Seo an t-omós atá tugtha do Bobby Sands ar igaeilge.wordpress.com inniu.
Cothrom an lae seo i 1981 a bhasaigh Bobby Sands i gCampa Géibhinn na Ceise Fada tar éis 66 lá ar stailc ocrais agus é ag lorg, ar a shon féin agus ar shon a chomrádaithe, stadas pholatúil. Dúradh sa phreas ráiteas a d’eisigh Oifig Thuaisceart Eireann go bhfuair ‘Robert Sands’ bás an maidin sin. Dúradh sa ráiteas go raibh sé tar éis lámh a chur ina bhás féin tré bia agus deoch a dhiultú. Níor tugadh aon aitheantas dá stadas mar Fheisire tofa Fhear Mánaigh agus Tír Eoghain Theas i bPairlimint Westminster.
Geall leis 30 bliain níos faide anonn, tá siocháin, de short, i réim de bharr ibirtí Sands agus a chomrádaithe. Ní bheadh SF - nó dream ar bith eile - ag bórd an Rialtais ach sin. Sin an rud a chreidim ar aon nós cé gur ait an mac an stair.
Tá barúil eile agam freisin: Creidim ón meid a chuala mé faoi Bobby Sands ó chomrádaithe agus a léigh mé faoi agus ina lámh go mbeadh aiféaltas mór air faoin easpa coimitmint ó Shinn Féin faoi chearta Gaeilge. Ní bheadh sé sásta, creidim, go bhfuil an pairtí ag ligint i ndearmad ceann dá bhun spriocanna agus iad anois i gcumhacht.
Ní h-é go bhfuil sé i gceist agam clarú le dream phoblachtach easaontach ar bith - ach creidim go bhfuil SF, ag an libhéal an Fheidhmeannais, beag bheann ar an nGaeilge agus in ainneoin iarrachtaí leitheidí Gerry Adams, fiú, níl siad sásta dul sa bhearna baoil fiú le cás na Gaeilge a chur ar bhealach nach féidir leis na hAondachtaithe diultú.



LinkBack URL
About LinkBacks
Reply With Quote