
Originally Posted by
LiamORaiste
Abubuna tú féin. Dúirt mé an meid a dúirt bunaithe ar an leirmheas a bhí ag Máiréad Ní Chinnéide san Irish Times. Bunaithe ar an léirmheas sin, níl sé práinneach dom an leabhar a léamh. Tuigim go bhfuil Regina Ní Chollatain i mbun taighde ar iriseoireacht na Gaeilge ach mothaim go bhfuil sí ag caitheamh leis mar rud atá thart agus mar rud a bhaineann le stair agus le h-acadúlacht seachas le nithe comhaimseartha. Ní aontaim leis an seasamh sin. B'fheidir go bpiocfaidh mé suas an leabhar lá eigean agus go léifidh mé é. Léas leabhar Delap agus rinneas léirmheas i Lá Nua. Bhí go leor botúin sa leabhar sin freisin - níl fhios agam an bhfuil Cois LIfe, na foilsitheoirí anseo agus ar leabhar Uí Chollatain, inchurtha leis an abhar. Agus ar ndóigh téann sé ar ais go dtí an alt a scrígh Caoilfhionn Nic Phaidín, stiurthóír Cois LIfe, faoi Comhar bheith curtha chun báis ag tús na bliana, gan imeacht i gcomhar le h-eagarthóir na h-irise. Más é sin an caighdeán 'iriseoireachta' ag foilsitheoirí an leabhair seo faoi iriseoireacht, ní doigh liom gur fiú dom bacadh leis....