Déa-scéal don Ghaeilge, ar ndóigh, gur tháinig Lá Nua slán as an bpriacal airgeadais ina raibh sé, ach eascraíonn ceist as seo uile: más léir nach bhfuil ceannach mór ar nuachtán laethúil Gaeilge, an bhfuil sé ciallmhar na mílte euro a chur amú trí leagan clóbhuailte a tháirgeadh? Dar liom nach fiú. Sílim gur smaoineamh maith a bhí sa phlean acu gan ach leagan leictreonach a dhéanamh agus 'scotheagrán' seachtainiúil a dhíoladh agus leis an t-airgead a shábháiltear barr feabhais a chur ar a bhfuil sa nuachtán. B'aoibhinn liom dá mbeadh tuilleadh alt ann faoi chursaí reatha náisiúnta agus idirnáisiúnta. Na téamaí a ndéantar trácht orthu ar Lá Nua, bíonn siad teoranta go leor, agus uaireanta cuireann an tsíorchaint ar an DUP as do léitheoirí sa Phoblacht, léitheoirí nach bhfuil an tsuim chéanna acu i gcúrsaí polaitíochta ó thuaidh.



LinkBack URL
About LinkBacks
Reply With Quote