Is mór an náire d'Fhoras na Gaeilge gur chuir siad deireadh le Comhar sara raibh iris eile chun teacht i gcomharbacht air. Is mór an náire do Chaoilfhionn Nic Phaidín, atá ceaptha ar bhord Fhoras na Gaeilge, nach é sin an port atá aici seachas bheith ag caoineadh uiscí a cinn, is cosúil, mar gheall ar bhás Comhar. Tá leigheas deacrachtaí Comhar aici féin ach tabhairt faoi agus maoiniú mar is ceart a chur ar fáil le go mbeidh Comhar ina iris cheart. Ní fiú an leanbh a chaitheamh amach leis an uisce salach, mar atá déanta ag FnaG.



LinkBack URL
About LinkBacks
Reply With Quote