Page 1 of 2 12 LastLast
Results 1 to 10 of 17

Thread: An Garda Síochána

  1. #1
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Feb 2005
    Posts
    1,817

    An Garda Síochána

    Seo dhaoibh: fuair mé é ó ríomhphost ó Chonradh na Gaeilge.

    Cláraigh leo más mhaith libh rudaí mar seo.


    Micheál Mac Dubhghaill, Uasal, T.D.
    Aire Dlí agus Cirt,
    Comhionannais agus Athchóirithe Dlí
    Faiche Stiabhna,
    Baile Átha Cliath 2


    Re: An Garda Síochána agus an Ghaeilge


    A Aire, a chara,

    Molaim go láidir beartas na Roinne Dlí agus Cirt gardaí a earcú ó na pobail eiteacha chun go mbeadh an fórsa ionadaíoch ar mhuintir na hÉireann ar fad. Léiríonn an cur chuige seo feasacht teanga agus cultúir a chuirfidh go mór le póilíneacht trí chéile.

    Tá Teastas Eorpach na Gaeilge forbartha ag Ollscoil na hÉireann Magh Nuad, curriculum agus córas measúnachta teanga neascaithe leis an bhFráma Coiteann Eorpach atá an-oiriúnach chun earcaigh ghardaí a chumasú agus a mheasúnú go réadúil eolaíoch mar chuid dá gcuid traenála. Is cur chuige é seo is féidir a úsáid do earcaigh a bhí ar scoil anseo agus thar sáile ar aon.
    (www.nuim.ie/language/irishexams.html)

    Is léir nach gá do gach garda a bheith ina "údar" ar an nGaeilge, ach sa chomhthéacs dlíthiúil agus bunreachtúil is gá cumas oibre cumarsáide a bheith ag gach garda chun plé go praiticiúil leis an bPobal as Gaeilge: treoracha a thabhairt agus a ghlacadh, ainm agus seoladh a ghlacadh, teastáil anála a chur ar dhuine, rabhadh a thabhairt, srl., agus saor-chomhrá eile a bhaineann lena chuid cúraimí. Féadfar leibhéil chumais níos airde dul le dualgas trí Ghaeilge nó sa Ghaeltacht.

    Murar féidir le gach Garda cumarsáid a dhéanamh leis an bPobal as Gaeilge, déanfar imeallú ar an teanga. Mar shampla, go dtabharfaí ordú don té a labhraíonn Gaeilge le Garda, Béarla a labhairt nó go ngabhfaí é.

    Is an-deis an beartas nua earcaíochta seo chun polasaí an Rialtais agus na nGardaí i leith na Gaeilge a chur chun feidhme ar bonn praiticiúil réadúil. Tugann an Ghaeilge deis dúinn féiniúlacht Éireannach a chur chun cinn beaga beann ar chreideamh nó ar dhath craicinn. Thuig Eoin Mac Néill, Dubhghlas de hÍde agus Earnán de Blaghad é sin. Ná dúntar earcaigh amach ón nGaeilge toisc a gcúlra eithneach.

    Beir bua agus beannacht,

  2. #2
    Politics.ie Regular Gael's Avatar
    Join Date
    Jan 2004
    Location
    Tír na nÓg
    Posts
    1,520

    Sheol mé ríomhphost chuig an Aire mar gheall air.
    Na Cearta Gaeilge atá agat:

    To view links or images in signatures your post count must be 10 or greater. You currently have 0 posts.

  3. #3
    Politics.ie Regular Gael's Avatar
    Join Date
    Jan 2004
    Location
    Tír na nÓg
    Posts
    1,520

    5 Mean Fómhair, 2005


    A Chara,

    Ar son anAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, Mr.
    Michael McDowell, T.D., is mian liom a admhail go bhfuarthas do email dar
    dáta 27 Lúnasa, 2005

    Mise, le meas,

    ______________________
    Rúnaí an Aire
    Nach mór an onóir dom é! Ar a laghad d'fhreagair siad i nGaeilge mé.
    Na Cearta Gaeilge atá agat:

    To view links or images in signatures your post count must be 10 or greater. You currently have 0 posts.

  4. #4
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Feb 2005
    Posts
    1,817

    Bhí mé cinnte gur léigh mé san Evening Herald bo mbeidh An Garda Síochána ag glacadh le caighdéan áiritihe Gaeilge ó imircí.

