Results 1 to 10 of 10

Thread: Na mílte ag léamh na gcaipéisí 'nach léitear'

  1. #1
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2003
    Location
    Cúil Aodha
    Posts
    774

    Na mílte ag léamh na gcaipéisí 'nach léitear'

    Díol spéise na scéalta i Lá Nua inniu agus roimhe ag tabhairt le fios go bhfuil éileamh an mhór le h-aghaidh na leaganacha Ghaeilge de chaipéisí oifigiúla - sna cásanna seo pleananna forbartha Chorcaí agus Phort Lairge - atá á íoslódáil agus á léamh ar an idirlíon.

    Cé go raibh an Irish Examiner (Dé Luain, 5 Samhain) agus John Deasy TD sa Dáil ag maíomh ná raibh einne á lorg - go deimhin d'fhogair siad seo mar fhiric - is cosúil gur a mhalairt glan atá fíor.

    Mura bhfuil einne ag iarraidh iad a cheannach - agus costas suas le €150 orthu ní h-íontas san - tá na mílte á íoslódáíl saor in aisce ar an idirlíon. Ní h-aon doichíní na Gaeil.

    I gcas Chorcaí, rinne 3,667 leaganacha Ghaeilge de phleananna éagsúla a íoslódáil. I bPort Lairge rinne 7,937 an chaipéis a léamh ar an suíomh. De reir na dtorthaí olltoghcháín, fuair John Deasy féin níos lú votai céad rogha sarar toghadh é.

  2. #2
    Politics.ie Regular bradán feasa's Avatar
    Join Date
    Feb 2007
    Posts
    610

    Cad é an scéal leis an Irish Examiner. Is chomh siúil go bhfuil siad ag troid feachtas in aghaidh an Gaeilge. Chuala mé scéal eile faoi iadsan ag déanamh comparáid idir scoil phobal an Daingean agus extreme Ioslamachas no rud éigin!!

  3. #3
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Apr 2005
    Location
    Tír Eoghain
    Posts
    1,623

    Ar chúis éigin, cé go bhfuil an pobal i gcoitinne báúil leis an Ghaeilge, tá na meáin sásta guth a thabhairt do lucht ionsaithe na teanga. Níl mé ag rá nár cheart go mbeadh cead ag daoine labhairt amach in aghaidh na teanga, nó in aghaidh gnéithe áirithe de chur chun cinn na teanga, ach is léir go bhfuil i bhfad níos mó spáis á thabhairt do na daoine seo sna meáin ná mar a thugtar d'ócáidí dearfacha ar nós an Oireachtais srl.

    Ina dhiaidh sin is uile, agus cé gur deas liom an scéal go raibh an-tóir ar na cáipéisí seo bheinn go mór in amhras go bhfuil an oiread sin acu léite in aon teanga, gan a bheith ag caint ar an Ghaeilge amháin!

  4. #4
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Mar 2005
    Location
    Ready for government
    Posts
    2,109

    Quote Originally Posted by bradán feasa
    Cad é an scéal leis an Irish Examiner. Is chomh siúil go bhfuil siad ag troid feachtas in aghaidh an Gaeilge. Chuala mé scéal eile faoi iadsan ag déanamh comparáid idir scoil phobal an Daingean agus extreme Ioslamachas no rud éigin!!
    Bhí duine de na hiriseoirí ag tabhairt ''Taliban'' orthu ina alt, más buan mo chuimhne. Go raibh maith agat as an eolas faoin scéal sin i Lá, a Liam.

  5. #5
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,527

    Tá mé ag súil go mbeidh na mílte a léann cáipéisí Gaeilge ar an idirlíon ag teacht anseo chun a gcur is a gcúiteamh a dhéanamh

  6. #6
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Re: Na mílte ag léamh na gcaipéisí 'nach léitear'

    Quote Originally Posted by LiamORaiste
    I gcas Chorcaí, rinne 3,667 leaganacha Ghaeilge de phleananna éagsúla a íoslódáil. I bPort Lairge rinne 7,937 an chaipéis a léamh ar an suíomh. De reir na dtorthaí olltoghcháín, fuair John Deasy féin níos lú votai céad rogha sarar toghadh é.
    a Dheabhail go deo.

    Tá sé i gceist agam anois leabhar mór fada leadránach a scríobh ar phleanáil tuaithe, achomhairc phleanála, an chomhairle chontae, pleanáil áitiúla, na coinníollacha a bhaineanns leob agus araile!
    Dá mbeinn in ann 3000 nó 4000 leabhar a dhíol sa nideog mhargaidh iontach seo bheadh sé ina leabhar móréilimh in Éirinn gan stró dá laghad.

    Nach aisteach na rudaí a bhfuil suim ag na Gaeil iontu

  7. #7
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Feb 2007
    Posts
    20,224

    Nach fíoraisteach!
    "Only by applying the most rigorous standards do we pay writing in Irish the supreme compliment of taking it seriously." - Breandán Ó Doibhlín.

  8. #8
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Apr 2005
    Location
    Tír Eoghain
    Posts
    1,623

    Tá tuairiscí ag teacht isteach o Nuacht RTÉ go bhfuil trí ríomhaire i ndiaidh pléascadh in oifigí Jail-Taca. Creidtear go raibh feachtas íoslodála cáipéisí Gaeilge ar bun acu. Arsa urlabhra blagaideach de chuid Jail-Taca "cá mhéad co/ip atá íoslodáilte ag Conradh na Gaeilge no/ Glo/r na nGael? Tá siad go hainnis ar fad mar eagraíochtaí. Ní dhéanann siad faic na fríde ar son na Gaeilge".

  9. #9
    Politics.ie Regular
    Join Date
    May 2007
    Posts
    1,258

    Quote Originally Posted by duine n
    Tá mé ag súil go mbeidh na mílte a léann cáipéisí Gaeilge ar an idirlíon ag teacht anseo chun a gcur is a gcúiteamh a dhéanamh
    Ba chóir dóibh é a dhéanamh le Deasy am toghcháin.

  10. #10
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Mar 2005
    Location
    Ready for government
    Posts
    2,109

    Quote Originally Posted by Seánod
    Tá tuairiscí ag teacht isteach o Nuacht RTÉ go bhfuil trí ríomhaire i ndiaidh pléascadh in oifigí Jail-Taca. Creidtear go raibh feachtas íoslodála cáipéisí Gaeilge ar bun acu. Arsa urlabhra blagaideach de chuid Jail-Taca "cá mhéad co/ip atá íoslodáilte ag Conradh na Gaeilge no/ Glo/r na nGael? Tá siad go hainnis ar fad mar eagraíochtaí. Ní dhéanann siad faic na fríde ar son na Gaeilge".
    An-mhaith.

Similar Threads

  1. Replies: 6
    Last Post: 12th April 2010, 01:28 PM
  2. Cé hé sin amuigh, NACH bhfuil....
    By duine n in forum Gaeilge
    Replies: 32
    Last Post: 23rd April 2009, 09:36 PM
  3. Léamh aigne!!
    By Johnny in forum Gaeilge
    Replies: 11
    Last Post: 20th March 2008, 04:15 PM
  4. Pat Finucan nach maireann
    By duine n in forum Gaeilge
    Replies: 6
    Last Post: 21st February 2008, 02:28 PM
  5. Na mílte ag mórshiúl Acht na Gaeilge i mBéal Feirste
    By LiamORaiste in forum Culture & Community
    Replies: 0
    Last Post: 25th February 2007, 10:23 AM