Mór an trua! Cé go raibh liostachas air le tamall.
"Only by applying the most rigorous standards do we pay writing in Irish the supreme compliment of taking it seriously." - Breandán Ó Doibhlín.
An bhfuil aon rud ann chun an folús nua seo a líonadh?
An féidir le Lá Nua agus Foinse an bhearna a líonadh?
Buille marfach eile do shaol na Gaeilge ab ea an cinneadh seoagus ní deirtear aon rud san alt sin go mbeidh iris nua tosaithe in áit Comhar!
An dtabharfadh blagadóireacht ardán maith do na filí is scríbhneoirí Gaelacha nua a bheas ag iarraidh a saothar a chuir os comhair an phobail Gaeilge?
("An pobal Gaeilge" a léanns Gaeilge atá i gceist agam ar ndóigh!)
Gan amhras bhí chuile dhuine acu ag scríobh ar son na scríbhneoireachta amháin agus an sult le baint as sin, mar sin, céard faoi Comhar.blogspot.com
Ba chóir go mbeadh iris do daoine óige le scríbhneoireacht faoi polaitíocht, cursaí reatha, ceol agus spórt.
Bfhéidir go mbeadh Foinse in ann teacht amach le "supplement" nó forábhar (?) gach seachtain cosúil le "The Ticket" san Irish Times.
D'fhéadfá a mhaíomh go mbeidh an bhearna á líonadh cuid mhaith ag Beo.ie, cé nach bhfuil siad díreach mar an gcéanna.Originally Posted by Gary
Is dóigh liom féin gur fadhb é go minic go mbíonn na foilseacháin Ghaeilge ag iarraidh an dá thrá a fhreastal agus ní éiríonn leo duine ar bith a shásamh i ndeireadh na dála. Bhí fiúntas áirithe leis an iris Cuisle, a bhí ann ar feadh cúpla bliain. Ach rinne siad siúd iarracht freastal ar lucht foghlama agus ar lucht líofa araon agus bhain sé sin ó chaighdeán an ábhair, i mo thuairim.Originally Posted by Darren Mac an Phríora
Má bhíonn siad ag iarraidh gach rud a shimpliú i gcónaí ar mhaithe le lucht foghlama, cuirtear as do chainteoirí líofa atá ag iarraidh scríbhneoireacht Ghaeilge a léamh a bhfuil castacht agus doimhneacht áirithe ag baint léi (gan gluais Bhéarla ar bith in aice léi). Cé nach mbíodh an cur chuige sin i bhfeidhm i gcás Comhar, ó mo thaithí féin air. Ba mhaith liom iris nua a fheiceáil atá dírithe ar fhorbairt (scríbhneoireacht/litríocht) na teanga féin agus ní ar na foghlaimeoirí i gcónaí.
Cad a gceapann sibh faoi "Feasta" http://www.feasta.ie/bunus/eolas.html ?
Tá ar intinn agam é a fháil tríd an bpost.
Originally Posted by Gombeen
Ar dheis Dé go raibh a anam![]()
Aontaím i leith an béim i leith foghlaimeoirí.Originally Posted by Gombeen
Is cuimhin liom nuair a raibh siad ag caint faoi iris ar Ardán uair amháin. Bfhéidir gurbh é Comhar a bhí i gceist, níl a fhios agam. Iris i leith scríbhneoireacht/litríocht a bhí i gceist. Ní raibh ach 300 daoine ag ceannach é.
Bá chóir iris nua a bhunú le topaicí i leith polaitíocht, cursaí reatha, spórt agus ceol chomh maith le altanna faoi litríocht agus scríobhneoireacht.
Céard faoi seo: http://www.feasta.ie/bunus/eolas.html ?
Tá cuma shuimiúil air ar aon chaoi. Ach ní bhíonn sé á dhíol i siopaí eile timpeall na tíre, caithfear a dhul go dtí an Siopa Leabhair i mBleá Cliath chun é a cheannach..faríor.Originally Posted by 18 Brumaire
Ceapaim féin gur smaoineamh iontach an www.comhar.blogspot.com le haghaidh na filí is scríbhneoirí ag iarraidh saothar s'acu a thaispeáint dúinn ......saor in aisce!ach déarfainn go bhfuilim i m'aonar faoi sin!