Page 1 of 8 123 ... LastLast
Results 1 to 10 of 74

Thread: Éamon Ó Cuív ar staid na Gaeltachta

  1. #1
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Mar 2005
    Location
    Ready for government
    Posts
    2,109

    Éamon Ó Cuív ar staid na Gaeltachta

    Freagra á thabhairt aige ar cheist ar Questions and Answers

    Leathanach an chláir

    Bhur mbarúil? An gcuirfear na moltaí radacacha atá á moladh i bhfeidhm?

  2. #2
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Location
    Baile Átha Cliath / Dublin
    Posts
    4,504

    B'é na teorainn an príomh rud is tábhachtach sa gearr-téarma i leith na Gaeltachtaí. Bhí mé sásta le seasamh an Aire i leith an ceist- chomh maith le na daoine eile- ach amháin Charlie Flanagan.

  3. #3
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    An gcuirfear na moltaí radacacha atá á moladh i bhfeidhm?
    Mura gcuirtear, is féidir linn a rá go mbeidh deireadh leis an nGaeltacht i gceann fiche bliain.

    Sílim go mbeadh an tAire fhéin lán-toilteanach aon mholtaí radacacha a chur i bhfeidhm chun an meath uafásach seo sna Gaeltachtaí a laghdú, ach an mbeidh an cead aige é sin a dhéanamh?
    Beidh na bleeding hearts ag tíocht amach ag rá nach bhfuil sé ceart nó chóir na moltaí siúd -a bhí scríofa i sa thuairisc sceite i Foinse- a chur i bhfeidhm. Na Béarlóirí bochta sna Gaeltachtaí is mar sin de.
    Bhí ceann acub ar an gclár aréir, an bhean sin, a bhí díreach in aice leis an Aire.

    Mar sin bheadh sé ar Fhianna Fáil roinnt cáineadh a iompair má chuirtear iad i bhfeidhm, an mbeidh Fianna Fáil sásta níos mó cáinte a ghlacadh? Deabhal sheans

  4. #4
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Mar 2005
    Location
    Ready for government
    Posts
    2,109

    Quote Originally Posted by Gary
    Na Béarlóirí bochta sna Gaeltachtaí is mar sin de.
    Bhí ceann acub ar an gclár aréir, an bhean sin, a bhí díreach in aice leis an Aire.
    Ní raibh an bhean sin ag rá nár cheart na moltaí a chur i bhfeidhm. Glacaim leis go ndúirt sí go bhféadfadh fadhb dhlíthiúil a bheith ann le ceann nó dhó acu, agus d'fhéadfadh. Tá an chuma air cheana féin nach nglacfaidh an AE leis an gcoinníoll teanga sna ceantair Ghaeltacht mar atá sé. An rud is mó a bhí á rá aici nach raibh aon chomhsheasmhacht ann i meon an rialtais i leith na Gaeilge go náisiúnta agus tá an ceart aici. Luaigh sí an easpa tacaíochta do ghaelscoileanna sa Ghalltacht srl.

  5. #5
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Quote Originally Posted by Gombeen
    Quote Originally Posted by Gary
    Na Béarlóirí bochta sna Gaeltachtaí is mar sin de.
    Bhí ceann acub ar an gclár aréir, an bhean sin, a bhí díreach in aice leis an Aire.
    Ní raibh an bhean sin ag rá nár cheart na moltaí a chur i bhfeidhm. Bhí ag rá nach raibh aon chomhsheasmhacht ann i meon an rialtais i leith na Gaeilge go náisiúnta agus tá an ceart aici. Luaigh sí an easpa tacaíochta do ghaelscoileanna sa Ghalltacht srl.
    Beidh sé orm é a bhreathnú aríst, ach bheinn réasúnta cinnte nach raibh sí sásta faoin mholadh go mbeadh sé ar pháistí gan Ghaeilge a dhul go dtí scoil dhátheangach tumoideachais sul a dtéann siad go dtí an scoil sa Ghaeltacht.
    Ní shílim go raibh sé ag iarraidh cás na ngaelscoileanna san Gaeltachtaí a ardú ach an oiread, ach cás na ngaelscoileanna sa Ghalltacht, bhí an ceart go hiomlán aici faoi sin ach ní raibh sé sin a bhí á phlé ag an am.

    An pointe a bhí á dhéanamh agam ná go mbeidh a leithéid de cháineadh forleathan amach anseo, faoina moltaí, agus ní chreidim go mbeidh an Rialtas sásta cur suas leis.

