Page 3 of 10 FirstFirst 12345 ... LastLast
Results 21 to 30 of 100

Thread: Deireadh leis an iris Comhar

  1. #21
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2003
    Location
    Cúil Aodha
    Posts
    774

    D'fhailteoinn roimh a leitheid - is maith an rud é go mbeadh réimse irisí ann i nGaeilge. Ní doigh liom go gciallódh sé sin go gcaithfí Comhar a chailliúint. B'fheidir go bhfuil gá le h-athshamhlú a dhéanamh ar chur chuige na h-irise agus snasú a dhéanamh ar an gcur i láthair, mar atá déanta ag Lá Nua (agus nach bhfuil déanta ag Foinse ó bunaíodh é i 1996).

  2. #22
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Jan 2008
    Location
    Leath Choinn
    Posts
    1,197

    Bhí plé bríomhar faoin iris ar Soiscéal Pháraic aréir agus is léir ón méid a bhí le rá ag mo dhuine ó Chomhar nach bhfuil mórán fonn orthu tabhair faoi shuíomh idirlín Comhar amach anseo, mo léan.

    agus nach bhfuil déanta ag Foinse ó bunaíodh é i 1996
    Ná bíodh ag caitheamh anuas anois a LiamORaiste

  3. #23
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2003
    Location
    Cúil Aodha
    Posts
    774

    Nílim ag caitheamh anuas - ag tuairisciú atáim. Ar thug tusa aon fheabhas súntasach ar Foinse faoi ndeara le 12 bhliain anuas?

  4. #24
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,527

    Quote Originally Posted by RG Cuan
    Tuigim go bpléann Comhar le cúrsaí reatha srl. ach, ar an fhormhór, iris litríochta atá inti, agus is mar sin ba cheart don iris fanacht. Tá gá lena leithéid i saol na Gaeilge.

    .
    Mar sin, cé nach gcuireann tú aon spéis ann, is cóir an tIris seo a choinneáil: an mar sin é?

    An bhfuil aon léitheoirí eile anseo a leomhfadh tuairim a roinnt linn?

  5. #25
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2007
    Posts
    523

    Silim nach raibh mórán fiúntas ann. Clique beag coimeadach. Cha raibh rud ar bith suimiúil ann.
    Caithfear a bheith ag gníomhiú ho háitiúil!

  6. #26
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Jan 2008
    Location
    Leath Choinn
    Posts
    1,197

    Scríobh Duine n:
    Dála an scéil, cé agaibh a léigh nó nár léigh COMHAR go rialta; agus tuige?


    Ar nós Éamó thuas bainim sult as a bheith á léamh is mé ar an leithreas. Is deas a bheith in ann scéalta cliste samhlaíochta a léamh ó am go ham.
    Ach Faríor níl léirmheas amháin ar leabhair Gaeilge léite agam san iris.
    De réir dealraimh ní bhíonn fonn ar lucht acadúil na Gaeilge léirmheasanna ar leabhair Gaeilge a scríobh a thuilleadh, nuair a thugtar cuireadh dóibh a leithéid a dhéanamh.

    Scríobh Gael Gan Náire:
    Clique beag coimeadach
    Cén fáth go ndéarfá é sin!

    Scríobh Liam:
    Nílim ag caitheamh anuas - ag tuairisciú atáim. Ar thug tusa aon fheabhas súntasach ar Foinse faoi ndeara le 12 bhliain anuas?
    Bogadh an spás don eagarfhocal le déanaí!

    Agus ná déan dearmad ar a suíomh idirlín nua
    http://www.foinse.ie/baile.php

  7. #27
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2003
    Location
    Cúil Aodha
    Posts
    774

    Go deas - thar am. Ach cén fath na treoracha Béarla ar thaobh na láimhe deise?

  8. #28
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Mar 2005
    Location
    Ready for government
    Posts
    2,109

    Quote Originally Posted by Cúchonnacht

    Agus ná déan dearmad ar a suíomh idirlíon nua
    http://www.foinse.ie/baile.php
    Úúú, is maith liom é! Bhí an seansuíomh go hainnis.

  9. #29
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2003
    Location
    Cúil Aodha
    Posts
    774

    Nach 'Priomh Nuachtán Náisiúnta na Gaeilge' a thugann siad orthu féin? Cén fath an oiread sin Béarla ar an suíomh?

  10. #30
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,527

    Grianghraf ghleoite, a Chú!

Page 3 of 10 FirstFirst 12345 ... LastLast

Similar Threads

  1. Deireadh le Foinse???????????
    By Culann in forum Gaeilge
    Replies: 86
    Last Post: 21st November 2009, 01:31 PM
  2. Deireadh Stáit Pacastáin?
    By Dubhlinneach in forum Gaeilge
    Replies: 5
    Last Post: 30th April 2009, 06:37 PM
  3. COMHAR beo go fóill
    By LiamORaiste in forum Gaeilge
    Replies: 14
    Last Post: 26th February 2008, 02:28 PM
  4. Deireadh leis an oideachas ordúl
    By Seanan in forum Gaeilge
    Replies: 25
    Last Post: 15th January 2007, 11:39 AM
  5. Deireadh leis an nGaeltacht?
    By readout in forum Gaeilge
    Replies: 4
    Last Post: 7th August 2006, 01:07 PM