Cheannaigh mé ríomh-léitheoir le déanaí. Ba é an Sony e-reader a cheannaigh mé. Rinne mé beagánaín taighde sula fuair mé é agus deirtear go bhfuil siad níos "saoire" ó thaobh na teicneolaíochta de ná an Kindle - bheadh tú ceangailte le hAmazon leis an Kindle. (Sin mar a thuigim ach ní saineolaí mé)
Is uirlis iontach í - tá sí níos éadtroma ná leabhar agus ní chuireann sí brú ar do shúile. Is féidir liom mo mhéar a chur ar fhocal agus taispeántar míniú an fhocail dom ón fhoclóir ionsuite. Tá plean agam leabhar nó dhó as Fraincis a cheannach agus a léamh le cabhair ón bhfoclóir. Níl foclóir Gaeilge insuite áfach ... ach is féidir ríomh-leabhair a cheannach ar-líne ó Litríocht.com anois.
Cheap mé go mbeadh na ríomh-leabhair i bhfad níos saoire ná gnáth-leabhair ach ní sin mar atá. Cheannaigh mé mo ríomh-leabhair ó Easons.com - b'fhéidir go bhfuil suíomheanna níos saoire ann. Is féidir ríomh-leabhair a fháil ar iasacht ó leabharlannaí freisin.
Tá míbhuntáiste amháin ag baint leis an ríomh-léitheoir - tá sé deacair an leabhar a thabhairt do dhuine eile nuair a tá sé léite agat.
Cad a cheapann sibh? An bhfuil direadh na leabhar páipéar ag teacht? Féach ar cé chomh tapaidh a sheangaigh éileamh ar cheamaraí scannáin ...



LinkBack URL
About LinkBacks
Reply With Quote