  6. #6
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Mar 2005
    Location
    Ready for government
    Posts
    2,109

    Gabh mo leithscéal Gary, ach rinne mé athrú ar mo theachtaireacht thuas chun mo phointe a shoiléiriú. Thug tú freagra orm sula ndearna mé é sin. Luaigh an bhean cúpla fadhb dhlíthiúil a d'fhéadfadh a bheith ann maidir leis na moltaí agus tá an ceart aici le fírinne. Ach ní hionann sin is a bheith frith-Ghaelach. An rud is mó a chuir isteach orm ná mo dhuine ó Fhine Gael agus é ag iarraidh ceist na Gaeilge éigeantaí sna scoileanna a tharraingt isteach sa scéal. Níl baint dá laghad ag cás na Gaeltachta leis sin.

  7. #7
    Politics.ie Member
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    229

    Níl aon bhaint aige seo leis an téama ach an bhféadfadh le duine éigin a rá liom conas a dhéanann tú tagairt do ráiteas chomhreagraí eile a luaigh mar aon lena (h)ainm. Mar shampla, má tá tú ag iarraidh John said: a chur roimh ráiteas John agus ansin an ráiteas féin a luaigh arís, conas mar a dhéanann tú é sin? Ní dhéanann an cnaipe Quote ach quote: a chur roimh an téacs. An é gur gá dom ainm an scríbhneora a scríobh amach mé féin? GRMA!

  8. #8
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Mar 2005
    Location
    Ready for government
    Posts
    2,109

    Quote Originally Posted by Lughán
    Níl aon bhaint aige seo leis an téama ach an bhféadfadh le duine éigin a rá liom conas a dhéanann tú tagairt do ráiteas chomhreagraí eile a luaigh mar aon lena (h)ainm. Mar shampla, má tá tú ag iarraidh John said: a chur roimh ráiteas John agus ansin an ráiteas féin a luaigh arís, conas mar a dhéanann tú é sin? Ní dhéanann an cnaipe Quote ach quote: a chur roimh an téacs. An é gur gá dom ainm an scríbhneora a scríobh amach mé féin? GRMA!

    [quote="Ainm an duine eile"]Ráiteas an duine eile[/quote ]

  9. #9
    Politics.ie Member
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    229

    Míle buíochas, Gombeen.

  10. #10
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Scríobh Gaimbín
    Ach ní hionann sin is a bheith frith-Ghaelach.
    A 'ndúirt mé go raibh sí frith-Ghaelach? ró-liobrálach b'fhéidir!! ach ní frith-Ghaelach.

    Tá an chuma air cheana féin nach nglacfaidh an AE leis an gcoinníoll teanga sna ceantair Ghaeltacht mar atá sé.
    'bhfuil tú sásta leis sin dála an scéil? 'bhfuil chuile dhuine anseo sásta leis an gcumhacht seo ag an AE.
    Tusa fhéin a Lughán, céard a cheapanns tusa faoi.

    An rud is mó a chuir isteach orm ná mo dhuine ó Fhine Gael agus é ag iarraidh ceist na Gaeilge éigeantaí sna scoileanna a tharraingt isteach sa scéal. Níl baint dá laghad ag cás na Gaeltachta leis sin.
    Sea, 'bhfuil siad fós ag fuipeáil an capall marbh sin. Ar aon nós, ní bhacfaidh muid le Fine Gael is a bpolasaithe amaideacha i leith na Gaeilge anseo.
    B'fhéidir go mbeidh siad in ann teacht suas le cúpla molta maithe i leith na Gaeilge i gceann cúig bhliain!

Page 1 of 8 123 ... LastLast

Similar Threads

  1. Noel O Flynn getting stuck into Eamonn O Cuiv
    By eskerman in forum Elections
    Replies: 8
    Last Post: 6th June 2009, 05:39 PM
  2. Eamon O' Cuiv: potential party leader?
    By DS-09 in forum Fianna Fáil
    Replies: 28
    Last Post: 6th June 2009, 02:16 AM
  3. Ó Cúiv agus forbairt na Gaelainne
    By Luimnioch in forum Gaeilge
    Replies: 4
    Last Post: 13th February 2008, 10:43 AM
  4. Enda Kenny vs Eamon O Cuív...Troid Poiblí!!
    By Príomh Aire in forum Gaeilge
    Replies: 9
    Last Post: 15th January 2006, 02:38 AM