Labhair mé faoi Foras na Gaeilge i litir san Examiner inniu. Céard iad bhur tuairimí faoi eagraíocht?
Labhair mé faoi Foras na Gaeilge i litir san Examiner inniu. Céard iad bhur tuairimí faoi eagraíocht?
Is é an bealach le margaíocht a dhéanamh ar an nGaeilge airgead a infheistiú sna meáin Ghaeilge, le cuidiú leo fás agus forbairt. Lá Nua, Beo, Foinse - tá siad beo ar phinginí agus dá mbeadh beagan infheistiocht sa bhreis acu, chuirfeadh sé go mór le h-íomhá poiblí na Gaeilge.
Léiriú ar laige na n-eagraíochtaí Ghaeilge ó dheas nach bhfuil oiread is imeacht Ghaeilge amháin i measc os cionn 80 imeacht a bheidh ar ardáín ar fud phríomh chathair na hÉireannn anocht mar chuid d'oíche Chultúr Bhaile Atha Cliath.
Táim sásta go dtuigeann tú go bhfuil formhór dena eagraíochtaí Gaeilge lag sa Deisceart.Originally Posted by LiamORaiste
An rud amháin a dhéarfainn, níl tusa ag moladh aon bealach chun tosaigh. Ní leor cáineadh a dheanamh ar rudaí atá lag - ta's againn sin. Ach cad faoi rud eigean a mholadh a chuideoidh le cúrsaí. Ni doigh liom go bhfuil an ceart agat faoi Eamon O Cuiv ach an oiread - ní eisean a bhog Glór na nGael go Rath Chairn - b'é Glór na nGael féin a rinne an cinneadh agus, ní h-amháin sin, chuaigh siar ar a rothair amach ann! Ní fhaca mé O Cuiv ar rothar!
Is in earnáil na meáin cumarsáide atá an troid le h-aghaidh proifíl na teanga á throid - nó, is cirte a rá, gur cheart í a throid - agus is é sin an fath go molaim go mbeadh ardú shúntasach ar an gcuidiú do na meáin Ghaeilge le cuidiú leo, go mbunófaí staisiúin raidio nua, cuma a bhfuil sé digiteach nó eile, ceann dírithe ar an aos óg, agus ceann eile dírithe ar lucht mean aosta, cothrom 2FM agus RTE Raidio 1, agus go gcuirfí go súntasach le laithreacht na Gaeilge ar an idirlíon.
Ní sna meáin amháin a dheinfear an obair tabhachtach seo - ach is é sna meáin a dheinfear an cuid is tabhachtaí de.
Rinne Eamon O' Cuív an cinneadh.Originally Posted by LiamORaiste
Ní dhearna sé cinneadh dá laghad. Cad é an fianaise atá agat gur rinne sé cinneadh. B'fheidir go rinne sé moladh - ach is eagras neamhspleach é Glór na nGael agus níl aon smacht ag Ó Cuív orthu.
Nílim ag rá go nach raibh siad sásta bogadh ann- ceapaim go raibh siad. Ach rinne Eamon O' Cuív an cinneadh.
Níl tú dáirire. Is féidir le Eamon O' Cuív a leithéid a dhéanamh, gan amhras.Originally Posted by LiamORaiste
Ní dhearna Éamó an cinneadh sin a Dharren, d'fhógair sé na poist, sin an méid.
Aontaím leis an Rí Liam nach leor cáineadh a dhéanamh ar eagraíochtaí Gaeilge - ní mór moltaí agus stráitéis a chur chun cinn tú féin.
Margaíocht snasta agus ardú próifíl na meán Gaeilge, chuirfeadh sé sin go mór lenár gcás.
Déarfainn go bhfuil sé in am Ó Cúiv a chaitheamh amach as an bpost sin, tánn sé ró-fhada ann, agus go bhfuil sé in am aghaidh nua a fheiscint ann le ciní nua. Tánn sé cosúil le RnaG anois, leisciúlacht ag baint leo ar fad.
Seo dhaoibh. Cén chaoi a chuala tú go rinne GnaG an cinneadh? Ar dúirt siad go rinne siad é? Ní dóigh liom é . Tá sibh ag insint bréagach.Originally Posted by RG Cuan
Táimid sa 21ú haois. Muna bhfuil formhór dena heagraíochtaí Gaeilge in ann stratéis don 21ú haois a chur le chéile tá fadbhanna láidir acu.Originally Posted by RG Cuan