Page 1 of 4 123 ... LastLast
Results 1 to 10 of 33

Thread: Trevor Sargent Uachtarán na hÉireann

  1. #1
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Trevor Sargent Uachtarán na hÉireann

    An mbeidh Trevor Sargent ina Uachtarán amach anseo?
    Tá Fianna Fáil sásta glacadh le Trevor Sargent mar iarrthóir Uachtaránachta de réir dealraimh!
    Sin mar a tuirsíodh i Lá Nua inniu.

    Tuigeann Lá Nua go bhfuil iarracht á déanamh ag ceannasaíocht Fhianna Fáil an talamh a réiteach le go dtoghfar Trevor Sargent ina Uachtarán nuair a thiocfaidh deireadh le seal oifige Mháire Mhic Ghiolla Íosa, in 2011.
    De réir foinse iontaofa a labhair leis an nuachtán, tá Fianna Fáil ag cuardach iarrthóra a d’fhéadfadh stop a chur le hiarracht Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, bheith tofa chun go mbeadh sé san Áras tráth a dhéanfaí comóradh ar Chéad Bliain Éirí Amach 1916.
    “Tá ard mheas ar iarcheannaire an Chomhaontais Ghlais le fada an lá ach chuaigh a chinneadh éirí as ceannaireacht an pháirtí agus gan glacadh le post sinsearach sa Chomhaireacht i bhfeidhm ar go leor,” dúirt an fhoinse leis an nuachtán seo.
    Tá go leor buntáistí eile ag an Aire Stáit Sargent fosta, mar a mhínigh an fhoinse.
    “Is as an phríomhchathair é, tá Gaeilge ar a thoil aige, is fear é agus is Protastúnach é.
    Bhur mbarúil
    an ndéanfadh sé go maith mar Uachtarán? an mbeadh suim ar bith aige sa bpost?

  2. #2
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Feb 2007
    Posts
    8,578

    B'fhéidir tá níos mó suim aige leis an bpost "Ard Rí na hÉireann" agus gheobhaidh sé é ag an Tara mótarbhealach

  3. #3
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,377

    Shíl mé go raibh an post in áirithe do Ghearóid Mac Adaimh. :twisted:

    Ach chun lucht na Gaeilge a shásamh, nárbh fhearr an post a thabhairt do dhuine gan Béarla ós rud é go raibh sé ag daoine gan Gaeilge le fada.

    Molaim, anois go bhfuil an chéad méara gorm againn, go mbeidh an chéad uachtarán Polainneach againn. Molaim é a thabhairt don chéad inimiriceach eile ón Pholainn isteach

  4. #4
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Quote Originally Posted by johnfás
    B'fhéidir tá níos mó suim aige leis an bpost "Ard Rí na hÉireann" agus gheobhaidh sé é ag an Tara mótarbhealach
    óóó maith thú, a chéad phost as Gaeilge ar an suíomh seo 'gus is ceann greannmhar é.


    Duine n
    Shíl mé go raibh an post in áirithe do Ghearóid Mac Adaimh.
    Tá sé sin séanta ag Grisley inniu

    Tá sé séanta as éadan ag urlabhraí thar ceann Shinn Féin go bhfuil spéis dá laghad ag Uachtarán an pháirtí a bheith ina iarrthóir toghcháin don Uachtaránacht in 2011.
    Duine n
    Ach chun lucht na Gaeilge a shásamh, nárbh fhearr an post a thabhairt do dhuine gan Béarla ós rud é go raibh sé ag daoine gan Gaeilge le fada.

    Molaim, anois go bhfuil an chéad méara gorm againn, go mbeidh an chéad uachtarán Polainneach againn. Molaim é a thabhairt don chéad inimiriceach eile ón Pholainn isteach
    Ná bíodh ag cur smaointí dá leithéid ina gcinn le do thoil maith an duine

  5. #5
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,377

    Quote Originally Posted by Gary
    Duine n
    Shíl mé go raibh an post in áirithe do Ghearóid Mac Adaimh.
    Tá sé sin séanta ag Grisley inniu

    [quote:nlj7dqcw]Tá sé séanta as éadan ag urlabhraí thar ceann Shinn Féin go bhfuil spéis dá laghad ag Uachtarán an pháirtí a bheith ina iarrthóir toghcháin don Uachtaránacht in 2011.
    Aidhe, sin an chaoi, ní cheart ró-mhian sa phost a thaispeáint

    Duine n
    Ach chun lucht na Gaeilge a shásamh, nárbh fhearr an post a thabhairt do dhuine gan Béarla ós rud é go raibh sé ag daoine gan Gaeilge le fada.

    Molaim, anois go bhfuil an chéad méara gorm againn, go mbeidh an chéad uachtarán Polainneach againn. Molaim é a thabhairt don chéad inimiriceach eile ón Pholainn isteach
    Ná bíodh ag cur smaointí dá leithéid ina gcinn le do thoil maith an duine

    Bhal, tá smaointeoireacht úr de dhith i saol na Gaeilge

    [/quote:nlj7dqcw]

  6. #6
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    duine n
    Aidhe, sin an chaoi, ní cheart ró-mhian sa phost a thaispeáint
    Aidhe cinnte...cinnte, bheadh sé ag breathnú ró-díograiseach dá mbeadh sé a caitheamh a chaipín isteach róluath.
    Róluath a rá faoi láthair cé a bhéas ann ar aon nós, is féidir leis an Domhan mór a athrú go huile is go hiomlán laistigh dena ceithre bliain sin atá amach romhainn

  7. #7
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,377

    An bhfuil Treibh Óir fós i dtús cadhaineachta na hUachtaránachta ?

  8. #8
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Quote Originally Posted by duine n
    An bhfuil Treibh Óir fós i dtús cadhaineachta na hUachtaránachta ?
    Ní raibh ann ach ráflaí i ndáiríre chomh fada agus is eol dhomsa.
    Déarfainn nach bhfuil sé ag smaoineamh faoi fiú amháin.
    Bhí David Norris luaite le déanaí i gcomhair an phoist freisin

  9. #9
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,377

    Aidhe! B'fhéidir go bhfuil turas an fhir aeraigh buailte linn !!!!!!!!!

  10. #10
    Politics.ie Regular seamasdefaoite's Avatar
    Join Date
    Aug 2006
    Location
    Pottinger, Belfast South
    Posts
    1,450

    David Norris do Uachtarán na hÉireann
    [color=#BF0000]Seamas de Faoite,[/color]

Page 1 of 4 123 ... LastLast

Similar Threads

  1. Trevor Sargent must go !
    By jerryp in forum Green Party
    Replies: 29
    Last Post: 10th June 2010, 07:42 PM
  2. The next Uachtarán na hÉireann (hypothetical)
    By Ah Well in forum Political Humour
    Replies: 23
    Last Post: 26th May 2009, 01:50 AM
  3. Trevor Sargent
    By BenMicheal in forum Green Party
    Replies: 0
    Last Post: 25th May 2007, 05:54 PM
  4. Gerry as Uachtaran na hEireann? New SF leader?
    By President Bartlet in forum Sinn Féin
    Replies: 104
    Last Post: 11th February 2007, 05:08 PM