Page 1 of 2 12 LastLast
Results 1 to 10 of 15

Thread: COMHAR beo go fóill

  1. #1
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2003
    Location
    Cúil Aodha
    Posts
    774

    COMHAR beo go fóill

    In ainneoin tuairiscí a bháis bheith foilsithe san Irish Times le linn na seachtaine, is cosúil go bhfuil COMHAR, iris mhiosúil Ghaeilge, go fóill ina bheathaigh.

    De reir priomhscéal Lá Nua inniu, tá an eagarthóir Mícheál Ó hUanacháin ag tabhairt le fios go mbeidh eagrán den iris le fáil ag deireadh na míosa.

    Tuairiscíodh i dTuarascáil san Irish Times an tseachtain seo chaite go raibh deireadh le Comhar. Comhalta nua ar Bhórd Fhoras na Gaeilge, Caoilfhionn Nic Phaidín, a scrígh an alt do Tuarascáil agus ar ndoigh is é cinneadh an sean Bhord ag FnaG gan maoiniú Comhar a athnuachan ba chúis leis an amhras faoi COMHAR.

    Iris é Comhar a thug ardán do leitheidí Mhairtín Ó Cadhain, Seán Ó Riordáin, Máirtín Ó Direáin agus eile. Tá sé ann ó 1942. Olc an mhaise d'Fhoras na Gaeilge agus a lámh marbh go gcreideann an institiúid teanga go bhfaighidh siad reidh le Comhar. Tacaíocht breise atá de dhith, infheistiocht ceart, seachas an lámh marbh!

    Agus ná h-iarr orm cad a deir alt an Irish Times faoi chaighdeáin iriseoireachta 'nuachtán an taifid'!

  2. #2
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,527

    Cé a dúirt: Is áiféiseach scéal mo bháis?

  3. #3
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,527

    Bhal, ar tháinig eagrán Eanair amach, nó caidé an scéal?

  4. #4
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Jan 2008
    Location
    Leath Choinn
    Posts
    1,197

    níl sé feicthe agam ar aon chaoi!

  5. #5
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,527

    Tá codladh an bháis ar a suíomh idirlín le cúpla mí anuas

  6. #6
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Feb 2007
    Posts
    20,224

    Quote Originally Posted by duine n
    Cé a dúirt: Is áiféiseach scéal mo bháis?
    Mark Twain narbh ea?
    "Only by applying the most rigorous standards do we pay writing in Irish the supreme compliment of taking it seriously." - Breandán Ó Doibhlín.

  7. #7
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,527

    Quote Originally Posted by Riadach
    Quote Originally Posted by duine n
    Cé a dúirt: Is áiféiseach scéal mo bháis?
    Mark Twain narbh ea?




    [ ceist reitrice a bhí ann ]

  8. #8
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,527

    Sibhse, a léigh, a léas nó a léifeadh Comhar: an bhfuil sé ann go fóill?

  9. #9
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Jan 2008
    Location
    Leath Choinn
    Posts
    1,197

    chuaigh mé ar a thóir, ach níl sé ann fós a dhuine chóir

  10. #10
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,527

    Quote Originally Posted by Cúchonnacht
    chuaigh mé ar a thóir, ach níl sé ann fós a dhuine chóir
    Marbh nó tugtha as ag na haosáin

Page 1 of 2 12 LastLast

Similar Threads

  1. Deireadh leis an iris Comhar
    By Gombeen in forum Gaeilge
    Replies: 99
    Last Post: 12th August 2008, 03:40 PM
  2. Níl rás Acht na Gaeilge rite go fóill
    By LiamORaiste in forum Gaeilge
    Replies: 9
    Last Post: 10th June 2008, 01:41 PM