nuacht TG4 ró-ghairid im thuairim. Tá seans acu níos mó usáid a bhaint as an gclár chun clár nuachta indirnáisiúnta a dhéanamh as. Leis sin ceapaim go n'éireodh Nuacht TG4 ó clár do na ionadaí Gaeltachta go clár nuachta tabhachtach laethúil agus i bhfad níos mó dhaoine ag féachaint air.
    Those who think they know it all upset those of us that do.........
    To view links or images in signatures your post count must be 10 or greater. You currently have 0 posts.

  3. #3
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Jan 2008
    Location
    Leath Choinn
    Posts
    1,197

    Re: Céard a cheapann sibh faoin Nuacht as Gaeilge?

    Céard a cheapann sibh faoin Nuacht as Gaeilge ar TG4
    Uaireanta bíonn Nuacht TG4 an t-aon chlár lán Ghaeilge i bhfarraige an Bhéarla ag an am sin ar TG4!
    Bíonn gach ní clúdaithe acu, cúrsaí náisiúnta agus idirnáisiúnta srl.
    Ní féidir locht a chur air i ndáiríre.

    Dála an scéil creidim go bhfuil réamhaisnéis na haimsire ar nuacht TG4 thar cionn go deo, i bhfad níos fearr ná aon réamhaisnéis na haimsire eile ar aon stáisiúin eile.
    Bíonn sé an-soiléir cén sórt aimsire a bheas againn idir 8-9 a chloig an mhaidin dár gcionn.
    Taispeántar an bháisteach srl ina iomláine seachas cúpla scamall agus a leithéid, amhail RTÉ agus TV3.

    Tá Nuacht TG4 ró-ghairid im thuairim
    Ní shílim go bhfuil Nuacht TG4 ró-ghairid ar chor ar bith. Déanann leath uair an beart i mo thuairim.

  4. #4
    mbm
    mbm is offline
    Politics.ie Newbie
    Join Date
    Jul 2008
    Location
    Baile Átha Cliath
    Posts
    3

    Re: Céard a cheapann sibh faoin Nuacht as Gaeilge?

    Quote Originally Posted by gaillimheach
    Céard a cheapann sibh faoin Nuacht as Gaeilge ar TG4 nó RTE i gcomórtas leis an nuacht ar Sky, CNN, TV3, BBC, agus rl?
    Déanann Nuacht TG4 go han-mhaith i gcomparáid leis na cinn eile, dar liomsa. Bíonn na hábhair fiúntach agus bíonn an cur i láthair snasta proifisiúnta. Is fiú féachaint air.

    Bíonn cláracha agus foilseacháin ann sna meáin Ghaeilge atá sách lag ó thaobh an ábhair de agus nach fiú bacadh leo ach ar son na cúise. Ní hé Nuacht TG4 ceann acu, áfach. Is féidir féachaint ar Nuacht TG4 mar fhoinse cheart nuachta, cuma cén teanga ina bhfuil sé.

Similar Threads

  1. Céard faoi todchaí Raidió Rí-Rá?
    By Fallen_Angel in forum Gaeilge
    Replies: 3
    Last Post: 8th November 2009, 11:16 PM
  2. An bhfuil sibh sona?
    By duine n in forum Gaeilge
    Replies: 26
    Last Post: 28th January 2008, 01:15 PM
  3. Replies: 46
    Last Post: 2nd November 2006, 03:47 PM
  4. Cad a cheapann tú faoin rialtas seo?
    By Dalta in forum Gaeilge
    Replies: 17
    Last Post: 11th November 2005, 05:03 AM