Page 4 of 4 FirstFirst ... 234
Results 31 to 40 of 40

Thread: The Running Mate

  1. #31
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Feb 2007
    Posts
    20,224

    ceann miraculous atá uait?
    "Only by applying the most rigorous standards do we pay writing in Irish the supreme compliment of taking it seriously." - Breandán Ó Doibhlín.

  2. #32
    Politics.ie Regular
    Join Date
    May 2007
    Location
    Pilbara, Westralia
    Posts
    1,735

    Go raibh mile maith agat!
    Consider it rude, the support of economic sovereignty for which your German masters have no say.

  3. #33
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Mar 2005
    Location
    Ready for government
    Posts
    2,109

    Quote Originally Posted by Armchair Activist
    Cheanaigh me milsean ina shiopa inne agus tar eis tamphaill chuaigh me go dti an linn snamha avec mo chairde! Nuair a shriochimeamar, thosiagh me ag gaire!



    Where's my medal???
    Sa phost.

  4. #34
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    ha ha leaids, feicim anois, agus go maith, cén fáth go raibh drogall ar bhainistíocht RTÉ The Running Mate a thaispeáint!
    Faigheann Fine Gael an lámh in uachtar sa deireadh agus tagann Fianna Fáil trasna chomh truaillithe sa gclár go gcreidfí gur fíorscéal é.

    Ach i ndeireadh na dála, nach cúis imní í go mbeadh drogall ar an "craoltóir náisiúnta" Fianna Fáil a cháineadh?

  5. #35
    Politics.ie Regular Podolski's Avatar
    Join Date
    Oct 2006
    Location
    Cork
    Posts
    2,008

    Quote Originally Posted by Gary
    Scríobh Podolski
    Easily the best series I've seen in ages. Well done TG4.
    Ba chóir dhuit roinnt Gaeilge a úsáid nó tiocfaidh Riadach anuas ortsa, go hairid ós rud é go bhfuil Gaeilge mhaith agatsa!
    Tá beagánín Gaeilge agam ach is naire orm nach bhfuil sé go fluirseach. Níl fhios agam nach bhfuil sé ceart le mise scriocht i mBearla mar bhí an chlár teilifís dhateanganach.

    And if you can't make sense of that it's only because 14 years of the Irish education system and 25 years of being out of it have left me with a poor command of my native language.

    Anyway I thought the final episode of The Running Mate was excellent and kept the suspense there right to the last minute. I would have liked to see Flynn's father tell Páidí Counihan in person to get stuffed and see Counihan carted off to Mountjoy but there's always room for a sequel - or maybe not. Excellent series.

  6. #36
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Dar fia ach tá sé déanta ag TG4 aríst le Paddywackery (Féadtar é a bhreathnú ar shuíomh TG4 sa gcartlann Dráma ), seó den chéad scoth is ea é.
    Sin mar a d'fhéadfaí a bheith ag súil ó Daniel O'Hara, tá sé ar an chomhchaighdeán, nó b'fhéidir níos fearr fiú ná a ghearrscannáin "Yu Ming is ainm dom" agus "Fluent Dysphasia"
    Is breá liom an chaoi a láimhseálann Paddy Courtney an gnáth-Éireannach le roinnt Gaeilge. Ana-ghreannmhar go deo.

    Tagaim freisin le léirmheas Lá Nua inniu faoi.

  7. #37
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,527

    Cad is "Paddywackery" duit, a ghearaí?

    Lúitéis, caimiléireacht, fímínteacht, máistínteacht, cad é?

    [ Ní dheachaigh liom an clár a fheiceáil go fóill]

  8. #38
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Quote Originally Posted by duine n
    Cad is "Paddywackery" duit, a ghearaí?

    Lúitéis, caimiléireacht, fímínteacht, máistínteacht, cad é?

    [ Ní dheachaigh liom an clár a fheiceáil go fóill]

    Hiberno-English.
    Pórtair (is breá liom é, ach ní bhreathnóinn air mar rud eicínt Éireannach).
    Leipreacháin.
    Éireannaigh (beagnach chuile dhuine beo acu) nach dtuigeann cad is Éireannachas ann.
    Daoine a chreideas go bhfuil baint ag greann lena hÉireannachas, in ainneoin na fírice go bhfuil greann i ngach aon dhuine timpeall an domhain.
    An Craic .i. ar meisce go deo, troid, urlacan. Is é seo an-lárnach den phaddyachas.
    Scitsifréine chultúrtha, is breá liom an ceann seo.
    Géilliúlacht
    Polaitíocht na hÉireann

    Lá le Pádraig, chuile focain ní faoi!

    D'fhéadfhainn a dhul ar aghaidh le samplaí eile go deo.

  9. #39
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,527

    Quote Originally Posted by Gary
    Quote Originally Posted by duine n
    Cad is "Paddywackery" duit, a ghearaí?

    Lúitéis, caimiléireacht, fímínteacht, máistínteacht, cad é?

    [ Ní dheachaigh liom an clár a fheiceáil go fóill]

    Hiberno-English.
    Pórtair (is breá liom é, ach ní bhreathnóinn air mar rud eicínt Éireannach).
    Leipreacháin.
    Éireannaigh (beagnach chuile dhuine beo acu) nach dtuigeann cad is Éireannachas ann.
    Daoine a chreideas go bhfuil baint ag greann lena hÉireannachas, in ainneoin na fírice go bhfuil greann i ngach aon dhuine timpeall an domhain.
    An Craic .i. ar meisce go deo, troid, urlacan. Is é seo an-lárnach den phaddyachas.
    Scitsifréine chultúrtha, is breá liom an ceann seo.
    Géilliúlacht
    Polaitíocht na hÉireann

    Lá le Pádraig, chuile focain ní faoi!

    D'fhéadfhainn a dhul ar aghaidh le samplaí eile go deo.

    Éireannachas bréige, mar sin, nó Éireannachas a leag an tráchtáil méar air, nó Éireannachas mar a mheas an Sasanach agus an Meiriceánach é agus é athchumtha ag Éireannaigh, nó Éire gan chroí :mrgreen:



    An clár teilifíse é? :mrgreen:

  10. #40
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Sep 2006
    Location
    Chitown
    Posts
    5,159

    Ní fhaca mé é an chéad uair é!

    Caithfidh mé a rá á, tá sé thar barr!
    Equality — It is new strung and shall be heard

Page 4 of 4 FirstFirst ... 234

Similar Threads

  1. Biffo running mate sued
    By Dasayev in forum Fianna Fáil
    Replies: 7
    Last Post: 22nd October 2008, 04:20 PM
  2. McCain about to announce running mate?
    By gendjinn in forum US Politics
    Replies: 25
    Last Post: 25th July 2008, 05:30 PM
  3. The Running Mate
    By Gombeen in forum Media
    Replies: 0
    Last Post: 26th September 2007, 07:30 PM
  4. Replies: 40
    Last Post: 28th January 2006, 01:12 AM