Ba chóir go mbeadh snáth ar an tsuíomh seo do foghlaim na Gaeilge.
Anois céard é an difríocht idir "bhfuil" agus "tá"? Ciallaíonn "bhfuil" "are" i mBéarla agus ciallaíonn "tá" "is"? So nuair a theastaíonn uait "is" a rá i nGaeilge deireann tú "Tá"?
Ba chóir go mbeadh snáth ar an tsuíomh seo do foghlaim na Gaeilge.
Anois céard é an difríocht idir "bhfuil" agus "tá"? Ciallaíonn "bhfuil" "are" i mBéarla agus ciallaíonn "tá" "is"? So nuair a theastaíonn uait "is" a rá i nGaeilge deireann tú "Tá"?
Last edited by Darren Mac an Phríora; 23rd May 2009 at 05:34 PM.
Deirtear:Originally Posted by Darren Mac an Phríora
Conas atá tú?
Cad é mar atá tú?
Nuair atá mé ar saoire, téim ag siúl.
ACH
Cén chaoi a bhfuil tú?
An bhfuil tú go maith?
Aontaím lena bhfuil le rá agat. (I agree with what you have to say).
An fhoirm spleách (a bhfuil) -v- an fhoirm neamhspleách (atá)
Tuigim do samplaí thuas.
Ach an deireann mé "Má tá gaelscoil nua le bhunú" nó "Má bhfuil gaelscoil nua le bhunú" mar shampla?
"Má tá" a deirtear i gcónaí. Is féidir "Má bhí" a rá ach tá sé an-neamhchoitianta. Ná measc é le "Dá mbeadh"...An modh coinníollachOriginally Posted by Darren Mac an Phríora
![]()
[quote=Micilín Muc]"Má tá" a deirtear i gcónaí. Is féidir "Má bhí" a rá ach tá sé an-neamhchoitianta. Ná measc é le "Dá mbeadh"...An modh coinníollachOriginally Posted by "Darren Mac an Phríora":vsnnoc3x
[/quote:vsnnoc3x]
Ach cloiseann tú "Má bhfuil" níos minicí i mo thuairimse. Céard é an difríocht?
Tá "Má tá" i gceart, níl "Má bhfuil".Originally Posted by Darren Mac an Phríora
[quote=Micilín Muc]Tá "Má tá" i gceart, níl "Má bhfuil".[/quote:3f2kzh4k]Originally Posted by "Darren Mac an Phríora":3f2kzh4k
Bhfuil=are.
Tá= is??
Tá = am, is, are (foirm dhearfach)
Bhfuil = am, is are (foirm cheisteach)
Glacann "má" an fhoirm dhearfach i gcónaí. Mar sin de, is "má tá" atá ceart.
Glacann "mura" an fhoirm cheisteach i gcónaí. Mar sin de, "mura bhfuil" atá ceart.
Tá "má bhfuil" chomh mícheart le "mura tá". Tá siad go huile is go hiomlán contráilte.
le meas,
Seán
Go raibh míle maith agaibh.
Beidh orm dul tríd do freagra le mó Mháthair Seán nuair a thagann sí ar ais afách chun é a thuiscint i gceart.![]()
Tá a Gaeilge i bhfad níos fearr ná mise.
An bhfuil mé ceart chun a rá go ndéanann a lán daoine botúin i leith iad?
Ceart go leor. Tá úsáid "tá" nó "bhfuil" ag brath ar chomhthéacs (depends on context). Níl sé ag brath ar aon fhocal sa Bhéarla (does not rely on any single word in English).Originally Posted by Darren Mac an Phríora
Samplaí.
Am
Tá mé = I am
An bhfuil mé? = Am I?
Are
Tá tú = you are
An bhfuil tú? = Are you?
Is
Tá sé = he is
An bhfuil sé? = Is he?
Sna samplaí thuas, tá sé furasta an difear a fheiceáil... úsáidtear "tá" nuair is ráiteas dearfach (positive statement) atá i gceist, agus úsáidtear "bhfuil" nuair is ceist atá ann. Mar sin de, foirm dhearfach = tá, agus foirm cheisteach = bhfuil... ach ciallaíonn siad beirt "am, is, agus are" sa Bhéarla.
Tá roinnt foclaí a dtéann "tá" leo, agus tá roinnt foclaí a dtéann "bhfuil" leo.
Seo cuid de na foclaí a ghlacann "tá"
Nuair atá
Cé tá
Cad é atá
Má tá...
Cén uair atá...
Cá mhéad atá...
Cá fhad atá...
Cén t-am atá...
Seo cuid de na foclaí a ghlacann "bhfuil" i gcónaí
Mura bhfuil...
An bhfuil...
Cén fáth a bhfuil...
Cad chuige a bhfuil...
Cén áit a bhfuil...
Cá bhfuil...
Cén dóigh a bhfuil...
Agus is féidir gur "is, am, are" an chiall le ceann ar bith acu sa Bhéarla. Ní féidir a rá go gciallaíonn "tá" is, agus go gciallaíonn "bhfuil" are. Déanta na fírinne, tá an Béarla iontach casta sa chás seo... caithfidh foghlaimeoir Béarla a thuigbheáil nach féidir leis "I is" "you is" "he is" "she is" "we is" "youse is" "they is" "one is" a rá i gcónaí... Athraíonn "is" go dtí "are" agus "am" ag brath ar cén duine. Ach sa Ghaeilge, úsáidtear "tá" le gach duine. "Tá mé/tú/sé/sí/muid/sibh/siad/agus gach duine eile... tá tá tá.
tá súil agam go bhfuil seo ina chuidiú éigin!