Page 1 of 4 123 ... LastLast
Results 1 to 10 of 40

Thread: The Running Mate

  1. #1
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    The Running Mate

    Tá éacht eile déanta ag TG4 aríst.
    An bhfuil an clár seo The Running Mate feicthe ag aoinne eile agaibh? Caithfidh mé a rá go raibh sé an uair a chloig is fearr a chaith mé os comhair na teilifíse le fada an lá.
    De ghnáth ní bhíonn fonn orm sobalchláir a bhreathnú ach tá rud eicínt difriúil faoin gceann seo.

    Aisteoireacht den scoth (Don Wycherley srl), script thar a bheith maith, greannmhar, suimiúil, scéal fírinneach atá ann.
    Taispeánann sé an córas polaitíochta faoin tuath go han-mhaith

  2. #2
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Quote Originally Posted by mollox
    And I thought it excellent too - even though I had to rely heavily on the sub-titles.

    This is the kind of programme in Irish that should be re-run on RTE, it would attract a significant audience there.
    Níor mhaith le RTÉ é a thaispeáint sa gcéad dhul síos (Bhí an smaoineamh i mBéarla ar dtús agus bhí sé dírithe ar RTÉ chomh fada agus is eol dhom) Ach buíochas le Dia bhí sé ró-chonspóideach don stáisiún náisiúnta. Tá an pholaitíocht ró-fhíor ann an dtuigeann tú mé agus níor mhaith leo a bheith ag cur isteach ar aoinne..."tábhachtach"!

    Ní shílim go mbeidís ag dhul siar ar a gcinneadh amaideach.

    RTÉ didn't want to show it in the first place, it was offered to them but it was a wee bit too racy for the national station apparently.

  3. #3
    Politics.ie Member
    Join Date
    May 2007
    Posts
    261

    Caithfidh me a ra go bhfuil mo chuid Gaeilge saigheas 'ina chodlah' .. mar nil se in usaid agam.. ach ta an sraith seo go hiontach.. ok.. that's as much as I can manage.. i don't have all day but I did try!!.. The Running Mate is the best thing I've seen for a very long time.. well thought out, very close to the bone politically.. and refreshingly funny, too!

    Comhgardachas go gach einne a bhfuil pairteach leis!
    news - something that somebody, somewhere, doesn't want made public

  4. #4
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Tá sé ar fáil ar shuíomh TG4 anois dona Gaeil a bhfuil ar deoraíocht, faoin rannóg "Dráma". http://www.tg4.ie/Webt/webt.htm

    An gcreideann aoinne eile go bhfuil an carachtar Willie Costello bunaithe, ábhairín, ar Jackie Healy Rae? An cineál gaimbín áitiúil, Fianna Fáileach 'dtuigeann thú mé.

  5. #5
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Feb 2007
    Posts
    20,224

    [mod] In ainm Chroim, Fóram Gaeilge, ní mór iarracht a dhéanamh scríobh i nGaeilge ann, seo an darna uair a tharla seo [/mod]
    "Only by applying the most rigorous standards do we pay writing in Irish the supreme compliment of taking it seriously." - Breandán Ó Doibhlín.

  6. #6
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Quote Originally Posted by Riadach
    [mod] In ainm Chroim, Fóram Gaeilge, ní mór iarracht a dhéanamh scríobh i nGaeilge ann, seo an darna uair a tharla seo [/mod]
    mol na daoine agus tiocfaidh siad a Riadaigh, ní bheidh aon mhaitheas don Ghaeilge nó Fóram na Gaeilge as an ghníomh seo.

    Ba chóir dhuit na postanní siúd a chur suas aríst dar liomsa. Gheobhaidh an snáth seo bás dá bharr freisin mura gcuireann.
    Ní féidir linn dátheangachas a chleachtadh ar fhóram an Béarla ach bá chóir dhúinn seans a thabhairt de ar an bhfóram seo ar a laghad, go hairid nuair a tharlíos sé go nádúrtha.

  7. #7
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Oct 2006
    Posts
    1,728

    Iontach an chlár ar fad sampla eile (Fr Ted sampla eile) a theaspeanainn an eagla atá in RTE seans a thógaint le cláracha conspóideach.

  8. #8
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Quote Originally Posted by codology
    Iontach an chlár ar fad sampla eile (Fr Ted sampla eile) a theaspeanainn an eagla atá in RTE seans a thógaint le cláracha conspóideach.
    Go brónach is miotas é sin faoi Father Ted agus RTÉ, níor thairgeadh é dóibh ar chor ar bith.

  9. #9
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Feb 2007
    Posts
    20,224

    Sé polasaí an fhóraim seo, nach bhfuilim ach á chur i bhfeidhm. Tá snáith eile ar an ábhar i mbéarla cheana san earrann 'chat', mar ar féidir leis na postóirí eile a dtuairimí i leith an chláir seo a fhógairt.
    "Only by applying the most rigorous standards do we pay writing in Irish the supreme compliment of taking it seriously." - Breandán Ó Doibhlín.

  10. #10
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Quote Originally Posted by Riadach
    Sé polasaí an fhóraim seo, nach bhfuilim ach á chur i bhfeidhm. Tá snáith eile ar an ábhar i mbéarla cheana san earrann 'chat', mar ar féidir leis na postóirí eile a dtuairimí i leith an chláir seo a fhógairt.
    á feicim ní raibh a fhios agam go raibh snáth eile ann, so níl tú ag dhul as do mheabhair leis an gcumhacht mar sin?

    Bheadh sé togha dá gcláródh mo dhuine Flynn (sa gclár) leis na Glasaigh roimh an olltoghchán, agus ansin má thagann sé i gcomhrialtas le Fianna Fáil sa deireadh.........jeez is nerd ceart mé faoin gclár seo cheana!!

Page 1 of 4 123 ... LastLast

Similar Threads

  1. Biffo running mate sued
    By Dasayev in forum Fianna Fáil
    Replies: 7
    Last Post: 22nd October 2008, 04:20 PM
  2. McCain about to announce running mate?
    By gendjinn in forum US Politics
    Replies: 25
    Last Post: 25th July 2008, 05:30 PM
  3. The Running Mate
    By Gombeen in forum Media
    Replies: 0
    Last Post: 26th September 2007, 07:30 PM
  4. Replies: 40
    Last Post: 28th January 2006, 01:12 AM