An mbeidh Éire aontaithe riamh arís?
Bhí mé ag smaoineamh ar seo le déanaí. De réir Peter Robinson, ceannaire an DUP, beidh stádas an Tuaiscirt mar chuid den Ríocht Aontaithe ag brath ar Chaitlicigh sula i bhfad. Cé go bhfuil móramh ag na hAontachtaithe faoi láthair, léiríonn na daonáirimh go mbeidh móramh Náisiúnach ann tar éis glúin nó dhó. Ach, ní hionnann móramh Náisiúnach agus móramh i reifreann athaontaithe. Bíonn roinnt daoine sásta leis an status quo i gcónaí. Má tá móramh i Stormont ag na páirtithe Náisiunacha agus Náisiúnaí mar Chéad-Aire sa rialtas, beidh stádas an Tuaiscirt cosúil leis an "Home Rule" a bhí an Páirtí Éireannach ag iarraidh ó 1870 go dtí an chéad cogadh domhanda. An mbeidh sciar an phobail náisiunigh atá sásta le féin-rialachas chomh mór sin go gcoimeádfar na Sé Chontae sa Ríocht Aontaithe?
Bhí reifreann sa Tuaiscirt sa bhliain 1973 a d'iarr ar mhuintir na sé chontae ar mhaith leo dul isteach i bPoblacht na hÉireann. Níor mhaith leo ag an am sin - bhí móramh mór in éadan an athaontaithe mar níor ghlac na náisiúnigh páirt sa reifreann. Anois tá na gunnaí briste agus glacann beagnach gach éinne sa Tuaisceart nach n-athrófar stádas na sé chontae ach tar éis reifreann ina roghnaíonn móramh na vótóirí dul isteach sa Phoblacht. Ach tá bac eile ann anois nach raibh ann sa bhliain 1973! De réir Socrú Aoine an Chéasta caithfear móramh sna 26 chontae glacadh le athaontú na tíre i reifreann freisin. Ceapaim féin gur rud amadach é seo - tá dualgas ar an bPoblacht glacadh le athaontú im thuairimse. Bhí cuma dhiúltach ar phobal na 26 chontae maidir le reifrinn le déanaí nach raibh ann nuair a síníodh an Conradh sa bhliain 1998. Cad a tharlódh má tá móramh i reifreann sa Tuaisceart i bhfábhar an athaontaothe agus móramh sa Deisceart in éadan an athaontaithe?
Nóta:
Toradh an reifrinn, 1973
Tá (Fan san Ríocht Aontaithe) 591,820
Níl (Aontú le Poblacht na hÉireann taobh amuigh den Ríocht Aontaithe) 6,463
Vótáil 58.1%.



LinkBack URL
About LinkBacks
Reply With Quote