Píosa beag suimiúil ón gclár faisnéise Faoi Lámha an Stáit anseo
Píosa beag suimiúil ón gclár faisnéise Faoi Lámha an Stáit anseo
"Peace without justice is a field sown with violence." - Eduardo Galeano
NÍ SAOIRSE GO SAOIRSE LUCHT OIBRE
Ba mhór an náire iad an dá pháirtí mhóra san am sin. Cé gur cháin FF FG nuair a fuair siad réidh le dualgas na Gaeilge sa státseirbhís, ní dhearna siad féin aon iarracht an cinneadh a tharraingt siar, fiú nuair a bhuaigh siad an tromlach ollmhór sin i 1977. Chomh maith leis sin ní dhearna FF aon iarracht chun teanga oifigiúil a dhéanamh den Ghaeilge nuair a chinn an rialtas ar dhul isteach sa Chomhphobal Eorpach, aimsir 1972/73. Ar ndóigh, ba ghá feachtas pobail a eagrú agus ní polasaí rialtais, chun an locht sin a chur ina cheart. An t-aon rud dearfach a tharla sa deich mbliana sin le fírinne, ná bunú Raidió na Gaeltachta.
Gura míle as sin Johnny,
Scríobh Gombeen
Go cinnte, ach mar a fhios agat ón bhfís "Ba tréimhse na 70í nach raibh fáilte roimh Gaeilgeoirí ach oiread, bhí dearcadh forleathan an am dá mba Gaeilgeoir thú, gur Phoblachtach thú!"Ba mhór an náire iad an dá pháirtí mhóra san am sin. Cé gur cháin FF FG nuair a fuair siad réidh le dualgas na Gaeilge sa státseirbhís, ní dhearna siad féin aon iarracht an cinneadh a tharraingt siar, fiú nuair a bhuaigh siad an tromlach ollmhór sin i 1977. Chomh maith leis sin ní dhearna FF aon iarracht chun teanga oifigiúil a dhéanamh den Ghaeilge nuair a chinn an rialtas ar dhul isteach sa Chomhphobal Eorpach, aimsir 1972/73. Ar ndóigh, ba ghá feachtas pobail a eagrú agus ní polasaí rialtais, chun an locht sin a chur ina cheart. An t-aon rud dearfach a tharla sa deich mbliana sin le fírinne, ná bunú Raidió na Gaeltachta.
Agus ós rud é gur páirtí pobalach is ea Fianna Fáil, ní raibh seans dá laghad go mbeidís ag dhul in aghaidh an dhearcaidh ginearálta atá forleathan sa tír.
Is léir go raibh droch-thionchar mór ar an nGaeilge ag tíocht amach as an dtréimhse sin, tionchar is dearcadh atá fós forleathan inniu fiú.
Chuir mé an liosta físeán seo ar bhord eile seachtain ó shin:
Máirtín Ó Cadhain agus Polaitíocht na Gaeilge
Máirtín Ó Cadhain (0:53)
An Cadhnach ar shaoirse na hÉireann agus athréimniú na Gaeilge.
Máirtín Ó Cadhain agus Muintir na Gaeltachta (03:39)
Léargas ar Mháirtín Ó Cadhain, ar Éirinn sna tríochaidí, agus ar Mhuintir na Gaeltachta (Muinntear na Gaedhealtachta)
Máirtín Ó Cadhain agus Misneach (04:45)
Scéal na heagraíochta 'Misneach' agus na cathanna a thug siad.
Máirtín Ó Cadhain agus Cearta Sibhialta na Gaeltachta (02:53)
Ról an Chadhnaigh i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta a tháinig ar an saol ag deireadh na seascaidí.
Féinrial Gaeltachta (04:54)
Bhí Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta gníomhach sna luath-70í ag iarraidh údáras a fháil thar cheann na Gaeltachta ina hiomlán, rud a dhíreodh isteach ar riachtanais speisialta mhuintir na Gaeltachta. Sa deireadh thiar thall bhunaigh an rialtas Údáras na Gaeltachta, eagraíocht nach raibh go huile 's go hiomlán sásúil.
Gaeilgeoirí - Naimhde an Stáit (02:32)
Sna 1970í tugadh neart Gaeilgeoirí os comhair na cúirte as a gcearta teanga a éileamh. Bhí stát an lae, le Conor Cruise O'Brien mar theachta ann, go dubh in éadan gach rud Gaelach nó Éireannach.
Ní saoirse go saoirse lucht oibre.
ToghaOriginally Posted by Conghaileach
gura míle as sin