  5. #5
    Politics.ie Member
    Join Date
    Jul 2005
    Posts
    118

    Quote Originally Posted by Gael
    5 Mean Fómhair, 2005


    A Chara,

    Ar son anAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, Mr.
    Michael McDowell, T.D., is mian liom a admhail go bhfuarthas do email dar
    dáta 27 Lúnasa, 2005

    Mise, le meas,

    ______________________
    Rúnaí an Aire
    Nach mór an onóir dom é! Ar a laghad d'fhreagair siad i nGaeilge mé.
    'is mian liom a adhmháil' - nach nath ait é sin? B'fhearr 'Ba mhaith liom a rá duit' nó 'tá an r-phost sin chun rá leat go bhfuarthas do r-phost...'. An bhfuil rún é go bhfuil do r-phost faighte aige?

  6. #6
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2003
    Location
    La Paz, Bolivia
    Posts
    667

    Quote Originally Posted by Dalta
    Quote Originally Posted by Gael
    5 Mean Fómhair, 2005


    A Chara,

    Ar son anAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, Mr.
    Michael McDowell, T.D., is mian liom a admhail go bhfuarthas do email dar
    dáta 27 Lúnasa, 2005

    Mise, le meas,

    ______________________
    Rúnaí an Aire
    Nach mór an onóir dom é! Ar a laghad d'fhreagair siad i nGaeilge mé.
    'is mian liom a adhmháil' - nach nath ait é sin? B'fhearr 'Ba mhaith liom a rá duit' nó 'tá an r-phost sin chun rá leat go bhfuarthas do r-phost...'. An bhfuil rún é go bhfuil do r-phost faighte aige?
    Bhfuilltear ag usaid admhail sa chomhtheacs "receipt" n'fheadar? Ach ni bheadh ga le "go bhfuarthas".

  7. #7
    Politics.ie Regular Gael's Avatar
    Join Date
    Jan 2004
    Location
    Tír na nÓg
    Posts
    1,520

    Is cuma faoin nath cainte i ndáiríre, a fhad is go bhfuil an toradh ceart leis an ríomhphost a sheoladh chuig "Herr Flick".
    Na Cearta Gaeilge atá agat:

    To view links or images in signatures your post count must be 10 or greater. You currently have 0 posts.

  8. #8
    Politics.ie Member
    Join Date
    Jul 2005
    Posts
    118

    Tá sé go maith, ceart, ach ní Gaeilge cheart ag an duine. D'úsáid sé 'email' fiú, agus tá a fhios ag éinne le haon chaighdeán Gaeilge gur riomhphost an focal.

  9. #9
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Feb 2005
    Posts
    1,817

    Bhí mé ag feachaint ar TG4 inniu. Ceapaim gur chailleamar an babhta seo mar tá an tAire ag dul ar aghaidh.

    Tá sé ait, dar liom, go bhfuil sé gaolta le Eoin Mac Neill, ceann dena daoine a bhunaigh Conradh na Gaeilge.

  10. #10
    Politics.ie Regular Gael's Avatar
    Join Date
    Jan 2004
    Location
    Tír na nÓg
    Posts
    1,520

    Quote Originally Posted by sean1
    Bhí mé ag feachaint ar TG4 inniu. Ceapaim gur chailleamar an babhta seo mar tá an tAire ag dul ar aghaidh.

    Tá sé ait, dar liom, go bhfuil sé gaolta le Eoin Mac Neill, ceann dena daoine a bhunaigh Conradh na Gaeilge.
    An raibh mír faoin ábhar sin ar Nuacht TG4?
    Na Cearta Gaeilge atá agat:

    To view links or images in signatures your post count must be 10 or greater. You currently have 0 posts.

Page 1 of 2 12 LastLast

Similar Threads

  1. 81% satisfied with the Garda Siochana
    By David Cochrane in forum Justice
    Replies: 30
    Last Post: 29th October 2008, 10:23 AM
  2. Garda Siochana Ombudsman.
    By stopthetrain in forum Justice
    Replies: 13
    Last Post: 13th May 2008, 06:44 PM
  3. An leath Garda Síochána
    By Gary in forum Gaeilge
    Replies: 9
    Last Post: 22nd May 2006, 08:15 PM
  4. Non-national to join the an garda siochana.
    By angelcountry in forum Culture & Community
    Replies: 127
    Last Post: 13th October 2005, 07:09 AM